Cén uair in ainm Dé a thabharfar dúshlán lucht na ngunnaí i SAM?

Ní mórán dóchais atá ag aon duine a bhreathnaíonn go fuarchúiseach ar an scéal go ndéanfar aon athrú suntasach ar dhlíthe a bhaineann le hiompar airm sna Stáit Aontaithe

Cén uair in ainm Dé a thabharfar dúshlán lucht na ngunnaí i SAM?

Cén uair in ainm Dé a dtabharfaidh muid dúshlán lucht na ngunnaí? Sin a bhí le rá ag Joe Biden tar éis an tsléachta in Uvalde sna Stáit Aontaithe, sléacht inar maraíodh 19 páiste agus beirt daoine fásta? Céard atá ar bun againn? an cheist a bhí ag an Seanadóir Chris Murray, ceist a chuir sé arís agus arís eile. Caithfidh muid gníomh a dhéanamh, a dúirt chuile dhuine a labhair go poiblí faoin uafás.

Faraor, ní mórán dóchais atá ag aon duine a bhreathnaíonn go fuarchúiseach ar an scéal seo go ndéanfar aon athrú suntasach ar dhlíthe a bhaineann le hiompar airm sna Stáit Aontaithe. Go deimhin, is gearr uainn cás sa gCúirt Uachtarach bunaithe ar éileamh as Stát Nua-Eabhrac go mbeadh cead gunnaí a iompar go hoscailte in áiteacha poiblí, rud a bhfuil cosc air i Nua-Eabhrac faoi láthair.

Ní haon fhadhb nua í seo sna Stáit Aontaithe ach is léargas an easpa dul chun cinn ar na deacrachtaí atá ag an tír faoi láthair. 27 d’eachtraí lámhaigh atá tarlaithe i scoileanna go dtí seo i mbliana. Deirtear chuile uair go dteastaíonn aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus ar fhadhb na ngunnaí. Tá cead de réir an bhunreachta airm a iompar – ceart a thagann anuas chugainn ó bhunú na tíre nua. Tá an Cumann Náisiúnta Raidhfilí (NRA) ag feidhmiú ó shin freisin. Bunaíodh an eagraíocht in 1871 ar mhaithe le lamhach nó caitheamh raidhfil a chur chun cinn agus a ghríosú ar bhonn eolaíochta. Tá an eagraíocht anois ar cheann de na forais is cumhachtaí sa tír agus tabharfaidh an deireadh seachtaine seo léargas eile dúinn ar an ngreim atá ag an NRA ar an gcóras polaitiúil thall. 

Bhí chuile Uachtarán ó aimsir Bill Clinton i dtús na nóchaidí sa gcéad seo caite ceaptha dul chun cinn a dhéanamh ar an ábhar seo, nó sin é a gealladh. Tá teipthe orthu ar fad agus de réir na dtuairiscí ar fad an tseachtain seo ní bheidh aon rath ar iarrachtaí na nDaonlathach sa Seanad vóta a ghairm ar rún a bhaineann le smacht a chur ar dhíol agus ceannach gunnaí.

Tá a gcomhdháil bhliantúil ag an NRA an deireadh seachtaine seo. I gcathair Houston in Texas, timpeall ceithre uair an chloig i gcarr as Uvalde, láthair an tsléachta, a bheidh an chomhdháil. I measc na gcainteoirí ansin ar an Aoine beidh an t-iarUachtarán Donald Trump, an Seanadóir Ted Cruz agus Gobharnóir Texas Greg Abbott. Cosantóirí aitheanta ar an gceart chun airm sa mbunreacht agus an tsaoirse sna Stáit Aontaithe.

Tá os cionn cúig mhilliún ball ag an eagraíocht agus níl inseacht ar an méid daoine a thacaíonn leo gan a bheith ina mbaill. Daoine iad seo atá ag tacú fós le Donald Trump agus a chreideann an chaint faoi róthionchar an rialtais agus lucht na cumhachta in Washington ar an saol. Daoine iad a chreideann go bhfuil a gcearta á séanadh orthu gach uile lá ag polaiteoirí gan rath. Daoine iad a thoghfaidh Donald Trump arís faoi cheann dhá bhliain má roghnaítear mar iarrthóir é. 

Dia á réiteach cé mhéad sléacht eile a bheidh déanta idir an dá linn? Sin í an cheist nach bhfuil freagra uirthi.

Fág freagra ar 'Cén uair in ainm Dé a thabharfar dúshlán lucht na ngunnaí i SAM?'