Cén rian a fhágfaidh na haistriúcháin Bhéarla ar stádas an Chadhnaigh? ‘Léacht Uí Chadhain’ le tabhairt anocht

Déanfaidh an tOllamh Máirín Nic Eoin cíoradh ar shaothar Mháirtín Uí Chadhain agus ar stádas an údair i measc na gcriticeoirí agus ‘Léacht Uí Chadhain’ á tabhairt anocht aici

Cén rian a fhágfaidh na haistriúcháin Bhéarla ar stádas an Chadhnaigh? ‘Léacht Uí Chadhain’ le tabhairt anocht

Pléifidh an tOllamh Máirín Nic Eoin an tionchar atá agus a bheidh ag na haistriúcháin nua Bhéarla ar Cré na Cille ar shaothar critice faoi Mháirtín Ó Cadhain agus Léacht Uí Chadhain á tabhairt aici in UCD anocht.

Dúirt an tOllamh Nic Eoin le Tuairisc.ie inniu go bhfuil spéis i saothar Uí Chadhain athmhúscailte ag an dá aistriúchán ar a mhórshaothar — The Dirty Dust agus Graveyard Clay — agus go bhfuil “impleachtaí ag an spéis athmhúscailte sin” ar an obair chritice atá foilsithe faoi obair an Chadhnaigh.

“Beidh mé ag iarraidh an pointe  a dhéanamh go bhfuil an-chuid ar siúl faoi Ó Cadhain. Bítear den tuairim gur stop an plé faoi i réimse na hacadúlachta, ach ó aimsir a chomórtha [100 bliain] in 2006, tá roinnt ábhar foilsithe faoina shaothar liteartha.

“Rinneadh an pointe ag comhdháil i gColáiste na Tríonóide go bhfuil sé in am anois tosú ag caint faoi na saothair eile. Is léir go bhfuil go leor ar siúl faoi Cré na Cille, ach an rud a dhéanfaidh mé iarracht a dhéanamh sa léacht anocht ná breathnú ar an athléamh ar an leabhar agus na criticí air,” a dúirt sí.

Beidh ceithre mhórthéama á gcíoradh ag Nic Eoin, ollamh emerita in Fiontar agus Scoil na Gaeilge in DCU: greann Uí Chadhain, an drámaíocht ina shaothar, foirm an scríbhneora, agus na rudaí a spreag agus a thug inspioráid d’fhear an Chnocáin Ghlais.

“Tá go leor plé déanta ar ghreann an Chadhnaigh agus an Raibiléiseachas atá le fáil ina shaothar. Ní hé an léamh ceannann céanna atá ag gach léitheoir ar an ngreann sin, ach tá sé ar fáil i Cré na Cille ó thús deireadh.

“Ceist eile a thagann chun cinn go minic ná an drámaíocht ina shaothar — maítear nach úrscéal ach dráma atá i Cré na Cille agus tá an mianach drámatúil ina shaothar ar fad. Tá gné eile ag baint leis sin, bhí sé ag iarraidh scripteanna a scríobh ach níor éirigh leis. Bhí fonn air drámaí a scríobh, agus fianaise chuige sin ina chuid páipéar agus tá íoróin agus paradacsa ann gur diúltaíodh do na scripteanna sin a chuir sé chuig Amharclann na Mainistreach,” a dúirt sí.

Dúirt Nic Eoin, áfach, nach mbeadh aon deacracht ag muintir Chonamara drámaí an Chadhnaigh a léiriú mar gheall ar an gcaoi ar bhain sé leas as a chultúr dúchais féin agus é á scríobh.

Pléifidh an tOllamh Nic Eoin freisin anocht an t-athrú agus an fhorbairt a tháinig ar an gCadhnach mar scríbhneoir.

“Ach an téama is mó a bhfuil cur agus cúiteamh ann faoi ná céard a spreag é? Sin an réimse taighde is mó a bhfuil argóintí ina taobh, agus ba chóir go mbeadh argóintí mar sin ann faoi gach gné dá shaothar. Is minic a dhéantar léamh iomlán contráilte ar shaothar Uí Chadhain ach níor chóir go mbeadh consensus ann faoi scríbhneoirí maithe riamh,” a dúirt sí.

Beidh Léacht Uí Chadhain á tabhairt ag an Ollamh Nic Eoin anocht mar chuid d’fhéile IMRAM. Beidh sí ar siúl ag a 7 a chlog tráthnóna i Léachtlann R, Foirgneamh Newman, UCD.

Fág freagra ar 'Cén rian a fhágfaidh na haistriúcháin Bhéarla ar stádas an Chadhnaigh? ‘Léacht Uí Chadhain’ le tabhairt anocht'