Cén t-iontas go mbeadh na gasúir bréan de bheith ag éisteacht liom?

Éiríonn ár gcolúnaí tuirseach de bheith ag éisteacht léi féin ag rá na rudaí céanna arís is arís is arís eile. Cén seans atá ag na gasúir?

Cén t-iontas go mbeadh na gasúir bréan de bheith ag éisteacht liom?

‘Sin é!’ a d’fhógair mé go mífhoighdeach, ‘tá sé THAR AM na soilse a chur as agus dul a chodladh!’

‘Ach cén fáth?’ a d’fhiafraigh Beainín na Naíonáin Bheaga díom agus an chuma uirthi gur chuir m’fhógra iontas uirthi. Má bhí aon amhras orm roimhe sin go bhfuil siad stoptha ag éisteacht liom, mhaolaigh an t-amhras ag an nóiméad sin.

‘Cén fáth?’ a d’fhiafraigh mé agus mé ar tí spréachadh. Bhí sé ag dul ar a haon déag san oíche agus bhí an fhoighid ag éirí gann.

Ní chuirfinn aon mhilleán orthu gan a bheith ag éisteacht liom níos mó le bheith ionraic faoi. Leath den am, ní bhíonn mé ach ag imeacht thart ag cantaireacht, ag cantaireacht, ag cantaireacht.

Éirigí! Éirigí!

Oscail amach na fuinneogaí, fuinneogaí, fuinneogaí.

Éirigí! Éirigí! Éirigí!

Tá sé in am éirí!

Bricfeasta, bricfeasta, bricfeasta.

Fiacla, fiacla, fiacla, glan na fiacla.

’Bhfuil d’éadan glan, an bhfuil d’éadan glan, an bhfuil d’éadan glan?’

‘Ar chíor tú do ghruaig? Do ghruaig, do ghruaig do ghruaig?

An bhfuil do ghruaig cíortha agat,

Cá’l na bróga, na bróga na bróga,

Ó a Thiarna, cá’l na bróga….’

Cén t-iontas go mbeadh na gasúir bréan de bheith ag éisteacht liom?

Scaití feictear dom go n-éiríonn an tuismitheoir tuirseach de bheith ag éisteacht léi féin ag rá na rudaí céanna arís is arís is arís eile. Meas tú ar cheart dom éirí as na horduithe uilig agus é a fhágáil acu? B’fhéidir gur cheart dom.

An oíche cheana, thug mé rud éicint faoi deara i lár an aicsin a thug orm stopadh den chaint. Bhí rolla scragall stáin oscailte amach ar fud an tseomra aici agus í ag iarraidh taobh amháin de a cheangal thart ar chloigeann Winnie-the-Pooh. Bhí an taobh eile de scaoilte amach ina mhaidhm fhada alúmanaim.

‘Cén chaoi a bhfuair tú an tinfoil?’ a d’fhiafraigh mé di, agus mearbhall orm ó bíonn sé coinnithe thuas ard agam sa bpreas os cionn an tsoirn. Bhreathnaigh sí orm ar feadh meandair agus ba léir go raibh sí den tuairim go raibh easpa tuisceana éicint orm nach raibh aon réiteach air.

‘Chuaigh mé suas ar an gcooker is bhain mé amach as an bpreas é?a dúirt sí. Níor dhúirt sí ‘céard eile a dhéanfadh mé?’ ach thuig mé gurb in a bhí i gceist aici.

‘Cén uair a rinne tú é sin?’ a d’fhiafraigh mé di agus é socraithe agam go gcaithfinn stopadh ag stóráil rudaí sa bpreas os cionn an tsoirn ar mhaithe le cúrsaí sláinte agus sábháilteachta.

‘Níl a fhios a’m,’ a d’fhreagair sí go ciallmhar.  

‘Tá Winnie-the-Pooh ag dul go dtí an ghealach is tá éadaí speisialta uaidh,’ a mhínigh sí dom agus í ag iarraidh aird a tharraingt ó cheist an scrogaill stáin.

‘Ók,’ a dúirt mé, ‘oíche mhaith’.

Is mhúch mé an solas.

Fág freagra ar 'Cén t-iontas go mbeadh na gasúir bréan de bheith ag éisteacht liom?'