Cén uair a lasadh na chéad soilse tráchta in Éirinn?

Cothrom an lae inniu 101 bliain ó shin a lasadh an chéad solas tráchta ar domhan in Ohio agus tá an scéal á chomóradh inniu ag Google. Ach cén uair a tháinig na soilse tráchta go hÉirinn?

Méara Bhéal Feirste Sir Crawford McCullough agus an chéad solas tráchta sa chathair

lucht úsáidte Google dulta i dtaithí ar na Google Doodles a chrochann an t-ollchomhlacht ó am go chéile mar cheiliúradh ar eachtraí éagsúla.

1ú solas i BÁCInniu, táthar ag ceiliúradh thógáil an chéad solas leictreach tráchta ar domhan, a tharla 101 bliain ó shin go ham seo. Bhí soilse gáis in úsáid roimh 1914 i Sasana, ach theastaigh maor le hiad a athrú agus ba mhinic a phléascaidís.

Tógadh an chéad solas leictreach ar Sráid 105 agus Ascaill Euclid i gCleveland in Ohio ar 5 Lúnasa 1914. Ní raibh ann an tráth sin ach solas dearg agus solas uaine – níor cuimhníodh ar sholas ómra go ceann tamaillín ina dhiaidh. Go dtí sin, b’éigean do thiománaithe stopadh go tobann nuair a d’athraíodh na soilse ó uaine go dearg.

Níor tháinig soilse leictreacha tráchta go hÉirinn ar feadh breis agus deich mbliana ina dhiaidh sin. Ba i mBéal Feirste a tógadh an chéad chrann soilse ag deireadh na bhfichidí. Is í tuairim na Roinne Forbartha gur lasadh an chéad solas tráchta i lár na dtríochaidí.

“Lights were put in Belfast City centre in 1935. We think the location was Castle Place – Royal Ave but can’t be 100 per cent sure,” a dúirt urlabhraí de chuid na Roinne le Tuairisc.ie.

De réir tuairisce a foilsíodh san Irish Independent, áfach, bhí soilse tráchta ag “every important street junction in Belfast” faoi thús na bliana 1932.

Ceist mhaoinithe a chuir moill ar thógáil na soilse sa Saorstát. Ar deireadh, crochadh soilse ar an ngabhal bóthair ag Cearnóg Mhuirfean agus Sráid an Chláirínigh i mBaile Átha Cliath ar 28 Lúnasa 1937.

Roghnaíodh an suíomh sin mar ba “bhog” an gabhal é agus d’fhéadfadh tiománaithe agus coisithe dul i dtaithí ar an teicneolaíocht nua gan mórán contúirte. Tógadh soilse eile sna míonna ina dhiaidh sin ar shé ghabhal bóthair déag eile sa chathair.

Tuairiscíodh sa Churadh Connachtach nach raibh mórán trioblóide ag baint leis na soilse nuair a nochtadh den chéad uair iad ach go raibh “many motorists, cyclists and pedestrians at a loss as to the proper course of action”.

Chosnaigh na soilse tuairim is £1,100 le tógáil agus thart ar £458 10s in aghaidh na bliana. Ba bheag an t-airgead sin i gcomparáid leis an gcostas a bhain leis an trí scór Garda a bhí fostaithe sa chathair leis an trácht a stiúradh go dtí sin.

Dháiligh na Gardaí an bhileog seo ar thiománaithe agus coisithe araon san Ard-Chathair nuair a tógadh na soilse agus foilsíodh freisin é i ngach mórnuachtán sa tír.

Treoracha

Fág freagra ar 'Cén uair a lasadh na chéad soilse tráchta in Éirinn?'