CEO comhairle ag diúltú leithscéal a ghabháil faoi ráiteas a bhféadfadh ‘dochar’ a bheith déanta aige do cháil Chonradh na Gaeilge

Deirtear i dtuarascáil neamhspleách go ndearna Príomhfheidhmeannach Chomhairle Lár agus Oirthear Aontroma ráiteas míchruinn faoi Chonradh na Gaeilge agus gur chóir di leithscéal a ghabháil leis an eagraíocht teanga ag cruinniú den chomhairle

CEO comhairle ag diúltú leithscéal a ghabháil faoi ráiteas a bhféadfadh ‘dochar’ a bheith déanta aige do cháil Chonradh na Gaeilge

Rinne Príomhfheidhmeannach comhairle ó thuaidh ráiteas ‘místuama’ ‘míchruinn’ a bhféadfadh ‘dochar’ a bheith déanta aige do cháil Chonradh na Gaeilge – ach níl sí sásta leithscéal a ghabháil as.

Deirtear i dtuarascáil neamhspleách go ndearna Príomhfheidhmeannach Chomhairle Lár agus Oirthear Aontroma, Anne Donaghy, ráiteas míchruinn faoi Chonradh na Gaeilge agus gur chóir di leithscéal a ghabháil leis an eagraíocht teanga ag cruinniú den chomhairle.

Agus ceist faoi Sheachtain na Gaeilge á plé sa chomhairle mí Feabhra, dúirt an Príomhfheidmeannach go ndeachaigh sí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus gur shocraigh sí cruinniú leo ach nár tháinig siad ann.

Rinne Conradh na Gaeilge gearán oifigiúil faoin ráiteas seo agus cuireadh tús le fiosrú neamhspleách.

Tuairiscíodh san Irish News ar maidin gurbh é tátal an fhiosraithe sin ná go raibh ráiteas Donaghy míchruinn agus místuama, agus gurbh amhlaidh gur chuir an ráiteas an díospóireacht sa chomhairle as a riocht. Dúradh chomh maith go bhféadfadh gur chuir Donaghy an chomhairle ar strae trí thimpiste.

Moladh sa tuarascáil go léifeadh an Príomhfheidhmeannach ráiteas amach ag cruinniú poiblí de Chomhairle Lár agus Oirthear ag gabháil leithscéal leis an gComhairle agus le Conradh na Gaeilge.

Is cosúil, áfach, go bhfuil neamhaird á dhéanamh ag Anne Donaghy den mholadh sin. I litir a sheol sí go dtí Conradh na Gaeilge, dúirt sí nach raibh sé i gceist aici leithscéal a ghabháil go poiblí, in ainneoin go ndúradh sa tuairisc neamhspleách go raibh sé “réasúnta” go mbeadh an Conradh na Gaeilge ag súil lena leithéid.

D’admhaigh Donaghy sa litir a sheol sí go dtí Conradh na Gaeilge go bhféadfadh gur chuir sí an chomhairle ar strae trí thimpiste agus go ráineodh leis go ndearna sí dochar do cháil na heagraíochta teanga.

Ag cruinniú den chomhairle i mí Feabhra, dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh iarracht déanta acu maidir le hócáidí a eagrú do Sheachtain na Gaeilge, mar a mhol Conradh na Gaeilge.

“Ba mhaith liom a rá go bhfuil roinnt oibre déanta agam faoi seo. Tá mo dhícheall déanta agam agus chuaigh mé i dteagmháil le Conradh na Gaeilge agus bhí cruinniú ann agus shuigh mé síos ag an gcruinniú sin le beirt oifigeach ach níor tháinig siad.

“Anois, rinneamar teagmháil leo…agus d’iarr mé orthu teacht ar ais chugam agus níor tháinig siad ar ais chugam. Shocraigh mé an cruinniú agus b’in a tharla,” a dúirt Anne Donaghy, Príomhfheidhmeannach Chomhairle Lár agus Oirthear Aontroma.

Le linn an chruinnithe chéanna mí Feabhra, thacaigh baill na comhairle le moladh an chomhairleora de chuid an TUV Timothy Gaston nach ndéanfaí aon rud maidir le hócáid a eagrú do Sheachtain na Gaeilge ach go molfaí do Chonradh na Gaeilge cur isteach ar scéim deontais de chuid na comhairle.

Dúirt Gaston go raibh sé “náireach” nach raibh Conradh na Gaeilge “i láthair fiú” ag an gcruinniú.

Fág freagra ar 'CEO comhairle ag diúltú leithscéal a ghabháil faoi ráiteas a bhféadfadh ‘dochar’ a bheith déanta aige do cháil Chonradh na Gaeilge'

  • Murchadh

    Ba dheacair dom a shamhlú go ngabhfadh an bhean úd leithscéal faoi aon rud beo nó marbh.