Cén t-údar atá le neamhshuim náisiúnaithe – cruacheisteanna don SDLP agus do Shinn Féin

Tá go leor ceisteanna iarthoghcháin le freagairt ag lucht Stormont agus go háirithe ag na páirtithe náisiúnacha

NI Torthaí

Tá a mbreithiúnas tugtha ag vótóirí Thuaisceart Éireann nó ag beagán le cois duine as gach beirt acu. Murab ionann agus vótóirí an deiscirt bhí a dteachtaireacht soiléir. D’ainneoin na soiléire sin nó dá barr, seans, tá ceisteanna móra múscailte. Tá scrúdú le déanamh ag gach páirtí cé is moite den DUP ar a gcur chuige agus tá ceisteanna faoin bhfiontar i Stormont.

Údar caithréime d’Arlene Foster go pearsanta agus dá páirtí ab ea an toradh. Gan dabht ’sé DUP an lae inniu páirtí Arlene – mar a dúirt ceannlíne an Newsletter, an nuachtán aontachtach maidin De Sathairn ‘Arlene’s party now’. Fuair siad os cionn dhá chéad míle vóta chéad rogha 202,567; b’in méadú 4,000 vóta cé go raibh titim bheag (0.8%) ar a gcéatadán.

Buaiteoirí móra ab ea Pobal Roimh Bhrabach chomh maith. Mar a bhí á thuar le tamall bhí lá dá shaol ag Gerry Carroll don pháirtí sin in iarthar Bhéal Feirste. Ní hamháin gur éirigh leis níos mó ná 20% den vóta a fháil i ndúnáras Shinn Féin ach bhain sé suíochán den pháirtí sin. Anuas air sin bhain a chomhghleacaí, an feachtasóir síor-óigeanta Éamonn McCann an dara suíochán do Phobal Roimh Bhrabach i nDoire mar ar bhain sé suíochán den SDLP. Ní bheidh Stormont mar a chéile!

D’éirigh leis an gComhaontas Glas a gcuid a dhúbailt – choinnigh ceannaire an pháirtí, Stephen Agnew a shuíochán san Dún Thuaidh agus d’éirigh lena leascheannaire Claire Bailey suíochán a bhaint den SDLP i mBéal Feirste Theas.

Ba é an SDLP an caillteoir mór i measc na bpáirtithe ó thaobh suíochán ach bhí an titim ar chéatadán Shinn Féin  (-2.9%) níos mó ná titim an SDLP (-2.2%). Bhí an SDLP ag súil go gcuirfeadh a gceannaire óg nua Colum Eastwood brí agus gus ina lucht leanúna ach lean an meath. D’ainneoin méadú ar líon na dtoghthóirí cláraithe, thit vóta an SDLP 11,000 arís. Tá na hionadaithe athraithe – athnuaite a déarfadh siad, a bhformhór i bhfad níos óige ná bunáite theachtaí Shinn Féin, céile comhraic an SDLP.

Caithfidh an SDLP scrúdú a dhéanamh arís eile faoi céard le haghaidh iad. Ní leor iad a bheith in aghaidh rudaí agus ní leor nach ionann iad agus Sinn Féin. Bhain an Comhaontas Glas suíochán díobh i gceantar liobrálach dheisceart Bhéal Feirste, le hiarrthóir atá i bhfabhar rogha a bheith ag bean, murab ionann agus an té a chaill, leascheannaire an SDLP, Fearghal McKinney a bhí glórach in aghaidh an ghinmhillte, fiú i gcás féatais neamh-inmharthana. I nDoire is ó Éamonn McCann, ón eite chlé a tháinig an buille. Chomh maith leis an mbagairt ar bhonn polasaí ó mhionpháirtithe, ní mór do Colum Eastwood agus a fhoireann dianscrúdú a dhéanamh ar cheantair ar nós iarthar Thír Eoghain mar a raibh cogadh cathartha acu agus ar an taobh dearfach, breathnú ar Fhear Manach/Tír Eoghain Theas mar ar bhuaigh Richie McPhillips suíochán dóibh de bharr an phraiseach a rinne Sinn Féin. Caithfidh an SDLP foghlaim conas buanna den sórt sin a bhuanú.

Tá athbhreithniú le déanamh ag Sinn Féin chomh maith. Theip ar a straitéis in iarthar Bhéal Feirste agus rith siad an iomarca iarrthóirí i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas. Ní hamháin sin ach ba shaothar in aisce é Martin McGuinness a aistriú as Lár Uladh go Feabhal; choinnigh siad an dá shuíochán ach thóg McGuinness áit Mhaeve McLaughlin. Buille síceolaíochta agus buille siombalach é sin, fiú amháin do pháirtí nach ngreamaíonn an mí-ádh de.

Is ón eite chlé a tháinig an brú ar Shinn Féin agus SDLP – ó Phobal Roimh Bhrabach. An mbogfaidh Sinn Féin ar chlé chun a dhul i ngleic leis sin? Má dhéanann an gcaillfidh siad cuid dá dtacaíocht ar an eite eile?

Tá díomá ar an UUP, é admhaithe ag Mike Nesbitt nár éirigh chomh maith leis agus ba mhian leis. Ní raibh a theachtaireacht soiléir. An raibh sé liobrálach nó nach raibh? Fearacht SDLP, an raibh siad ag dul sa bhFeidhmeannas nó sa bhfreasúra?

Ba chosúil gurbh iad na náisiúnaithe ba mhó a bhí míshásta nó ar nós cuma liom faoi Stormont. Cothaíonn sé sin ceisteanna do gach dream sa Tionól. Mura mbaineann Stormont le saol na ndaoine, cén seans atá aige? Caithfidh siad a dhul i ngleic leis sin sa téarma romhainn. Ní tráth é le maidí na cumhachta díláraithe a ligean le sruth.

Fág freagra ar 'Cén t-údar atá le neamhshuim náisiúnaithe – cruacheisteanna don SDLP agus do Shinn Féin'

  • Séamas

    Ní fheiceann mórchuid an phobail go bhfuil an oiread tábhachta le Stormont, agus dá bharr sin tá suim sa tionól, agus líon na ndaoine atá ag vótáil, ag titim dá réir. Tá sé seo le feiceáil i measc an phobail náisiúnaigh ach go háirithe.

    Chomh maith leis sin, áfach, is poblachtánaigh agus náisiúnaigh a vótáil an PBP isteach i mBF agus i nDoire, agus is féidir bheith measartha cinnte gur náisiúnaigh iad formhór na ndaoine a thug vóta don Pháirtí Glas i ndeisceart BF.

    San fhianaise sin, seans gur thit vóta SF agus SDLP, ach ní ionann é sin go díreach is a rá gur thit an vóta ‘náisiúnach’. Thit an vóta don dá pháirtí traidisiúnta a sheasann ar son na náisiúnach ó thuaidh ach tá daoine a deir gur Éireannaigh / poblachtaigh / náisiúnaigh iad ag vótáil le haghaidh cúpla páirtí eile anois chomh maith.

  • Bearnaí Ó Doibhlin

    Bhuaigh na ceithre pháirtí ‘tráidisiúnta’ corradh is 90% de na suíocháin, toradh a chiallaíonn nach bhfuil i gceist le rath Phobal Roimh Bhrabach agus na Glasaigh ach mion-athrú ar chúrsaí suaracha polaitíochta an Tuaiscirt, faraor.