Cén fáth go labhraíonn muid an Ghaeilge a labhraíonn muid agus an cuma?

Níl aon rath i ndán do chanúintí na Gaeltachta murar féidir dul i bhfeidhm ar an idé-eolaíocht fho-chomhfhiosach a rialaíonn briathra ár mbéil

Cén fáth go labhraíonn muid an Ghaeilge a labhraíonn muid agus an cuma?

An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach: an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge
Noel Ó Murchadha
Cló Iar-Chonnacht
€20

Níl aon uair dá gcloisim aon fhocal Gaeilge as béal duine nach dtéann sé i bhfeidhm orm, i ngan fhios dom féin go hiondúil. Ligim scód leis an bhfoghlaimeoir agus tachtaim an plucsálaí gairmiúil ar na meáin chraolta Ghaeilge.

Ní haon iontas mar sin go raibh an-suim agam sa leabhar An Ghaeilge sa Nua-Aoiseacht Dhéanach ó Noel Ó Murchadha nuair a chonaic mé an chuid eile den teideal ‘an meon i leith éagsúlacht teanga sa Ghaeilge’.

Leabhar acadúil é seo a dhéanann plé scolártha ar an tsochtheangeolaíocht agus an daonteangeolaíocht, an éagsúlacht atá le fáil sa nGaeilge agus an bealach a ndéantar duine nó dream a mheas ar aon éagsúlacht teanga a dtugtar suntas di ina gcuid cainte.

Déantar iarracht sa leabhar an éagsúlacht teanga sin a mhíniú mar chuid den iompar sóisialta a bhaineann le chuile dhuine againn.

An foghlaimeoir a éiríonn níos canúnaí ná an cainteoir dúchais a  bhfuil a chine ag labhairt na canúna sin le seacht nglúin. An duine a tógadh le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht (an cainteoir iarGhaeltachta, sa leabhar seo), a chuaigh ar Ghaelscoil agus ar choláistí samhraidh ach a labhraíonn Gaeilge atá saor ó thruailliú/smál chanúint na Gaeltachta. An déagóir óg Gaeltachta nár labhair focal Béarla ar an teallach riamh ach a labhraíonn leagan eile den Ghaeilge sin, ceann a labhraíonn cuid mhaith dá chairde agus dá chomhaoisigh agus a fheileann go binn dá gcúraimí.

Tuigim anois gur leid nó branda sóisialta atá sa teanga a úsáideann duine lena fhéiniúlacht agus a bhallraíocht i ngrúpa sóisialta ar leith a fhógairt don saol, bíodh sin ar bhonn aoise, aicme nó inscne.

Dúradh riamh ‘fág an tír nó bí sa bhfaisean’ agus is léir gur amhlaidh le teanga, má tá chuile dhuine eile ar d’aithne á rá ar an mbealach sin, is cuma céard a deir na riadairí ná na díograiseoirí foghraíochta, gramadaí is struchtúr faoi do theanga, is leat féin í.

Cuid den idé-eolaíocht iar-nua-aoiseach go bhfuil an duine aonair neamhspleách ar an tsochaí.

Glacadh leis le fada gurb í urlabhra na Gaeltachta traidisiúnta, más Gaeltacht shamhalta féin í, an múnla ardghradaim a bhí mar sprioc ag foghlaimeoirí agus múinteoirí araon ach is cosúil go bhfuil  an dearcadh sin ag athrú go tréan.

Bíonn gach teanga de shíor ag athrú ach tá an t-athrú ag tarlú sa nGaeltacht níos sciobtha ná mar a tharlaíonn de ghnáth. Sa saol atá anois ann níl an pobal bisiúil traidisiúnta teanga ann níos mó le canúint na háite a dhaingniú, níl na glúnta éagsúla den teaghlach i gcomhluadar a chéile mar a bhíodh, níl an siopa áitiúil féin ann mar áit tionóil, agus is láidre dá réir tionchar a gcairde agus na meán ar lucht labhartha na Gaeilge.

Na canúintí féin, tá siad ag nascadh le chéile agus á gclaochlú dá réir. Ní canúint aduain feasta í canúint Uladh ag an gConnachtach óg ó tharla na canúintí éagsúla le cloisteáil ar na cartúin ag páistí na tíre i dtús a saoil.

De réir an taighde agus na dtagairtí iomadúla sa leabhar seo, is léir go nglactar leis anois go mbaineann urlabhra thraidisiúnta na Gaeltachta cuid mhaith le daoine a rugadh roimh 1960 agus ní hí sin an sprioc foghlama ná sochtheangeolaíochta a bhíonn ag Gaeilgeoirí iarGhaeltachta ar mian leo a bhféiniúlacht féin a chruthú agus a léiriú.

Ní mór an teagmháil a bhíonn ag na cainteoirí Gaeilge sin le muintir na Gaeltachta agus go deimhin is beag a n-aird ar an nGaeltacht agus a saol féin á chruthú acu ina n-urlabhra féin a fheileann dá dtaithí saoil féin. Faigheann an cainteoir réidh le foirmeacha a bhfuil dearcadh diúltach aige ina leith, fuaimeanna an ‘chulchie’ a thugadh Béarlóirí áirithe ar m’aithne ar ‘ch leathan’ na Gaeilge agus is túisce a changlóidís a dteanga ná ‘chuala mé an chuach ar sceach’ a rá ar bhealach a cheap mise a bhí ceart is ceolmhar!

