Cén mhaith a bheith ag fuarchaoineachán faoi phóilíneacht mura seasfaimid leo sin atá toilteanach an gnó a dhéanamh?

Léiríonn cás Peadar Heffron nach leor tacaíocht ‘ar pháipéar’ don PSNI - ní mór seasamh le daoine níos gaire do bhaile freisin

Cén mhaith a bheith ag fuarchaoineachán faoi phóilíneacht mura seasfaimid leo sin atá toilteanach an gnó a dhéanamh?

Peadar Heffron

Is furasta fearg agus crá croí Pheadair Heffron a thuiscint. Ghoillfeadh a agallamh i nuachtán Domhnaigh ar chroí cloiche ach ardaíonn a scéal cruacheisteanna d’institiúidí measúla agus don tsochaí uilig abhus. Tá an fhírinne searbh. Ní hamháin gur deineadh iarracht an Constábla Heffron a mharú ach thug a chlub Cumann Lúthchleas Gael droim láimhe dó roimh agus i ndiaidh a ionsaithe.

Bhí aithne ar Pheadar Heffron mar chaptaen Chumann Lúthchleas Gael an PSNI sular goineadh go dona é i mí Eanáir 2010 nuair a phléasc bobghaiste faoi shuíochán an tiománaí ina charr. Bhí sé ag fágáil a thí i mBaile Raghnaill le dhul ar dualgas mar phóilín pobail in iarthar Bhéal Feirste. Easaontóirí poblachtacha a bhí ciontach as an ionsaí buamála, cuid dá bhfeachtas in éadan pháirtíocht Chaitliceach san PSNI.

An bhliain roimhe sin mharaigh easaontóirí poblachtacha an Constábla Stephen Carroll i Craigavon agus an bhliain ina dhiaidh sin, in Aibreán 2011, mharaigh siad an Constábla Ronan Kerr ar an Ómaigh. Fearacht Pheadair Heffron ba Chaitlicigh iad an bheirt fhear a maraíodh. Is iomaí iarracht a rinne easaontóirí baill Chaitliceacha den PSNI a mharú ó bunaíodh an tseirbhís in 2001 ach géaraíodh ar an bhfeachtas marfach tar éis Eanáir 2007, tráth a ndearna Sinn Féin cinneadh go dtabharfadh siadsan tacaíocht do na póilíní den chéad uair.

Chuaigh Peadar Heffron san PSNI in 2002 chun a chion a dhéanamh ar mhaithe le sochaí nua a chothú ar an oileán seo, a dúirt sé le Joe Brolly san agallamh don Sunday Independent. Cinneadh cróga ab ea é a léirigh idéalachas agus tiomantas don leas poiblí. Bhain an plean geit as a mhuintir ach thacaigh siad leis. Níorbh amhlaidh an scéal áfach ina chlub peile, Kickham an Chreagáin, i mBaile Raghnaill, Contae Aontroma, an cumann a raibh baint aige leis ó bhí sé ina ghasúr, agus ag a athair roimhe. Chuir an cinneadh alltacht ar bhaill. Ní imreoidís leis, a dúirt sé, dúradh leis go raibh sé ag cothú deacrachtaí agus ar deireadh b’éigean dó éirí as.

Bhain gortuithe uafásacha dó sa phléasc, fágadh ar leathchois é agus ní mór dó cathaoir rotha a úsáid de bharr gortuithe eile. Is léir gur ghoill sé go mór air nach bhfuair sé oiread is litir ón gclub. Thug beirt ón gclub cuairt ar a mhuintir ach chuir siad in iúl go soiléir gur ar bhonn pearsanta a rinne siad sin agus nach thar ceann an chlub é.

Ní mór a rá nach raibh an naimhdeas a léirigh na Kickams le braistint i ngach club de chuid Chumann Lúthchleas Gael. Nuair a maraíodh Ronan Kerr in 2011 rinne a chomhghleacaithe as club an Bhéaraigh, Contae Thír Eoghain garda onóra in éindí le baill den PSNI ar a shochraid. Bhí Uachtarán CLG ansin freisin chomh maith le pearsana móra na heagraíochta abhus.

