Le mí nó dhó anuas tá ‘dialann dornálaíochta’ á coinneáil agam, iarracht a mbíonn á theagasc sna ranganna dornálaíochta a mbím ag freastal orthu a phróiseáil ar mo shuaimhneas agus gaois an teagascóra, léargais agus tuairimí na ndaltaí eile agus pé splancacha tuisceana a bheadh agam féin a bhailiú le chéile.
Mar is dual don leathanach bán, tugann an dialann sin mo dhúshlán freisin. Bíonn orm aghaidh a thabhairt ar cheisteanna íogaire: cén fáth go bhfuil spéis agam sa dornálaíocht dáiríre? Céard iad na laincisí atá orm agus cén fáth nach n-éiríonn liom iad a shárú? Céard atá do mo choinneáil siar?
Agus mé ar bhóithrín sin na bhféinscrúduithe bhí ceist timpeall an chúinne, i bhfolach idir na sceacha, a bhuail idir an dá shúil mé.
Cén dornálaí ar mhaith leat a bheith cosúil leis?
Rinneadh staic díom. Níor fhéad mé freagra a thabhairt agus mhothaigh mé mo bhéal ag leathadh nuair a thuig mé cén fáth.
Ní bhím ag breathnú ar chluichí dornálaíochta, ná go deimhin ar chluichí d’aon chineál eile: is aoibhinn liom a bheith i mbun spóirt mé féin ach ní bhíonn an fhoighne agam suí síos agus breathnú ar dhaoine eile ina bhun, go háirithe ar scáileán.
Tá mé ag ceapadh gur rud éigin faoi na pictiúir a bheith ag bogadh go sciobtha agus uillinneacha na gceamaraí a bheith ag síorathrú is cúis leis sin. D’fhéadfainn breathnú ar ghrianghraf de laoch spóirt éigin i mbun aicsin ar feadh tamaill an-fhada, go háirithe dá mba rud é gur éirigh leis an ngrianghrafadóir breith ar mhothúchán éigin ar aghaidh an laoich nach bhféadfaí a chur i bhfocail go deo, ach cuireann pictiúir a bhíonn ag bogadh go sciobtha saidhleam orm.
Togha – ach ní fhéadfá a bheith ag súil go scríobhfadh duine leabhar a mbeadh fiúntas ann mura léifeadh an duine sin féin go leor leabhar, agus ar an gcaoi chéanna ní bhíonn dornálaí i mbun dornálaíochta i bhfolús ach chomh beag. Tá stair, cultúr agus éagsúlacht fhairsing stíle ag baint leis an dornálaíocht – mar atá leis an litríocht nó go deimhin le réimse saoil ar bith. Mura mbíonn réimse úrnua i gceist ina mbíonn an uile dhuine ina cheannródaí, bíonn ar an duine atá ag tosú amach i spórt nó i gceird a chúinne beag féin a aimsiú ann agus na laochra a bhféadfadh sé a sampla a leanúint a lorg.
Bheadh na scríbhneoirí ar mhaith liom a bheith cosúil leo ar bharr mo theanga agam dá gcuirfí ceist orm iad a lua: Tove Jansson, Mavis Gallant, Annie Dillard, Natalie Goldberg, W.F Hermans, Junot Diaz, Seosamh Mac Grianna. Tá sé in am suí síos agus an tuiscint atá agam ar chúrsaí scríbhneoireachta a chur i bhfeidhm ar an dornálaíocht, pictiúir a bhíonn ag bogadh ann nó as. YouTube, seo chugat mé!
Agus sin é go deimhin an chomhairle a bheadh agam d’aon duine a bheadh ag tosú amach sa scríbhneoireacht: cuir an tuiscint atá agat ar réimse éigin a mbeadh cur amach maith agat uirthi (cócaireacht, tógáil bád, an dornálaíocht féin) i bhfeidhm ar an gceird nua a theastaíonn uait a fhoghlaim.
Fág freagra ar 'Cén scríbhneoir ar mhaith leat a bheith cosúil leis? Junot Diaz, Seosamh Mac Grianna?'