Cén fáth in ainm Dé gur thóg sé bás Lyra McKee chun polaiteoirí a thabhairt le chéile?

Cén seans go gcuirfidh marú barbartha díchéillí Lyra McKee tús le ré nua ó thuaidh?

Cén fáth in ainm Dé gur thóg sé bás Lyra McKee chun polaiteoirí a thabhairt le chéile?

Ba léir ar shochraid as an ngnáth an iriseora Lyra McKee i mBéal Feirste go raibh athruithe á n-éileamh ag an bpobal a bhí san eaglais, dul chun cinn sa pholaitíocht agus deireadh leis an bhforéigean.

Seirbhís idir-eaglaise san Ardeaglais Phrotastúnach do bhean aerach ó theaghlach Caitliceach. Bhí an méid sin neamhghnách ann féin. Ina theannta sin bhí gach cineál duine ó gach cineál aicme i láthair, léargas ar an meas agus ar an gcion a bhí ag an iriseoir óg ar dhaoine beag beann ar a gcúlra. Bhí dáimh ar leith aici leo sin a fágadh ar an imeall.

Bhí lucht na cumhachta san Eaglais inné chomh maith, An tUachtarán, Mícheál D Ó hUigínn, an Taoiseach, Leo Varadkar, Príomh-Aire na Breataine Theresa May, ceannaire an fhreasúra in Westminster Jeremy Corbyn agus airí ón dá rialtas. Bhí ceannairí na bpáirtithe áitiúla  ann, Arlene Foster an DUP, Mary Lou McDonald agus Michelle O’Neill, Sinn Féin, Colum Eastwood an SDLP, Robin Swann an UUP, Naomi Long Alliance  agus Claire Bailey ón gComhaontas Glas.

Bhí an chuid ba dhrámatúla den tseirbhís neamhghnách freisin. Sheas an pobal in Ardeaglais Naomh Anna  ag bualadh bos nuair a thug sagart dúshlán na gceannairí polaitiúla logánta. San aitheasc a thug an tAthair Martin Magill, cara le Lyra agus lena muintir, mhol sé ceannairí na bpáirtithe as seasamh le chéile sa Chreagán i nDoire Aoine an Chéasta, in ómós don iriseoir agus in éadan na n-easaontóirí poblachtacha a mharaigh í.

Ach chuir an sagart caveat lena mholadh.

“Mar sin féin tá freagra na ceiste seo fós uaim: Cén fáth in ainm Dé go gcaithfeadh bean óg 29 bliain d’aois bás a fháil chun go dtarlódh seo?” .

Bhí míchompord na bpolaiteoirí follasach ach tar éis tamaill sheas siadsan freisin. Bhuail siad bosa amhail is gur ag breith ar neantóga a bhí siad. Bhí míshuaimhneas go háirithe le sonrú ar cheannaire an DUP, Arlene Foster.

Mheabhraigh an tAthair Magill dóibh gur theastaigh saol faoi shíocháin agus faoi rath ón bpobal ar fad, mar a theastaigh ó Lyra McKee. Seirbhísí maithe sláinte agus  oideachais chomh maith le deiseanna   fostaíochta.

Ba cheart go spreagfadh marú uafásach Lyra McKee tús nua i dTuaisceart Éireann, ar sé, chun deireadh a chur leis an bpairilis pholaitiúil agus leis an éadóchas  a chothaíonn foréigean  dreamanna ar nós an IRA Nua. Is treise an peann ná an claíomh an teachtaireacht a bhí le foghlaim ó Lyra agus b’in teachtaireacht an tsagairt do na paraimíleataigh.

Cén seans go mbeidh toradh dearfach ar a chuid cainte?  Nó go spreagfaidh an marú barbartha díchéillí athrú? Sa tseanaimsir ba mhinic daoine ag éileamh agus ag guí go n-athrófaí cúrsaí i ngeall ar uafás. Thóg sé achar fada. Níl na heasaontóirí  poblachtacha ná na dreamanna dílseacha atá ag iarraidh diansmacht a chur ar a bpobal féin chomh láidir is a bhí paraimíleataigh roimh 1994.

