Ag an regatta i nDún a nGall cúpla bliain ó shin a bhí mé nuair a fuaireas an glaoch. Go luath ar maidin a bhuail an fón póca.
Bhí duine ar m’aithne buailte tinn go tobann. Ach bhíodar thar sáile agus i bponc. Ní raibh a fhios ag an té a ghlaoigh orm céard ba cheart dóibh a dhéanamh. Tháinig an t-otharcharr agus tugadh an duine tinn ag an ospidéal.
Ag an am bhí mé ag fanacht i Leaba agus Bricfeasta agus ag roinnt seomra le cara liom as an gclub bádóireachta. D’oscail sí súil amháin agus d’fhiafraigh díom céard a bhí ag cur as dom.
‘Tada domsa,’ a dúirt mé, ‘ach tá cás éigeandála tar éis tarlú thar lear agus glaoch práinne faighte agam.’
D’oscail mo mhéit an tsúil eile sula ndeachaigh sí faoin gcuilt an dara huair. ‘Abair leis an duine sin an scéal a chur in iúl don chomhlacht árachais sláinte atá acu,’ a dúirt sí. Chuimhnigh mé go raibh mo leathbhádóir ag obair i gcomhlacht bróicéireachta árachais a dearthár i mBaile Átha Cliath. D’imigh sí faoi gcuilt arís.
Ach d’éirigh sí aníos le meabhrú dom gur dhúirt sí ‘comhlacht árachais sláinte’ agus nach raibh sí ag tagairt don ‘chomhlacht árachais taistil.’
Ní haon iontas é go mbíonn mearbhall ar dhaoine agus an oiread sin bealaí le tinneas a chlúdach agus tú ag taisteal thar lear. Cuimhníonn muid ar fad ar an gcárta ‘EHIC’ -cárta Árachas Sláinte Eorpach agus bímid an-chúramach faoina thabhairt linn agus muid ar cuairt ar thír ar bith san Aontas Eorpach.
Ach cloisim nach mar a chéile a oibríonn sé i ngach tír. Bhí sé agam féin roinnt blianta ó shin agus mé tinn go maith sular tháinig an víreas Covid-19 ar an saol – sa Spáinn a bhí mé faoi Nollaig.
Ar aon nós chabhraigh an cárta go pointe, agus mé ag iarraidh coinne leis an dochtúir sa gclinic áitiúil. Ach ar ndóigh, rinne mé dearmad nach dtabharfadh an cárta seirbhís athghuthaithe dom agus bhí mé ag brath rómhór ar na cúpla nath cainte a bhí meabhraithe agam ón rang Spáinnise. Agus nílim cinnte fós nach chun donais a d’imigh mé i ndiaidh an chóir leighis a thug sé dhom a ghlacadh.
Uair amháin eile agus an cárta in mo ghlaic, chuaigh mé ar thóir cúnamh leighis, nuair a bhuail taom mígréine an duine a bhí in mo theannta.
Rinne muid turas na gclinicí agus na gcógaslann sa Róimh go dtí ar deireadh gur seoladh muid go dtí clinic speisialta i gcomhair turasóirí. Aon Phanadol amháin a thug an dochtúir don duine a raibh a cloigeann ag pléascadh faoin am sin.
Tháinig na cuimhní sin ar fad ar ais chugam nuair a chuala mé scéal an tseachtain seo a bhain le tinneas thar lear.
Lánúin amach sna blianta a bhí go maith as a d’inis an scéal. Ní rabhadar san Aontas Eorpach nuair a tharla an timpiste, ach bhí árachas maith sláinte chomh maith le árachas taistil acu beirt.
Tugadh an té a bhí gortaithe chuig an ospidéal ba ghaire dóibh. Cuireadh chuile chóir leighis ar an duine sin, ó obráid go dtí seisiúin fisiteiripe.
Rinne an t-ospidéal an-soiléir é nach mbeadh gnó ar bith acu le polasaí árachais. Bheidís ag iarraidh airgead tirim nuair a bheadh an t-othar á scaoileadh abhaile. D’fhéadfaidís an t-airgead a éileamh ar ais nuair a ghabhfaidís abhaile, dúradh leo.
Ón uair a tháinig sé sin chun solais go dtí an uair ar scaoileadh amach an duine a gortaíodh, bhí mo chairde ar a mbionda ag iarraidh teacht ar an airgead sa mbanc ar bhealach go bhféadfaidís é a íoc leis an ospidéal.
Níor chuidigh sé go raibh siad ag iarraidh teacht ar dhuine beo sa mbanc i mBaile Átha Cliath a chabhródh leo ar an bhfón. Thit lá saoire bainc i lár a gcuid iarrachtaí agus chuir sé sin moill eile ar a gcuid idirbheartaíochtaí.
Bhí ar a laghad beirt neachtanna agus fear céile duine acu ar an ríomhaire agus ar an bhfón ag cabhrú leo.
Agus é sin ar fad ar siúl, bhíodar ag déanamh socruithe i gcomhair eitiltí nua abhaile, ar eitleán a thógfadh leaba agus fearaistí eile leighis. Bhí duine cabhrach de dhíth orthu don turas freisin agus chuaigh an duine sin chomh fada le haerfort Bhaile Átha Cliath leo. Ag an bpointe sin, tháinig duine chucu ó sheirbhís cabhrach in Éirinn.
Ní ghlacfadh aon duine leis an gclúdach árachais. Bhí an t-airgead tirim le n-íoc agus d’fhéadfaidís é a éileamh ar ais ón árachas nuair a bheadh an ‘eachtra’ thart go hiomlán.
Le cabhair na ngaolta, d’éirigh leo an bille ospidéil a íoc agus iad €4,000 gann ar deireadh. B’éigean dóibh a impí ar an ospidéal fanacht go mbeidís ar ais ag baile agus go n-íocfaidís an fuílleach ar deireadh. Agus an bille in iomláine? €36,000.
Agus céard a tharla de toradh na comhairle a thug mo chara i dtús an scéil seo?
Chomh luath agus a cuireadh an comhlacht árachais sláinte ar an eolas, tháinig siad i gcabhair agus rinne siad cinnte de go bhfaigheadh an duine a buaileadh tinn, chuile chabhair agus an chóir leighis ab fhearr a bhí ar fáil.
Ina dhiaidh, luaigh siad an teagmháil a rinneadh leo an chéad lá agus ghlac siad buíochas gur cuireadh fios orthu sula ndeachaigh aon duine ar aghaidh le socruithe de chineál ar bith eile. Bhí an comhlacht árachais sláinte ag iarraidh a bheith freagrach as chuile rud a bhain leis an gcóir leighis.
Tharla an eachtra sin san Aontas Eorpach. Tharla an eachtra eile a raibh an bille mór airgid tirim ag baint leis, taobh amuigh de.
Sular chuala mise an scéal sin, cheap mé i gcónaí gurb é an polasaí árachais taistil, a thabharfadh aire do chuile riachtanas sláinte. Ach cruthaíonn na scéalta sin gur chóir a bheith san airdeall – ag brath ar an tír ina mbeidh tú ag taisteal. Agus más turas i bhfad i gcéin atá beartaithe agat, déan cinnte de go bhfuil airgead sa mbanc agat, gur féidir teacht air go héasca in am na práinne.
Fág freagra ar 'Cén t-árachas is fearr d’éigeandáil thar sáile?'