‘Cén sórt ‘time’ a bhí agaibh thall?’ Dhorchaigh a éadan…

Léiriú i mbaile beag Concord ar scoilt Stáit Aontaithe Mheiriceá

‘Cén sórt ‘time’ a bhí agaibh thall?’ Dhorchaigh a éadan…

Bhí an Comhairleoir Cathrach a chastar orainn go minic ag an ionad snámha ar iarraidh ansin le cúpla seachtain anuas.

Ach tháinig sé arís an lá cheana agus tuáille faoina ascaill aige. Fuaireamar amach gur ar cuairt ar Mheiriceá a bhí sé – tá mac leis pósta agus socraithe síos thall i gCalifornia. Bhíomar ag súil le scéalta lán le spraoi, le himeachtaí sóisialta, le radharcanna breátha agus le dea-aimsir uaidh.

Nach é California ‘Stát na nAislingí,’ an stát is mó a fheicimid sna scannáin, an stát is túisce a gcuimhnímid air agus muid ag díriú ár n-aird ar shaoirse agus ar dhaonlathas?

Is i mbaile darb ainm Concord, tríocha míle soir ó Chuan San Francisco, atá a mhac is a chlann ina gcónaí. Tá thart ar 100,000 duine ag cur fúthu ansin.

‘Cén sórt ‘time’ a bhí agaibh thall?’ a d’fhiafraigh muid agus muid ar bís leis na scéalta a chloisteáil.

Dhorchaigh a éadan.

Bhí an t-am a chaith sé lena chlann an-taitneamhach, go háirithe an t-am leis an ngarchlann nach bhfaca sé féin ná a bhean le tamall fada.

‘Ach an chuimhne is láidre atá agam,’ a dúirt sé, ‘ná na radharcanna de shráideanna loma, gan aon duine amuigh ag spaisteoireacht, na cairr chábla ag dul thart agus gan aon phaisinéirí orthu, na daoine faoi thionchar drugaí, na daoine gan dídean ina gcodladh ar na sráideanna.’

Chuir sé i gcomparáid é leis an gcathair a bhí feicthe aige cheana agus í lán le turasóirí, na cairr cháblaí plódaithe agus daoine ag crochadh amach astu, daoine chuile áit ar shráideanna San Francisco agus chinn sé air na cosúlachtaí a fheiceáil.

Glacann sé leis go mbíonn áiteacha nó ‘bailte’ ar leith ann nach dtéann an ‘gnáth-thurasóir’ isteach iontu. ‘Is ‘no-go area’ é an áit a dtugtar ‘Tenderloin’ air,’ ar seisean liom.  ‘Ach tá an chosúlacht ar an scéal anois go bhfuil sé sin leathnaithe amach go háiteacha eile ar fud na cathrach.’

Chuaigh sé rite leis an scéal a thuiscint. Shíl sé agus é ag dul anonn, go raibh an nimh imithe as scéal na paindéime – nach raibh seisean is a bhean ann ar cuairt? Ach ar bhealach éigin, ní raibh an chosúlacht ar an scéal go raibh na turasóirí fillte ar an gcathair seo, a bhfuil an turasóireacht ina cnámh droma eacnamaíochta ann.

D’inis a mhac dó go bhfuil go leor de na siopaí móra thart ar Chearnóg an Aontais, dúnta go hiomlán. Ní chuirfeadh sé sin agus na droch-íomhánna eile mórán fonn ar chuairteoirí siúl thart ann.

‘B’fhacthas dom nach bhfuil mórán áiteacha mar sin i mBaile Átha Cliath,‘ a dúirt an Comhairleoir liom. ‘Corráit anseo is ansiúd, b’fhéidir.’ Ach thuig sé go bhfuil San Francisco lán le háiteacha anois nár mhaith leat go gclisfeadh do charr iontu.

Luaigh sé an ‘éigeandáil opioid’ mar chúis le go leor de na fadhbanna ar an tsráid. Seans nach raibh an fhadhb sin chomh feiceálach nuair a bhí an turasóireacht faoi lán seoil agus beocht ar na sráideanna ó mhaidin go hoíche.

Agus is léir ó na tuairiscí ar fad atá ag teacht ó Mheiriceá nach bhfuil an ceann is fearr á fháil ag na húdaráis ansin ar an víreas CoVid. Tá cuid mhór daoine ansin a chreideann na bréagscéalta ar líne, nach dtógfaidh an vacsaín, agus a bhriseann na rialacha go fonnmhar ag ceapadh go bhfuil siad ag troid in aghaidh an Stáit.

