Cén fhad a bhféadfadh duine maireachtáil ar líreacáin Mr. Freeze, ispíní agus sceallóga sula mbuailfidh neascóidí é?

Tá roinnt gníomhaíochtaí beaga curtha le chéile ag ár gcolúnaí don samhradh agus tá fáilte romhaibh úsáid a bhaint astu

Cén fhad a bhféadfadh duine maireachtáil ar líreacáin Mr. Freeze, ispíní agus sceallóga sula mbuailfidh neascóidí é?

Tá laethanta saoire an tsamhraidh linn agus é in am scaoileadh leis an srian. Ach ná scaoil an iomarca leis, mar tá caint cloiste agam abhus go bhfuil baol ann go rachaidh páistí siar ar gcúl ina gcuid foghlama i rith an tsamhraidh.

Moltar do thuismitheoirí clár imeachtaí a réiteach don samhradh chun cúnamh a thabhairt dá gcuid páistí fanacht ar an gcúrsa ceart chun an duais Nobel sin a bhuachan amach anseo.

Ní hé, a deir na saineolaithe, go gcaithfidh tú seomra ranga a bhunú sa gcistineach sa mbaile (ach, dá mbeadh an fonn sin ort, ní chuirfidh éinne stop leat). Is leor, a deir siad, cúpla ceacht beag a dhéanamh anseo is ansiúd mar chuid den ghnáthshaol laethúil chun chuile dhuine a choinneáil ar an mbóthar ceart.

Chuige sin, tá roinnt gníomhaíochtaí beaga curtha le chéile agam don samhradh agus tá fáilte romhaibh úsáid a bhaint astu más mian libh.

Teicneolaíocht: Siamsaíocht agus Fís

Ceist: Tá an bosca satailíte briste agus tá tú ag iarraidh an teilifís a cheangal don bhosca sruthaithe físe chun go mbeidh tú in ann breathnú ar aip Cúla4.  Go dtí seo, is é an t-aon eolas ar chúrsaí leictreonacha atá léirithe agat ná an lá ar chuir tú seacht gcinn déag d’fhorcanna síos sa ngreille ar an téitheoir stórála.

Éiríonn leat na cáblaí ar fad a aithint as do stuaim féin agus iad a phlugáil isteach sna háiteanna cuí, anois níl ort ach an fhoinse cheart a roghnú ar an scáileán. Cé acu de na roghanna seo thíos ba chóir duit a roghnú?

  • HDMI 3
  • AV1
  • AV2

Mata: Meabhairuimhríocht agus fadhbréiteach

Tá triúr páistí sa gclann agus tá caipín speiceach gréine an duine acu. Tagann tonn teasa agus níl aon teacht ar na caipíní gréine, cé go bhfuil fianaise ann go raibh na hataí i seilbh na bpáistí arú inné (féach grianghraf, Aguisín a 2).

Cuireann Penneys sladmhargadh ar chaipíní gréine agus anois is féidir 3 chaipín a cheannach ar an airgead ceanna a bhí ar chaipín amháin coicís ó shin.

Cé mhéad caipín ba cheart a cheannach chun go mbeidh caipín an duine ag gach páiste sa teach nuair a theastaíonn sé?

Tíos agus sláinte: Bia

Cé mhéad lá i ndiaidh a chéile a bhféadfadh duine maireachtáil ar líreacáin Mr. Freeze, ispíní agus sceallóga sula mbuailfidh neascóidí é?

  • Mí amháin
  • Trí lá
  • Go deo na ndeor

Eolaíocht: Fisic Thionscnamhach

Ceist: Tá triúr páistí ag freastal ar champaí samhraidh ar feadh trí seachtaine. Tá beirt acu ag dul ag campa ar thaobh amháin den chathair agus tá an duine eile ag freastal ar champa atá ar an taobh eile den chathair.

Tosaíonn an dá champa ag an am céanna ar maidin agus críochnaíonn siad ag an am céanna tráthnóna. Tá carr amháin agus duine amháin ar fáil chun na páistí a fhágáil ag na campaí agus iad a bhailiú ina ndiaidh.

Ar féidir gléas amthaistil a chur in oiriúint do Ford Mondeo?

Nod: Léirigh do thuiscint ar an bhfisic thionscnamhach i do fhreagra. (Pointí bónais má bhíonn tú in ann Cat Schrödinger a lua sa bhfreagra).

Fág freagra ar 'Cén fhad a bhféadfadh duine maireachtáil ar líreacáin Mr. Freeze, ispíní agus sceallóga sula mbuailfidh neascóidí é?'