Ach sa ráiteas inar admhaigh siad gur mharaigh siad Lyra McKee, bhí sé soiléir go bhfuil sé i gceist ag an IRA nua leanacht lena bhfeachtas foréigin. Masla eile ab ea é a rá go raibh ‘treoir’ tugtha acu do bhaill chun “timpistí” ar nós an mharaithe i nDoire a sheachaint. Mura n-éiríonn leis an PSNI iad a cheansú agus dóthain fianaise a fháil lena gciontú sa chúirt, is mairg a bheadh ag súil le  haithreachas uathu. Tá gníomh á éileamh ag grúpaí pobail chun deiseanna  a sholáthar don óige sna ceantair is mó faoi mhíbhuntáiste, rud a chinnteodh nach mbeadh sé chomh héasca ag easaontóirí iad a mhealladh.

An bhfuil údar dóchais againn ó na  páirtithe polaitiúla?  Tá scagadh á dhéanamh ag an Tánaiste Simon Coveney  agus ag Státrúnaí an Tuaiscirt Karen Bradley ar chúrsaí féachaint arbh fhiú iarracht a dhéanamh cainteanna réitigh ollpháirtí a thionscnamh. Tabharfar tosaíocht do na toghcháin áitiúla an tseachtain seo chugainn agus do thoghcháin Pharlaimint na hEorpa an mhí seo chugainn, má bhíonn a leithéid ann.

Ina dhiaidh sin, cá bhfios.

Tá rún ag cairde Lyra McKee feachtas ag éileamh  cearta  agus  síocháin a choinneáil  sa tsiúl. Tá siad fuinniúil agus éifeachtach agus creideann siad go gcaithfear éisteacht. B’fhéidir gur léas dóchais é sin.

Fág freagra ar 'Cén fáth in ainm Dé gur thóg sé bás Lyra McKee chun polaiteoirí a thabhairt le chéile?'

  • Eoin Ó Murchú

    Teastaíonn saol faoi shíochain ó gach duine ciallmhmar, ach an síochain í ma shéantar bun-chearta ar chuid den phobal? An cóir do náisiúntóirí fanacht ina saoranaigh den dara grád, agus a gcuid éilithe ar chothromas, ar ionannas measa, ar Acht Teanga is eile a chur ar leataoibh? Nó an bhfuil an dualgas ar an dá rialtas – ar cómh-ráthóirí ar shocrú Chill Ríminn iad, an socrú a gheall Acht Teanga – na geallúintí sin a chur i bhféidhm.
    Ní saol faoi síocháin go saol na córa.

  • Seán Mag Leannáin

    B’fhéidir go gcruthódh amach anseo go raibh dúnmharú an iriseora óig agus ghníomhaí LADT* Lyra McKee ina chor cinniúna sa Tuaisceart (*Leispiach, Aerach, Déghnéasach agus Trasinscneach). Más amhlaidh an scéal cuirfidh sé leis an tragóid. Cuireann an gníomh fealltach seo i gcuimhne dúinn cé chomh leochaileach is atá an tsíocháin agus go gcaithfidh na polaiteoirí ar gach taobh seasamh chun tosaigh agus cruthú don saol gur féidir comhréiteach a fháil agus gan an stáitse a fhágáil dóibh siúd nach bhfuil le tairiscint acu ach an t-easaontas agus an t-éadóchas.

    Bhí alltacht orm nuair a léigh mé an cacamas claonta ar líne a scríobh daoine áirithe a thabharfadh le fios gur poblachtánaigh iad féin. Cé go ndeireann siad nach n-aontaíonn siad leis an ngníomh uafásach a rinneadh, trí é a chomhthéacsú i dtéarmaí a n-idé-eolaíochta cúng féin, déanann siad chuile iarracht an t-olc a bhaineann leis a cheilt agus a mhaolú.

    B’fhéidir nach raibh mé ar aon intinn le Lyra McKee faoi cheisteanna áirithe, ach molaim í as a misneach agus a diongbháilteacht ag iarraidh a cuid cúiseanna a chur i gcrích agus, thar rud ar bith eile, molaim í as a seasmhacht ar son na síochána. Gan an tsíocháin ní féidir aon athmhuintearas nó dul chun cinn ceart a dhéanamh. Mar a dúirt an laoch Martin Luther King tráth, “ Caithfimid dul i dtaithí ar mhaireachtáil le chéile mar dheartháireacha nó bás a fháil le chéile mar amadáin.”