Cén tosaíocht atá againn, sláinte ár bpáistí nó trealamh cogaidh?

In ionad an neodracht a chaitheamh uainn ba chóir dúinn leas a bhaint aisti, mar a bhain Frank Aiken, nuair a bhrúigh sé ar aghaidh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach

Cén tosaíocht atá againn, sláinte ár bpáistí nó trealamh cogaidh?

Bhrisfeadh sé do chroí a bheith ag éisteacht leis an nuacht agus le scéal na bpáistí atá ag fanacht le dul faoi scian agus iad ag fulaingt le spina bifida.

Ach ghoill sé níos mó orm go raibh scéal ann roimhe faoin riachtanas – mar dhea – go gcaithfeadh muid níos mó airgid ar chúrsaí míleata agus sinn ag ceannach trealaimh a chuirfeadh ár gcuid Fórsaí Cosanta in oiriúint do NATO.

Cén tosaíochtaí atá againn ó thaobh caiteachais de? Agus an é sin an cineál tosaíochta a theastaíonn ó mhuintir na hÉireann?

Sea, tá os cionn 650 páiste nach féidir dáta a thabhairt dóibh faoi cathain a gheobhaidh siad an obráid atá ag teastáil uathu, agus tá 56 de na páistí sin ag fulaingt le spina bifida.

Thug mé faoi deara freisin sa gclár nuachta céanna go raibh an tagairt do chuimhneachán Dhomhnach na Fola i nDoire sa tríú háit i ndiaidh na bolscaireachta ar son NATO.

Tá leas gan náire á bhaint ag lucht molta NATO as cleachtaí chabhlach na Rúise 200 ciliméadar amach ó chósta na hÉireann, agus iad ag iarraidh brú a chothú le go gcaithfí tuilleadh airgid ar chúrsaí míleata agus go gcuirfí deireadh le polasaí oifigiúil na neodrachta.

Ar ndóigh, ní dhéantar aon ghearán faoi chleachtaí den chineál céanna a bhíonn ar siúl ag cabhlaigh NATO, agus iad i bhfad níos gaire dár gcósta.

Phléigh mé an scéal seo i Tuairisc.ie le cúpla seachtain anuas, agus ní gá dom athinsint a dhéanamh ar an argóint atá déanta agam, ach amháin a rá nach aon bhaol dúinne an Rúis ar an gcéad dul síos agus nach fiú ar aon nós caiteachas mór a dhéanamh ar threalamh cosanta, mar atá léirithe ag cás na hIaráice is cásanna eile.

Ach ní gá dúinn aon leithscéal a ghabháil faoin neodracht.  Ní rud diúltach é, mar a bhíonn á rá acu lena mbréag-ghearán go bhfuil muid ag ligint do dhaoine eile muid a chosaint.  A mhalairt, is rud dearfach í an neodracht, mar tá sí bunaithe – sa gciall is fearr – ar an tuiscint gur chóir don chine daonna gach iarracht a dhéanamh cogaíocht a sheachaint.

Céim ar son na síochána í an neodracht.

Go deimhin d’éirigh linn suíochán a fháil ar Choiste Slándála na Náisiún Aontaithe mar gheall ar an tuiscint (nó an mhíthuiscint) gur stát neodrach muid nach bhfuil gafa ag scéiméireacht is comhchealga na stát mór.

In ionad, mar sin, an neodracht a chaitheamh uainn ba chóir dúinn leas a bhaint aisti, mar a bhain Frank Aiken, nuair a bhrúigh sé ar aghaidh an Conradh in aghaidh Iomadú Núicléach.

Ba chóir dúinn tógáil ar ár dtuiscint ar an gcoilíneachas le fanacht as na coimhlintí idir na stáit mhóra, agus a bheith ar fáil dá réir le cabhrú le stáit síocháin is slándáil a chinntiú dóibhsean is dá gcomharsana.

