Cén mí-ádh atá ar an Rialtas seo?

Níl aon séanadh ar na fadhbanna agus na dúshláin atá roimh an rialtas

Cén mí-ádh atá ar an Rialtas seo?

Is deacair a rá nach bhfuil mí-ádh ar an gcomhrialtas seo. Taca an ama seo dhá bhliain ó shin bhí cainteanna fós ar bun tar éis an toghcháin ag deireadh mhí Feabhra féachaint le rialtas a chur le chéile a thabharfadh aghaidh ar an ngéarchéim sláinte phoiblí ba mheasa le céad bliain. 

Chuir siad clár rialtais uaillmhianach i dtoll a chéile agus cheapfainn go raibh súil acu, ar nós an mhí-áidh, gur air sin a bheidís dírithe faoin tráth seo!

I leaba a bheith ag dul i léig is amhlaidh atá na deacrachtaí agus na dúshláin ag méadú. Tá an ghéarchéim sláinte fós linn. Bíonn na mílte cás den ghalar gach lá ann agus brú dá réir ar an gcóras sláinte. Tá cúrsaí chomh dona, go deimhin, agus gur mhian le saineolaithe sláinte poiblí áirithe go rachfaí ar ais ag cuid de na srianta sláinte poiblí a bhí i bhfeidhm go dtí le gairid. Tá an Príomh-Oifigeach Sláinte éirithe as. Tá NPHET scortha agus tá sárú de chineál éigin faoi bhallraíocht na heagraíochta atá le cur ina áit. Idir an dá linn tá 900,000 ar liostaí feithimh cúram sláinte.

An dúshlán mór eile atá le sárú ag an domhan ar fad anois ná an cogadh san Úcráin. Cé go bhfuil cainteanna á reáchtáil go rialta níl aon chuma ar chúrsaí go bhfuil réiteach le déanamh go luath. Tá géarchéim fuinnimh dhomhanda cruthaithe ag an gcogadh agus cé go séanann siad go poiblí é, tá sé admhaithe ag polaiteoirí go bhféadfadh ciondáil nó ganntanas breosla a bheith ann sa ngeimhreadh.

Tá an ghéarchéim ó thaobh costas maireachtála curtha as a riocht ar fad ag an gcogadh. Tá deacrachtaí le soláthar, le hamhábhar, le leasú talún, le grán. Tá costas amhábhar ar láithreacha tógála ag méadú chomh mór agus go bhfuil baol ann go gcuirfear moil ar thograí tógála poiblí. Tá ar dhaoine a roghnú cé acu ar chóra dóibh an teach a théamh nó béile a chur ar an mbord. Deir an tAire Airgeadais agus an Taoiseach nach féidir leo íoc as chuile fhadhb atá ag daoine ach chaithfí an cheist a chur an bhféadfaidís ar a laghad iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar chuid de na fadhbanna eile a gheall siad a réiteoidís?

Seoladh dhá phlean anuraidh a bhí in ainm agus aghaidh a thabhairt ar mhórdheacrachtaí ár linne. Plean aeráide a bhfuil spriocanna go leor ann, go háirithe chomh fada agus a bhaineann le fuinneamh inathnuaite. Tá an scéal sin i bhfad níos casta anois de bharr chogadh na hÚcráine agus teannas ag méadú, is cosúil, idir páirtithe an rialtais ina thaobh. Teastaíonn ó Fhine Gael, go háirithe, go gcinnteofaí soláthar gáis agus ola sa ngearrthéarma do dhaoine. Is féidir aghaidh a thabhairt ar chúrsaí inathnuaite in am trátha, dar leo, ach tá éigeandáil ann faoi láthair. Mí ó inniu (Lá Bealtaine) tiocfaidh na harduithe ar an gcáin charbóin a socraíodh sa gcáinaisnéis anuraidh i bhfeidhm. Tuilleadh brú ar theaghlaigh, tuilleadh údair clamhsáin dóibh siúd a dteastaíonn uathu beartais aeráide a cháineadh. Tuilleadh teannais idir na páirtithe rialtais?

Tithíocht an cheist ba mhó a bhí ag déanamh tinnis don phobal le linn an fheachtais olltoghcháin in 2020. Chun donachta seachas chun feabhais atá an scéal ag dul ó seoladh ‘Tithíocht do Chách’ an samhradh seo caite. Teastaíonn 35,000 teach nua in aghaidh na bliana. Níl siad á dtógáil agus de réir cosúlachta is in olcas a bheidh an scéal ag dul. Tá os cionn 16,000 teifeach tagtha isteach go hÉirinn de bharr an chogaidh. An chéad rud a chaithfear a dhéanamh ná lóistín a aimsiú dóibh. Caithfear ansin seirbhísí sláinte agus oideachais agus tacaíochtaí eile a chur ar fáil. Caithfear airgead a aimsiú leis an méid sin ar fad a dhéanamh.

Níl aon séanadh ar na fadhbanna agus na dúshláin atá roimh an rialtas. Tá athrú mór eile ar an mbealach freisin roimh dheireadh na bliana – athrú Taoisigh.  Thar aon ní eile, is dóigh gurb é an rud a bheidh siad ag iarraidh nach dtagann aon mhí-ádh eile sa mullach orthu le tuilleadh deacrachtaí a chothú dóibh.

Fág freagra ar 'Cén mí-ádh atá ar an Rialtas seo?'

  • Duine dóibh siúd atá thíos

    Déarfainn féin nach ar an Rialtas atá an mí-ádh ach ar na daoine atá ag fulaingt dá dheasca, idir iad siúd nach bhfuil in ann tigh a cheannach, iad siúd atá ag éirí níos boichte de réir mar a théann costais an tsaoil laethúil in airde, iad siúd atá ag feitheamh le hobráidí nó le tástálacha riachtanacha (agus a bheidh le feitheamh go dtí lá a mbáis), ‘is na mílte daoine a tholg Covid go dtí seo agus atá á tholg i gcónaí fé láthair – na daoine gur chuir Covid faoi thalamh iad agus na daoine atá thíos le fad-Chovid, go háirithe.

    Sea, ní ar an Rialtas atá an mí-ádh in ann chor, a déarfainn. Orthusan atá an t-ádh i ndáiríre, toisc gur féidir leo dochar as cuimse a dhéanamh do dhaoine agus pá rí-mhaith a thuilleamh ag an am céanna. Is aoibhinn beatha ár bpolaiteoirí, níos aoibhne fós an pinsean atá i ndán dóibh…

  • An Teanga Bheo

    Sach ráite agus iad síud a chuir trí phairtí i gcumhacht nach orthu a bhí an mí ádh , nach h aoibhinn Dia dhóbh an pá is pinsean a bhéas acu ar ball taobh amuigh de Theach Laigheann.