Cén fáth nach bhfaighfeá tatú a bhainfeadh leis an scríbhneoireacht?’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ba bheag nach bhfuair ár gcolúnaí tatú de leathstad. Ach ansin, fuair sé amach gur rith an smaoineamh céanna le go leor daoine cheana féin

Cén fáth nach bhfaighfeá tatú a bhainfeadh leis an scríbhneoireacht?’

Tá dlúthchara de mo chuid ag iarraidh tatú a chur ar a chliabhrach agus le tamall de sheachtainí anuas táimid ag breathnú ar léaráidí éagsúla.  

‘Cén fáth nach bhfaigheann tú féin ceann?’ a fhiafraíonn sé díom nach mór chuile lá, agus is é an freagra céanna a thugaim ar a cheist i gcónaí: níl rud ar bith agam i gcoinne tatúnna ach ceapaim go bhfuil níos mó ná tatú amháin ar an gcolainn chéanna gránna. Ar an ábhar sin ní theastódh uaim ach ceann amháin – ach ní ritheann léaráid aonair liom a léireodh go hiomlán mé mar dhuine. 

Pantar atá mo chara ag iarraidh a chur ar a chliabhrach agus dúirt mé leis, ag magadh, gur chóir dom féin tatú de lorg crúibe a fháil ar m’ucht mar sin i bhfianaise na staire casta idir an bheirt againn. ‘Nach agatsa atá bua na samhlaíochta,’ a d’fhreagair sé. ‘Faigh ceann a bhainfeadh leis an scríbhneoireacht.’ 

Bhí sé sin níos deacra fós. Murar éirigh liom cuimhneamh ar phictiúr amháin a d’inseodh mo scéal, cén chaoi faoin spéir a gcuimhneoinn ar fhriotal a dhéanfadh a leithéid? Níl spás do mhíle focal ar m’ucht – agus mar bharr ar an donas bheadh orm rogha a dhéanamh idir na teangacha éagsúla atá agam. 

Ach ansin, lá breá go moch ar maidin, rith sé liom go bhféadfainn tatú de leathstad a fháil. 

Leathstad? 

Is ea, an ruidín beag lúbach seo: ; 

Ach oiread le mórchuid scríbhneoirí tá idir ghrá agus ghráin agam don leathstad céanna. Bím faoi dhraíocht ag a chumas diamhair castaí intleachtúla a léiriú a thagann aniar aduaidh ort ach a mbíonn cuma na dosheachantachta orthu nuair a léann tú siar ar an téacs. Is é an leathstad sraithbhuille na scríbhneoireachta: an chéad abairt an trasdorn a bhaineann an anáil díot; an dara habairt an dorn aníos a leagann amach thú. Ach mura mbíonn tú cúramach leis an gcomhartha poncaíochta lúfar seo, fágfaidh sé cuma na postúlachta agus na geáitsíochta intleachtúla ar abairtí.  

Mar bharr ar an donas spreagann sé abairtí fada gan dealramh; is iomaí scríbhneoir ar leag a chuid leathstadanna féin go talamh é. Agus ní bhím riamh cinnte an bhfuil cead níos mó ná ceann amháin a úsáid san abairt chéanna (tá sé ceart go leor, déanann Annie Dillard é). 

Cinnte dearfa, thar aon chomhartha poncaíochta eile, léireodh leathstad ar mo chliabhrach mo streachailt laethúil féin le ceird na scríbhneoireachta! 

Bhí mé i mo sheasamh os comhair an scátháin, ag iarraidh a dhéanamh amach cén taobh de m’ucht ba chóir dom an leathstad a chur ann (os cionn mo chroí, ar thaobh na láimhe deise agus duine ag breathnú orm, ionas go mbeadh spás bán ann don abairt shamhlaíoch a thiocfadh roimhe) nuair a rith sé liom go mbeadh sé spéisiúil roinnt taighde a dhéanamh ar an siombalachas a bhaineann leis an leathstad. 

Spéisiúil? Baineadh stangadh asam mé nuair a fuair mé amach go bhfuil an t-idirlíon breac le pictiúir de thatúnna leathstad agus go bhfuil a leithéid ann agus Project Semicolon, eagraíocht mheabhairshláinte Mheiriceánach a mholann do dhaoine a leithéid a fháil d’fhonn a léiriú go bhfuil siad ag dul i ngleic, nó tar éis dul i ngleic, le fadhbanna tromchúiseacha meabhairshláinte.  

Dar leis an eagraíocht sin go léiríonn an leathstad ‘nach bhfuil an scéal thart fós’; go bhfuil caibidil nua á scríobh i scéal a shaoil ag an duine a gheobhadh tatú leathstad. 

Ar an bpointe boise, léirigh an méid sin dhá rud dom faoin scríbhneoireacht. 

  1. Is léir go bhfuil sé nach mór dodhéanta smaoineamh bunaidh a bheith agat sa lá atá inniu ann, go háirithe nuair a bhíonn meafair i gceist. Ní ann don tsamhail nár rith le duine éigin cheana; do chasadh úr féin a bhaint aisti an rud is fearr a dhéanfá.
  2. Ní mór taighde a dhéanamh ar gach uile fhocal a mbainfidh tú úsáid as i dtéacs. Nílim ag magadh. Bíonn a chuidfochialla,miontréithe agus a stair úsáide féin ag chuile fhocal san fhoclóir. Ní mór don scríbhneoir an cúlra sin ar fad a bheith ar eolas aige ionas nach spreagfaidh sé comhcheangail smaointe mí-oiriúnacha nó fiú amháin míthaitneamhacha in aigne an léitheora, i ngan fhios dó. (Mar shampla beag amháin, bhí plé nach beag idir mé féin agus na foilsitheoirí faoi theideal mo chéad úrscéil, Aiséirí. Ba é an chaoi gurbh ann, tráth, do Chraobh na hAiséirí (nó Glúin na Buaidhe mar a tugadh uirthi tar éis di dealú ó Chonradh na Gaeilge), eagraíocht náisiúnach fíorGhaelach agus saghas conspóideach ó thaobh na hidé-eolaíochta de. Anuas air sin, ar ndóigh, samhlaítear an focal ‘aiséirí’ go láidir le cúrsaí creidimh – agus ní leabhar reiligiúnda a bhí san úrscéal. Chloíomar leis an teideal sa deireadh – ach ba chinneadh eolach a bhí ann. 

Agus an tatú sin? Nílim cinnte. Leathanach bán é mo chliabhrach fós. Ar ámharaí an tsaoil, léirigh na tástálacha síceolaíocha áisiúla a líon mé isteach ar shuíomh Project Semicolon nach raibh claonadh láidir i dtreo an dúlagair, an neamhoird dhépholaigh ná na himní ionam. Más amhlaidh a bhí an scéal, cén fáth a bhfaighinn tatú lena samhlaítear a leithéid? Mar sin féin, ní éiríonn liom an smaoineamh a ruaigeadh as mo cheann. Seans go mbeidh orm mo chasadh féin a bhaint as an tsamhail. 

Fág freagra ar 'Cén fáth nach bhfaighfeá tatú a bhainfeadh leis an scríbhneoireacht?’'

  • Brendan Keane

    Aon smaoineamh faoi tatú agus ruaigeadh mé as mo cheann go hiondúil; ach ansin, do léigh mé an alt seo.