Seo an comhartha is láidre agus is feiceálaí den easaontas atá chomh láidir sin anois i measc phobal Stáit Aontaithe Mheiriceá. Agus taobh thiar de sin ar fad freisin, tá an t-easaontas polaitiúil. Bhí dhá thaobh i gcónaí sar an saol polaitiúil i Meiriceá. Ach ar a laghad ar bith, d’fhéadfadh duine cúrsaí reatha agus polaitíochta a phlé go réasúnach.

Ní hamhlaidh atá an scéal anois. Go dtí gur labhair mé le mo chara thíos ag an bhfarraige ar an gCarraig Dhubh, níor chuala mé an fhianaise amach as béal duine a chonaic é.

‘Tá an daonlathas, mar a bhíodh i Meiriceá á chreimeadh i gcónaí ag oidhreacht Donald Trump,’ a dúirt sé. ‘Is Stát a bhfuil móramh ann ag na Daonlathaigh é California,’ a dúirt sé, ‘ach ní féidir cúrsaí polaitíochta a phlé ann.’

Mhol a mhac dó gan tada a rá amach os ard faoi Donald Trump.

‘Nach uafásach an scéal é sin?’ arsa seisean, ‘nach féidir leat díospóireacht nó fiú amháin comhrá sibhialta a bheith agat faoi na cúrsaí sin sa Stát is mó a raibh cáil na sibhialtachta air.’

Ní raibh sé i bhfad sa mbaile gur tháinig an scéal amach go raibh Donald Trump i mbun feachtasaíochta arís. Agus gan ach bliain caite ó d’ionsaigh a chuid leantóirí foirgneamh ársa an Chaipeatóil in Washington, agus na céadta polaiteoir i mbaol a mbeatha le linn an ionsaí, tá sé ag cur dó arís faoin eachtra.

Ní hé amháin go gceapann sé go bhfuiltear ag caitheamh go míchothrom leis an dream ionsaitheoirí ach thug sé leide láidir go mb’fhéidir go dtabharfadh sé féin maithiúnas dóibh, má thoghtar arís é.

Níl ach rud amháin a chinntíonn toradh fiúntach i dtoghchán i Meiriceá – sin airgead. Deirtear go bhfuil os cionn 143 milliún dollar ag Trump ina chiste toghcháin anois – bhailigh sé €64 milliún sa dara leath de 2021 féin.

Tá an pobal scoilte ar go leor bealaí. De réir suirbhé Quinnipiac sa bhfómhar seo caite, mhaígh 58% de Mheiriceánaigh nár mhian leo go rithfeadh sé arís.

Ach mhaígh 78% de na Poblachtánaigh gur mhaith leo féin go rithfeadh sé arís.

Féach an t-airgead atá sé in ann a bhailiú.

Féach an phoiblíocht atá sé in ann a fháil – agus é fós faoi chosc ag Twitter. Bheadh misneach ag aon iarrthóir a sheasfadh ina choinne agus eisean an méid sin chun tosaigh cheana féin.

Cuireann an t-easaontas agus an scoilt pholaitiúil as do go leor daoine. Is geall le aicíd eile é nach féidir a bhualadh.

Agus mo chara snámha agus a chlann i San Francisco? Tá a mhac ag smaoineamh ar bhogadh go Stát eile – Stát Poblachtánach, mar a tharlaíonn. Deir sé go mbeidh sé in ann teach a bheidh a dhá oiread chomh mór leis an teach atá aige, a fháil ar an bpraghas céanna i Florida agus cánacha ísle le n-íoc ansin freisin.

Rud eile a chuir isteach air i San Francisco ná an truailliú aeir. Gach uair a raibh tine amuigh faoin tír, chuaigh an comhartha deataigh in airde sa teach agus níorbh fhéidir leo dul amach. Rud a tharla rómhinic.

‘Tá teas millteanach, nach raibh taithí acu air cheana, ag tarlú go rialta i gCalifornia anois,’ arsa mo chara. ‘Tá an snas imithe den saol ansin.’

Ach an bhfuil an ‘snas’ ag imeacht den saol i gcoitinne thall chomh math? Sin ceist.

Fág freagra ar '‘Cén sórt ‘time’ a bhí agaibh thall?’ Dhorchaigh a éadan…'