Bhí an tacaíocht do mhuintir Kerr agus don PSNI follasach ar an ócáid sin. Ba mhór an feabhas é ar an gcaoi ar caitheadh le Peadar Heffron. Chualamar ansin an tábhacht atá le seirbhís phóilíneachta a bhfuil muinín ag an bpobal ar fad aisti, seirbhís a bhfreagraíonn a comhdhéanamh don phobal sin. Go dtí 2001 sceith bhéil ab ea an phóilíneacht i dTuaisceart Éireann mar ‘fhórsa Protastúnach/aontachtach’ nár thuill iontaoibh náisiúnaithe. Caitlicigh ab ea 8% den RUC fiche blain ó shin.

Bhí gá le gníomhartha cinniúnacha mar a rinne leithéidí Pheadair Heffron go luath i saol an PSNI. Ag an am sin bhí an córas earcaíochta 50/50 fós i réim. Bhunaigh Coimisiún Patten an córas sin chun scothphóilíneacht a bheadh ionadaíoch ar an bpobal a chinntiú. Leis an aidhm sin a shásamh chaithfeadh fir agus mná óga ó chúlra Caitliceach a dhul le póilíneacht. Ar an drochuair, mar a léirigh cás Peadar Heffron, ní bhfuair gach earcach tacaíocht ina chomharsanacht féin.

In 2011, faraor, chuir an PSNI agus Státrúnaí Caomhach na Breataine Owen Paterson deireadh leis an gcóras 50/50 agus admhaíonn an PSNI anois go bhfuil ganntanas Caitliceach sa tseirbhís, údar imní do gach éinne ach amháin na heasaontóirí poblachtacha. D’fhógair an Príomh-Chonstábla dreas earcaíochta le gairid agus dúirt go raibh beartais nua á dtionscnamh chun é a dhéanamh níos furasta do Chaitlicigh cur isteach ar chúrsaí oiliúna na bpóilíní. Teastaíonn níos mó iarratas uaidh ó mhná, ó dhaoine homaighnéasacha agus ón bpobal LADT (LGBT).

Admhaíonn an PSNI go gcuirtear brú ar Chaitlicigh ina gcomharsanachtaí féin fanacht glan ar an PSNI. Is iomaí céim a d’fhéadfadh an PSNI a ghlacadh chun a chinntiú go gcoinníonn siad na daoine óga a théann i bpáirt leo agus go gcoinníonn siad slán iad – pléifidh mé iad sin lá éigin eile. Ach ba ghránna í an íomhá sa scáthán a chuir Peadar Heffrom os ár gcomhair – rabhadh faoi dhualgais an ghnáthdhuine. Ta sé de cheart againn dea-iompar agus dea-chleachtais a éileamh ón tseirbhís phóilíneachta ach tá dualgais ar an saoránach freisin. I measc na ndualgas sin, tá tacaíocht do dhaoine atá toilteanach seirbhís a sholáthar dúinn, póilíneacht san áireamh.

Cén mhaith a bheith ag fuarchaoineachán faoi phóilíneacht mura seasfaimid leo sin atá toilteanach an gnó a dhéanamh? Cén mhaith a bheith ag casaoid faoi chomhdhéanamh an PSNI mura seasfaimid leis na daoine ó ‘mhionlaigh’ sa tseirbhís? Ní leor tacaíocht ar pháipéar, ráitis oifigiúla. Ní mór seasamh le daoine níos gaire do bhaile freisin, sa teaghlach, sa chlub, ar an tsráid agus sa pharóiste.

Fág freagra ar 'Cén mhaith a bheith ag fuarchaoineachán faoi phóilíneacht mura seasfaimid leo sin atá toilteanach an gnó a dhéanamh?'