‘Cén seans atá againne nuair nach spéis leis na polaiteoirí cás na teanga a thuiscint?’ – Tuismitheoirí na Gaeltachta

Deir an eagraíocht a thacaíonn le seachadadh na Gaeilge go dtí an chéad ghlúin eile gur ‘buille eile’ atá sa chlár rialtais do dhream atá buailte cheana

‘Cén seans atá againne nuair nach spéis leis na polaiteoirí cás na teanga a thuiscint?’ – Tuismitheoirí na Gaeltachta

Léirítear “easpa tuisceana iomlán” ar chás na Gaeltachta sa chlár rialtais nua atá aontaithe ag Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas, a deir Tuismitheoirí na Gaeltachta.

Deir an eagraíocht nach bhfuil “aon bhéim” sa chlár rialtais ar an tábhacht a bhaineann leis an nGaeilge “a thabhairt don gcéad ghlúin eile”. 

Deir Tuismitheoirí na Gaeltachta gur “buille eile” atá sa chlár rialtais “do dhream atá fágtha ar gcúl mar atá”.

I ráiteas láidir a chuir an eagraíocht Ghaeltachta amach inniu, deirtear gur léir nach ndearna na páirtithe aon iarracht tuiscint a fháil ar staid na Gaeilge sa Ghaeltacht.

“Nuair nach dtuigeann polaiteoirí an cás agus nuair nach bhfuil siad ag iarraidh a leithéid a dhéanamh, cén seans atá againn?” a dúradh sa ráiteas. 

Dúradh go raibh Tuismitheoirí na Gaeltachta i measc na ndreamanna a dhein teagmháil leis na páirtithe polaitíochta le linn na gcainteanna bunaithe rialtais chun cás na Gaeltachta a dhéanamh agus aire sinsearach don Ghaeltacht a lorg.

“Is léir gur tugadh an chluas bhodhar dúinn,” a deirtear. 

‘Níl mórán ábhar dóchais ann do dhaoine a labhraíonn Gaeilge gach lá’  – tuairimí na saineolaithe faoi chlár an Rialtais

 Deirtear sa ráiteas nach mairfidh an Ghaeltacht mura dtugtar tacaíocht cheart do na tuismitheoirí atá ag iarraidh a gclann a thógaint le Gaeilge.

“San áireamh anseo tá tacaíochtaí teanga, cearta teanga, forbairt pobail, forbairt eacnamaíochta, infreastruchtúr cuí agus cead pleanála do lánúineacha óga,” a deirtear.

Deirtear gur “beag atá ráite” faoin nGaeltacht féin, faoi chás na Gaeltachta ná faoin nGaeilge sa Ghaeltacht sa dréachtphlean.

Dar leis an eagraíocht, níl aon tuiscint léirithe ach oiread ag na páirtithe ar an bpróiseas pleanála teanga ná ar chúrsaí oideachais sa Ghaeltacht.

Cáineadh is mó atá déanta ar an soláthar don Ghaeilge agus don Ghaeltacht in A Shared Future, an clár rialtais a d’aontaigh Fianna Fáil, Fine Gael agus an Comhaontas Glas inné.

Idir an dá linn, tá a thuilleadh ráite ag an iar-aire na Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, faoi na cúiseanna go bhfuil sé chun vótáil i gcoinne an chomhrialtais nua.

Tá an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil i mbéal an phobail ó thug sé le fios do Tuairisc.ie inné nach mbeadh sé ag tacú leis an margadh.

Dúirt sé ar an gclár Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu gurb amhlaidh go dtógfadh Sinn Féin áit Fhianna Fáil i saol na polaitíochta má leantar leis an gcleamhnas idir Fianna Fáil agus Fine Gael.

Fág freagra ar '‘Cén seans atá againne nuair nach spéis leis na polaiteoirí cás na teanga a thuiscint?’ – Tuismitheoirí na Gaeltachta'

  • Bríd

    Lucht an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta, cá bhfuil sibh anois? Tá an teanga curtha i gCré na Cille …. lucht an aineolais ag tochras ar a gceirtlín féin. Ní mhaitheofar daoibh é.