Cén tuiscint atá ag an nglúin atá os cionn 50 ar chúrsaí tithíochta? Fíorbheagán…

Bhí deiseanna tithíochta, geilleagar nár thit as a chéile agus pláinéad nach raibh i gcontúirt ag an seandream nuair a bhíodar óg

Cén tuiscint atá ag an nglúin atá os cionn 50 ar chúrsaí tithíochta? Fíorbheagán…

Is deacair smaoineamh ar sheanfhocal atá chomh lochtach leis an gceann a deir, ‘Ní thagann ciall roimh aois.’

Tá brí na mbriathra soiléir, ach ní tearc samplaí an tsaoil a léiríonn a laige, go háirithe agus mórfhadhbanna ár ré á bplé.

Níor chuir an t-áireamh is déanaí ar phraghsanna réadmhaoin chónaithe a d’eisigh an Phríomh-Oifig Staidrimh Dé Céadaoin iontas ar mhórán. De réir an áirimh, bhí an meánphraghas a d’íoc ceannaitheoirí tithe nó árasán i mí na Nollag 14.4% níos airde ná mar a bhí siad bliain roimhe sin.

Léirigh na figiúirí freisin go bhfuil praghsanna ag teannadh leis an mbuaicphointe a shroich an margadh tithíochta in 2007, díreach sular thit an tóin as an margadh. Deimhneoidh ganntanas tithe chomh maith le srianta an Bhainc Cheannais ar iasachtaí nach dtarlóidh tubaiste den sórt céanna an babhta seo.

Faraor ní leigheasfaidh seachaint sean-ghéarchéime an ghéarchéim reatha atá ag dul in olcas i gcónaí.

Is mó agus is doimhne an ghéarchéim ná mar a léiríonn an praghas a íocann ceannaitheoirí ag lárphointe an mhargaidh ar fud an stáit (€280,000) agus i mBaile Átha Cliath (€405,500). Tá an ghéarchéim ag brú ar thionóntaí agus ar cheannaitheoirí araon, agus éadóchas agus strus as cuimse á chur ar mhórán.

Ar ndóigh dhúisigh na figiúirí tréan-argóint eile idir páirtithe an rialtais agus an freasúra. Is féidir talamh slán a dhéanamh de go leanfar leis an díospóireacht sin go dtí lá an olltoghcháin. Ach ní le hairí ná le Teachtaí Dála amháin a bhaineann sí.

Níl aon chosúlacht ar chur chuige an rialtais go gcuirfear tithíocht (a cheannófar nó a thógfar ar cíos) ar fáil ar phraghas réasúnta do na céadta míle duine idir seo agus an chéad olltoghchán eile. Níl aon chosúlacht ach oiread ar an gcur chuige atá á mholadh ag Sinn Féin go gcuirfear tithíocht ar fáil do mhórán ar feadh tamaill eile ina dhiaidh sin.

Is é bun agus barr an scéil mar sin nach bhfeicfear fuascailt iomlán ón ngéarchéim tithíochta go ceann cúig bliana ar a laghad. Beidh éacht déanta go deimhin má bhíonn leigheas iomlán curtha i bhfeidhm faoi cheann deich mbliana.

Ní athróidh an léargas gruama seo mura gcuirtear polasaithe i bhfeidhm a chuirfeadh srianta láidre ar úsáid, ar dhíol agus ar ligean réadmhaoine ar cíos.

D’fhéadfaí cuid den mhórathrú a theastaíonn a bhunú ar an tuairisc ar phraghsanna talún a chuir an breitheamh Kenny (nach maireann) faoi bhráid an rialtais i 1973 ach a ndearnadh neamhshuim di ó shin. Bheadh cuid eile ag brath ar leasú a dhéanamh ar chearta maoine sa Bhunreacht.

Oireann an focal ‘réabhlóideach’ don chineál cur chuige a theastaíonn chun fóirithint ar dhaoine nach bhfuil aon dóchas acu faoi láthair go gcuirfear dídean (seachas dídean in éineacht lena dtuismitheoirí) ar fáil dóibh. Níl seans dá laghad ann go gcuirfear áit chónaithe ar fáil dóibh gan leas a bhaint as tithe agus árasáin atá tógtha agus atá folamh faoi láthair.

D’fhéadfaí colún a scríobh nó óráid Dála a thabhairt faoin bhfáth nach bhfuil cur chuige mar seo praiticiúil ná ciallmhar. Ach ba chóir do dhaoine atá os cionn caoga bliain d’aois agus cónaí orthu ina dtithe féin (an scríbhneoir seo ina measc) a bheith aireach nó tostach scaití agus iad ag beartú comhairle do dhaoine níos óige. Féach an dá nod don eolach atá in íochtar an cholúin thíos.

Bhí deiseanna tithíochta, geilleagar nár thit as a chéile agus pláinéad nach raibh i gcontúirt ag an seandream nuair a bhíodar óg. B’fhearr gan leigheas ar bith a chur as an áireamh anois ar fhadhb nach léir a réiteach fós.

B’fhéidir nach dtagann ciall roimh aois, ach is léir rómhinic nach dtagann ciall le haois ach oiread.

NOD DON EOLACH: Tá Fianna Fáil agus Sinn Féin cosúil lena chéile ar dhóigh amháin ar a laghad. Tá thart ar a leath d’ionadaithe an dá pháirtí i nDáil Éireann (ocht dTeachta dhéag acu araon) os cionn caoga bliain d’aois.

NOD EILE DON EOLACH: Tá 72 Teachta i nDáil Éireann (45 faoin gcéad den bhallraíocht iomlán) atá os cionn caoga bliain d’aois.

Fág freagra ar 'Cén tuiscint atá ag an nglúin atá os cionn 50 ar chúrsaí tithíochta? Fíorbheagán…'

  • Síle

    Tá géarchéim tithíochta ann, agus tá daoine os cionn 50 bliain d’aois ag fulaingt dá bharr freisin, daoine nach bhfuil a dtithe féin acu agus nach mbeidh in ann cíos a íoc nuair a bheidh siad ag brath ar phinsin. Ní dóigh liom go gcuidíonn sé le daoine óga agus iriseoirí de shíor á rá leo go bhfuil an saol níos deacra anois ná mar a bhí riamh, rud nach bhfuil fíor! Céard faoin cúlú eacnamaíochta sna 80di nuair a bhí ar na céadta míle dul ar imirce? Bíonn deacrachtaí ag gach glúin agus iad ag tosú amach. Tuigeann daoine aosta é sin go maith agus tá siad ag cur brú ar na polaiteoirí. Ar scáth a chéile a mhairimid.