In ainneoin drogall an rialtais agus Fhianna Fáil, tá athaontú na hÉireann ar an gclár díospóireachta go cinnte anois. Ach níl aon chomhartha ann go bhfuil an rialtas réidh le hullmhúchán ceart a dhéanamh i dtaobh na ceiste seo. A mhalairt, tá amhras á léiriú i gcónaí acu go bhféadfadh a leithéid tarlú.
Ní am cuí é, a deir Leo Varadkar agus Micheál Martin araon, mar gheall ar ghoilliúnacht na n-aontachtóirí maidir leis an mBreatimeacht. Ar an taobh eile, deir Sinn Féin go mbeadh roinnt aontachtóirí sásta vótáil ar son Éire athaontaithe i bhfianaise a n-imní faoi Bhreatimeacht crua.
Ni léir dom go bhfuil an ceart ag ceachtar acu.
Mura bhfuil sé tráthúil anois labhairt faoi Éirinn athaontaithe cathain a bheidh sé tráthúil? I gcás ar bith, nach bhfuil sé riachtanach roinnt plé a dhéanamh roimh ré faoin gcaoi a riarfaí an stát nua (sea, tá an ceart ag Leo Varadkar nuair a deir sé gur stát nua a bheas ann) – agus faoi na socruithe faoi leith a bheadh le déanamh don phobal aontachtach?
Ar a laghad tuigeann Sinn Féin an méid seo. Dúirt an Teachta Dála Eoin Ó Broin ar an raidió go mbeadh cúpla bliain díospóireachta ag teastáil – faoi Stormont, ceist na mbratach, aitheantas do na haontachtóirí is eile – sula mbeadh an reifreann ann. Ach dúirt sé freisin go bhfuil sé tábhachtach tosú ar an bplé seo in ionad gach rud a chur ar an méar fhada.
Chuige sin deir sé gur chóir don rialtas plépháipéar faoi athaontú na tíre a chur le chéile, i gcomhar, más féidir, le haontachtóirí.
Ach, ar a shon sin agus uile, ní léir go mbeadh ach dornán fíorbheag den phobal aontachtach sásta athmhachnamh a dhéanamh faoi Éirinn aontaithe i bhfianaise an Bhreatimeachta.
Ar seachrán atá Sinn Féin má chreideann siad gur féidir daoine a mhealladh isteach in Éirinn aontaithe ar mhaithe le bheith ‘Eorpach’.
Mhínigh an craoltóir Protastúnach, Máirín Hurndall, an scéal go beacht agus í ag labhairt le Raidió na Gaeltachta. Mar dhuine ón dtraidisiún Aontachtach, a raibh a muintir ag obair sa longchlós, dúirt sí go mbeadh trí choinníoll aici roimh athaontú na tíre:
Gan aon ról a bheith ag an eaglais Chaitliceach (nó eaglais ar bith eile) i gcúrsaí oideachais ná sláinte; go mbeadh córas sláinte saor ag gach saoránach, mar a chuireann an NHS ar fáil faoi láthair; agus nach nglacfadh muid le máistrí nua orainn sa Bhruiséil!
Cinnte, ní thaitneoidh an coinníoll deireanach sin leis na hEoraidhíograiseoirí, ach tá Hurndall i dtiúin leis an traidisiún aontachtach a bhain riamh leis an longchlós.
Agus sin é croí na ceiste: cén mhaith an tír a aontú mura mbeidh an tsaoirse againn í a atógáil caoi ar bith is maith linn? Trí dhiúltú don nualiobrálachas, mar shampla?
Níl aon chóngar nó bealach éasca ann le daoine a mhealladh ar son neamhspleáchas na hÉireann uile, ach is féidir an neamhspleáchas sin a mholadh is a chosaint.
Cheana féin, feiceann muid go bhfuil brú ann ó bhunaíocht an stáit ó dheas nach cóir dúinn labhairt faoi chogadh na saoirse nó aon troid eile a rinne muid i gcoinne Shasana.
Agus tugadh leid mhór gurb é an chéad rud a dhéanfaí sa stát nua ná stádas na Gaeilge a ísliú tuilleadh.
Cinnte bheadh tréimhse eatramhach ag teastáil ionas nach mbeadh muintir an Tuaiscirt thíos le heaspa Gaeilge, ach cén mhaith Éire neamhspleách más Éire ghalldaithe amach is amach a bheas ann.
Pointe tábhachtach eile: an bhfuil athaontú na hÉireann le bheith ann le freastal ar riachtanais an Aontais Eorpaigh nó le haisling na saoirse a bhí ag ár sinsir romhainn a fhíorú.
D’athraigh Sinn Féin a ndearcadh faoin Aontas Eorpach, ceapaim, mar chreid siad go bhféadfaí bob a bhualadh ar na haontachtóirí is iad a thabhairt isteach in Éirinn aontaithe i ngan fhios dóibh.
Nach sárú ar Chomhaontú Bhéal Feirste é sin?
Nach cóir an rogha a bheith acu stádas faoi leith a bheith acu fanacht leis an AE nó le Sasana nó teacht isteach leis an gcuid eile dínn i dtír atá bródúil as lorg na saoirse?
Nach cóir go mbeadh an ceart againn a bheith bródúil as sin, a bheith díograiseach ar son na Gaeilge, in ionad iad gach rud a chaitheamh ar leataobh ar mhaithe le haontú fabhtach?
Cén fáth go gcaithfimis gach rud a dhéanamh ar mhaithe leis na haontachtóiri a shásamh is a chur ar a suaimhneas?
Agus cén fáth gur cuma faoi náisiúntóiri nó Poblachtánaigh a chreideann gur cheart go mbeadh muintir na hÉireann i gceannas ar ár dtír féin, mar a fógraíodh i 1916.
An Teanga Bheo
An Teddy Bear bocht ?
Sibéal
Seans go mbeidh cogadh eile ar an oileán a bheas níos measa ná an cogadh 1969-94.
Seanán Ó Coistín
Cad í an léarscáil sin?? Cén tréimhse arb as di? An Eoraip roimh an Chogaidh i 1914?
Joe
Tá an cuma air go bhfuil an ceart agat a Sheanáin. Ní léir dom cén fáth.
file
Maith thú, a Eoin. Cad chuige a mbíonn aird chomh mór sin ar na hAondachtóirí agus ar a ndearcadh i leith na hÉireann athaontaithe? Níor tugadh an oiread sin airde ar dhearcadh na Náisiúnaithe nuair a cuireadh an chríochdheighilt i bhfeidhm agus, de réir dealraimh, is beag tábhacht atá le dearcadh an phobail sin arís eile. Cinnte, ní mór do Náisiúnaithe cuidiú le hAondachtóirí a ndearcadh fán tír athaontaithe a athrú, ach ní hionann sin is a rá gur Éire Leath-Bhriotanach a bheidh sa tír athaontaithe sin. Mar tá Náisiúnaithe ann nach gcaithfeadh a vóta ar son na hÉireann Leath-Bhriotanaí, mé féin ina measc.
Pádraig
Iontach a Eoin, go bhfuil tús curtha le díospóireacht ar an ábhar. Is fiú fís a bheith againn don todhchaí!