Cén saghas aimsire a bheidh againn? Fiafraigh den ghabhar é…

Pocaide gabhair atá ar a lógó ag an gcúrsa álainn i Leacht Uí Chonchubhair ar a bhfuil Craobh Oscailte na hÉireann á himirt ón Déardaoin seo caite

Cén saghas aimsire a bheidh againn? Fiafraigh den ghabhar é…

Shane Lowry. Pictiúr: INPHO/Oisin Keniry

Tá scór bliain caite ag Trevor Immelman ag taisteal na cruinne mar ghalfaire gairmiúil agus na cúrsaí is cáiliúla ar fud na cruinne siúlta aige lena mháilín ón am ar fhág sé an Afraic Theas agus é fós ina dhéagóir – tharraing sé an seaicéad glas air féin in Augusta agus bhuaigh sé sa ngaineamhlach. Ach in imeacht an achair sin níl a fhios agam ar bhuail sé buille riamh ar chúrsa ar pocaide gabhair atá ar a lógó.

Sin mar atá ag an gcúrsa álainn trasna an chuain uaim i Leacht Uí Chonchubhair ar a bhfuil Craobh Oscailte na hÉireann á himirt ón Déardaoin seo caite. Ní hamháin sin ach ar an gcosán a thabharfaidh chun imeartha iad tiocfaidh Immelman agus na galfairí eile thar dhealbh chré-umha de ghabhar agus é ar a chosa deiridh – ceann a nochtadh in 2017 nuair a bhí ceiliúradh á dhéanamh ar bhunú an chumainn 125 bliain roimhe sin.

Ar feadh ceithre scór go leith de na blianta sin tá gabhair le feiceáil ag fánaíocht thimpeall an chúrsa – deir seanchas na háite go mba le fear darbh ainm Tommy Walsh a raibh a theach buailte ar an tríú poll na cinn ba thúisce a facthas ann i dtríochaidí an chéid seo caite.

Bhíodh Tommy ag giollacht freisin agus orthu siúd ar iompair sé a gcuid málaí agus é ina óige bhí duine de mhórghalfairí an ama sin, an Sasanach John Ball a bhuaigh Craobh Oscailte na Breataine in 1890.

Bhíodh tarraingt leithéidí Ball agus imreoirí mór eile na linne ar Leacht Uí Chonchubhair mar go raibh cáil na háite imithe i bhfad agus i gcéin fiú ag an am sin. É a bheith tógtha ar dhumhchanna gainimh agus ar bheagán foscaidh ón ngaoth a thuill cuid den mholadh ach ba é a chur barr smaise ar an scéal go mba fear a raibh Old Tom Morris mar ainm air a rinne dearadh ar an gcúrsa.

Ba i St. Andrews a rugadh an Muiríosach in 1821. Imreoir den scoth a bhí ann, chomh maith sin agus go mba é an galfaire gairmiúil i gclub a bhaile dhúchais, an ceann is iomráití ar domhan sa lá atá inniu ann, ach ceann a bhí i ndroch-chaoi nó gur chuir Tom crot nua air.

As sin amach bhí lámh aige i ndearadh chuid de na cúrsaí gailf is cáiliúla ar an taobh seo den domhan – Carnoustie, Prestwick, Muirfield agus Leacht Uí Chonchubhair ina measc.

Nuair a bhí Tom Morris ag leagan amach a chuid cúrsaí agus go ceann i bhfad ina dhiaidh, ba de lámh a dhéantaí an obair chothabhála ar fad – ní raibh aon rogha eile ann siocair nach raibh meicniú an lae inniu ar fáil.

Fearacht na linne seo, thugtaí aire faoi leith do na plásóga, ach amach faoi na cúrsaí ba le speal a baintí an fiántas agus ba nós freisin ainmhithe ar nós caoirigh, gabhair agus asail a scaoileadh isteach leis na bánóga a choinneáil lomtha. Go deimhin bhíodh cíos á bhailiú ag roinnt cumann ó fheirmeoirí, a chinntíodh go raibh na hainmhithe tugtha chun bealaigh le breacadh an lae imeartha.

Bhí deireadh ag teacht leis an nósmhaireacht sin faoin am ar thosaigh gabhair Tommy Walsh ag innilt ar dhumhchanna Leacht Uí Chonchubhair, ach níorbh é a gcumas slacht a choinneáil ar an gcúrsa a thuill a gclú ach an scil a bhí acu san aimsir.

Nuair a bhíodh an uain go breá ní raibh ceann den 150 acra atá faoin gcúrsa nach siúlfadh na gabhair -ó imeall an bhaile ar an taobh thoir go bruach Abhainn Eidhneach ar an gceann thiar. Ach dá mbeadh baol ar bith báistí ann dhéanfadh siad ar an bhfoscadh a bhí le fáil thimpeall an chlubthí. Ó b’fhaide ón áit sin iadsan, b’fhaide an braon ón imreoir.

Mhionnódh siad siúd a bhí i gcleachtadh na háite go mbíodh an ceart i gcónaí acu agus go n-osclaíodh na spéartha a luaithe agus a chuiridís tóin le balla.

Nuair a cailleadh gabhair an Bhreathnaigh tháinig cinn eile ina n-áit agus go dtí an lá atá inniu ann bíonn a leithéid ag fánaíocht timpeall an chúrsa agus más fíor is mó aird a thugtar ar a gcuid fánaíochta ná a thugtar ar gach a ndeir Gerry Murphy, Jean Byrne, Joanna Donnelly agus Michelle Dillon eatarthu!

Is beag clubtheach gailf in aon áit nach bhfuil baraiméadar crochta in áit éicint i gcónaí ann, iarsma ó na laethanta arbh orthu siúd a bhítí ag brath do réamhaisnéis na haimsire agus tá ceann i Leacht Uí Chonchubhair freisin.

Ach is ceann é siúd atá cliste le tuairim 50 bliain. Nuair a tharla sin bhí caint ar cheann nua a ordú ach ba ag fear a raibh Brud Slattery air agus a bhí ina rúnaí ar an gcumann ar feadh tríocha bliain a bhí réiteach an scéil.

Chuaigh Brud ar an bpeann agus scríobh na focail ‘See Goats’ ar éadan an bharaiméadair.

Feicfidh tú ar do bhealach isteach é.

Fág freagra ar 'Cén saghas aimsire a bheidh againn? Fiafraigh den ghabhar é…'