Bíonn a gcuid saoithiúlachta féin ag baint le hócáidí móra spóirt, cuma cén mianach iad. Is minic é tagtha isteach i mo chloigeann agus na scórtha míle ag imeacht as a gcranna cumhachta i bPáirc an Chrócaigh go mbíonn daoine gar do láthair a chloiseann na gártha agus a dhéanann iontas cé atá ag imirt agus dream beagáinín níos faide ó bhaile nach mbíonn a fhios acu ar ann nó as dó beag ná mór.
Chuile dhuine ar a bhealach féin is dóigh.
Féach freisin gur áiteacha gan anam iad na staideanna móra seo nuair a bhíonn siad folamh.
Bíonn uaigneas éicint ag baint leo. D’uireasa an scleondair ní bhíonn iontu ach meallanna móra cruaiche agus coincréite – doirse dúnta go docht ar fhaitíos go dtiocfadh aon duine isteach agus plás na himeartha fágtha faoi éanacha an aeir agus faoi chorrphéist.
Ina dtimpeall, leantar leis an saol mar atá, a gcuid sráideanna faighte ar ais dóibh siúd a chónaíonn iontu, uillinn an tábhairneora leagtha ar an gcuntar ag éisteacht leis an mbleadracht chéanna a bhíonn ag an dornán custaiméirí a thagann isteach go rialta ag an am sin den mhaidin.
Tá sé ag tarraingt ar leathchéad bliain ó scríobh iriseoir an Irish Times Seán Kilfeather, trócaire air, píosa breá faoin gcaoi a dtagadh lucht leanta Chiarraí a dturas bliantúil (nach mór) chun na príomhchathrach chuig Cluiche Ceannais Peile na hÉireann.
Ba í an traein an córas taistil ab ansa leo ag an am. Thagadh na múrtha acu isteach go Stáisiún Heuston nó Droichead an Rí mar a bhí an uair údaí air. De shiúl a gcos a théidís chomh fada le Páirc an Chrócaigh. Má bhí tart orthu d’óladar deoch sa tábhairne céanna a ndearna siad sin an babhta deireanach, an babhta roimhe sin agus an ceann roimhe sin arís. Ní raibh aon chaint ar bhialanna – bhí neart farlaí sóide líonta le bagún sa máilín páipéir.
Rinne siad a mbealach chomh compordach agus dá mba i gCill Airne, sa Daingean nó i dTrá Lí a bhí an cluiche. Mar sin féin bhíodh aon chontúirt mhór amháin ann, a deir Kilfeather. Sa gcás go dtógfadh siad cor cam ar bith as an mbealach a chleachtadar leis na blianta – bhí a gcosa nite. Mapaí Google féin ní thabharfadh chomh fada le geataí Pháirc an Chrócaigh iad.
Ar fhaitíos go gceapfaí gur ag fonóid faoi mhuintir Chiarraí atá mé, ní mór a rá láithreach go raibh agus go bhfuil an rud céanna le rá faoi dhaoine as chuile chontae eile sa tír – mé féin ina measc.
Féile Rásaíochta Cheltenham a bheith ar leic na tairsí againn a chuir ar an tseafóid seo i mo chloigeann. Cé go bhfuil na déaga de chuairteanna tugtha agam ar an ócáid, ní fhéadfainn a inseacht faoin mbaile féin duit ach go bhfuil mé eolach go maith ar an mbealach is áisiúla le Prestbury Park a shroichint ón mótarbhealach M5.
Tá feicthe agam ón méid sin gur baile é a bhfuil dhá thaobh leis – eastáit tithíochta comhairlí ar bheagán slachta ar a chuid imeallacha agus galántacht na seanaimsire ina lár.
Ansiúd, ar do bhealach chuig páirc na rásaí, feicfidh tú Cheltenham Ladies College, ceann de na scoileanna is cáiliúla i Sasana. Lena hais tá an tobar as a dtáinig an sáile a tharraing clú ar an mbaile nuair a tháinig sé chun solais go raibh sé go maith ag sláinte an duine. Sin an chúis gur Cheltenham Spa atá mar ainm ar stáisiún an iarnróid.
Nuair a bhíonn muid ag dul tríd, níl a fhios agam cé mhéid uair é ráite agam féin agus ag mo chomrádaithe taistil gur cheart dúinn filleadh nuair nach mbeadh aon rásaíocht ar bun, rud a thabharfadh deis dúinn aithne cheart a chur ar an mbaile agus ar a chuid áilleachtaí. Ní dhearna muid ariamh é agus ní móide go ndéanfaidh. Sa gcás go dtarlóidh sin, bígí cinnte go mbeidh cuairt ar pháirc na rásaí i gceist, fiú má bhíonn sé chomh folamh, glasáilte is a bhíonn Páirc an Chrócaigh Lá Nollag.
Cineál galar atá ann a dtuigeann tú, mianach an ghalair chéanna a thug fear na Ríochta ag siúl cois Life.
Méadaíonn na sceitimíní ag dul trí lár Cheltenham. Thar an Queens Hotel (dúnta faoi láthair) agus suas an Evesham Road go dtagann muid go dtí na plásóga féir, áit a bhfuil an teach ag bean as Maigh Eo a thugann cead páirceála dúinn, bail ó Dhia uirthi. Ag crágáil as sin amach, ach chomh héadrom ar na cosa le Michael Flatley.
Turas aisteach a bheas ann don chúpla céad a thabharfas faoin aistear na laethanta seo ag teacht – marcaigh, traenálaithe, tiománaithe leoraí agus a leithéid. Beidh doirse na dtábhairní agus na mbialann dúnta, trácht ag gluaiseacht mar is gnách agus gan duine ann gléasta go péacach ina gcuid cultacha dearthóra, gúnaí faiseanta agus hataí galánta – sála arda agus deifir in adharca a chéile de shíor.
Beidh srianta go leor freisin ar an mbeagán a bhfágann a gcuid oibre cead isteach acu ar an gcúrsa féin. Tá ‘Zón Éireannach’ agus ‘Zón Briotanach’ leagtha amach ann ina mbeidh áiteacha codlata agus lónadóireachta ag an dá dhream, gan cead acu an bolgán s’acu féin a fhágáil.
Ní bheidh cead amach ag giollaí stáblaí ar an gcúrsa ach amháin nuair a bhíonn capaill dá gcuid ag rith agus is é comhluadar a leathbhádóirí Éireannacha amháin atá ceadaithe do mharcaigh agus do thraenálaithe na tíre seo.
Fág freagra ar 'Cén mhaith rásaí ná cluichí gan na daoine?'