Labhair Ambasadóir na hÉireann go dtí na Náisiúin Aontaithe, Geraldine Byrne Nason, go paiseanta faoi cheart na hÚcráine a roghanna féin a dhéanamh maidir lena caidreamh le stáit eile.

Tá go maith, ach nach trua nár labhair sí riamh, faoi dhroch-chás ár gcomhnáisiúnach ó thuaidh, agus nach trua nár bhac sí le hiarracht ar bith a dhéanamh le réiteach a fháil ar imní réasúnach na Rúiseach faoina gcuid slándála féin agus iad timpeallaithe ag ionaid mhíleata NATO.

Níl aon ionaid mhíleata ag an Rúis taobh amuigh den tír ach amháin sa tSiria, áit a bhfuil siad ar chuireadh ó rialtas na tíre sin atá faoi ionsaí ón Iarthar.

Tá ionaid mhíleata ag na Stáit Aontaithe ar fud an domhain, agus leas á bhaint acu freisin as áiseanna i stáit eile, ar nós aerfort na Sionainne s’againne atá in úsáid ag Arm Mheiriceá.

Ceist agam mar sin: go fírinneach cé atá ag bagairt ar cé?  An dream a bhfuil fórsaí míleata is conarthaí míleata acu ar fud an domhain, nó an dream nach bhfuil?

Ach céard faoi na fórsaí Rúiseacha ar an teorainn leis an Úcráin?  Bhuel tá na fórsaí sin taobh istigh den Rúis ar theorainn na Rúise ag léiriú dá naimhde go bhfuil cumas cosanta fiúntach acu. Agus tá sé ráite is athráite acu nach bhfuil aon phlean acu ionradh a dhéanamh ar an Úcráin, ach tá an tIarthar ag caint faoi ionradh le mí anuas, is tá siad fós ag caint faoi.

Cinnte beidh tuairimi éagsúla againn maidir leis na stáit atá i gceist, ach más í an tsíocháin ar fud an domhain atá muid ag iarraidh a chur chun cinn, nach léir gur mó an tionchar atá againn mar stát neodrach ná mar stát a bheadh gafa ag ceann de na conarthaí cogaidh seo?

Agus más cóir níos mó airgid a chaitheamh sa Roinn Cosanta, is le haghaidh feabhas a chur ar thuarastail is coinníollacha oibre na saighdiúirí ba chóir é a chaitheamh.

Ní cóir dúinn aon trealamh costasach a fháil, ach ba chóir an t-airgead sin a chaitheamh san áit a bhfuil sé ag teastáil – córas sláinte dár bpáistí is na seirbhísí cabhrach eile is cóir don stát a chur ar fáil dúinn go léir.

B’fhéidir, ansin, nach mbeidh sé riachtanach do pháiste óg a bheith ag gol ar an teilifís mar gheall ar an easpa dóchais atá ag goilliúint uirthi.

Fág freagra ar 'Cén tosaíocht atá againn, sláinte ár bpáistí nó trealamh cogaidh?'

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Nach íontach mar a chreideann Eoin gach a ndeireann Putin maidir leis an Úcráin?

  • Conchubhar Ó Briain

    Nach diabhalta an mhac é Putin agus na deich gcinn de hionaid mhíleata thar lear aige …sin ag teacht i bhfad róchóngarach don 800 atá ag SAM.

  • Bernard Young

    Níl muid neodránach, taimid ag braith ar an Breatain agus SAM chun ár muir agus aer a chosaint, ní íocimid at cor ar bith, níl muid neodránach ach freeloaders ag braith ar an Breatain agus SAM do postanna agus ár chosaint.

  • Conchuhbar Ó Briain

    “Freeloaders” – ni dóigh liom é. Nach bhfuil cabhair as cuimse tugtha againm in Aefort na Sionnaine d’iarrachtaí uaisle SAM an “daonlathas” a scaipeadh ar fud an domhain.

  • Pádraig O'hEipicín

    Cad faoi an t-airgead atá caithe ar an ghinmhilleadh.
    Na cóir é a g-caitheamh ar na b-páiste atá bróite. ???.