Glactar leis coitianta gur déagóirí is mó a stiúrann an t-aistriú teangeolaíoch na laethanta seo, ré ar a dtugtar an nua-aoiseacht dhéanach sa saothar seo. Tá na meáin lárnach agus líonmhar inár saol agus déanann siad dlisteanú ar pé leagan a bhíonn le cloisteáil uathu nó le léamh iontu. Ar ndóigh is iomaí sórt Gaeilge a bhíonn le fáil ar na meáin chéanna!

Is mór an dúshlán agus crá croí é seo d’aon duine a bhreathnaíonn ar an bhfoghraíocht, an ghramadach, an chomhréir agus na struchtúir nua seo mar chomhartha meatha agus dul i léig seachas mar chomhartha borrtha agus fáis.

Maítear gurb é léamh an phobail ar an teanga chaighdeánach ná ‘urlabhra an dream a bhfuil greim acu ar an gcumhacht pholaitiúil agus a mbronntar gradam sóisialta orthu de bharr go bhfuil seasamh inmhianaithe acu sa tsochaí’. Is ag an dream céanna a bhíonn smacht ar an gcóras oideachais agus ar na meáin chraolta agus chlóite. Is minic dá réir gur ag na daoine atá ar an imeall, gan cumhacht ná údarás, a bhíonn an teanga ‘neamhchaighdeánach’.  D’fhéadfaí a mhaíomh gur ‘leatrom sóisialta’ atá san imeallú sin, mar a rinneadh ar theanga na ndaoine gorma sna Stáit Aontaithe nó ar lucht Multicultural London English. Go minic is le dímheas a úsáidtear an leagan ‘Gaelscoilis’ seachas mar chomhartha beochta is foráis.

Ar ndóigh níl an múnla traidisiúnta á chothú taobh istigh den Ghaeltacht ach an oiread agus tá ceacht tábhachtach dúinn uilig sa bhforás atá ar urlabhra na hiarGhaeltachta, chúns atá a mhalairt ag tarlú sa nGaeltacht.

Ní léir go dtugtar aon aird ar chanúintí traidisiúnta na Gaeltachta a chothú mar chuid den pholasaí oideachais. Cuireann Noel Ó Murchadha fianaise acadúil ar fáil lena léiriú go gcuireann an córas caighdeánach scríbhneoireachta leis an athrú canúna agus teanga, rud ba léir dom riamh. Luaitear saothar fiúntach Chomhar Naíonraí na Gaeltachta ach is orthu féin a bhíonn sé na hacmhainní a réiteach agus tagann deireadh leis an aitheantas sin don chanúint áitiúil sa gcóras oideachais foirmeálta ina dhiaidh sin.

Sna bunscoileanna sin atá aitheanta mar scoileanna Gaeltachta, is faoin múinteoir bocht a bhíonn sé an scéim léitheoireachta a chur in oiriúint do chanúint na háite. Gasúir óga ar m’aithne anseo i gConamara tá siad fós ag léamh leabhar ina bhfuil Mam ag obair ‘sa ghort’.

Nó céard faoin Mam i gConamara nó i gCiarraí ‘ina seasamh ar an bhosca’ nó ag cur uisce amach ‘leis an channa’, nuair nach dual d’aon Mham ná páiste lasmuigh d’Ulaidh a bheith d’uireasa a n-urú.

An nglactar leis go dtuigeann gach múinteoir cúrsaí canúna agus go ndéanfaidh sé/sí ‘canúintphrofáil’ ar na téacsanna?

Is léir ón taighde seo nach bhfuil aon rath i ndán do chanúintí na Gaeltachta murar féidir dul i bhfeidhm ar an idé-eolaíocht fho-chomhfhiosach a rialaíonn briathra ár mbéil.

Ceist eile ar ndóigh an fiú nó ar chóir seasamh roimh rabharta?

Nach mór an faoiseamh fianaise na n-údar a bheith anois ag tuismitheoirí agus múinteoirí go nglacann grúpa daoine i ngach teanga an leibhéal is ísle teanga chucu féin agus iad ag caint lena chéile agus nach i gclós scoile ná i seomraí ranga na Gaeltachta amháin a tharlaíonn? Oiriúnú don timpeallacht ar mhaithe le bheith bonn ar aon leis an gcuid eile den ghrúpa.

Sílim féin go bhfuil an-tábhacht ag baint leis an taighde seo agus is é an feall nach léifidh cuid mhór de na daoine is mó a bhainfeadh leas as go deo é, cheal ama, cheal misnigh, agus cheal bhéarlagair na hacadúlachta.

Tuigim gur leabhar léinn é ach má fhoilsítear saothar ar an margadh oscailte toisc go mbraitear tábhacht a bheith leis an ábhar, nach bhfuil dualgas ar lucht léinn toradh a gcuid taighde, saineolais agus léinn a chur ar fáil i bprós soiléir inléite? Cé mhéad gnáthdhuine neamhacadúil eile mo leithéid féin a mbeadh an t-am agus an t-allas le spáráil acu le meabhair is adhmad a bhaint as prós crochta mínádúrtha?

A lucht léinn is saineolais, nach bhféadfadh sibh oiriúnú a dhéanamh ar bhur ngaois agus bhur gcuid taighde chun leasa lucht cosanta na teanga – tuismitheoirí, múinteoirí agus lucht pleanála teanga?

Ceist mhór eile í sin i measc na gceisteanna go léir ar gá déileáil leo más áil linn go mairfeadh teanga ár sinsir scaitheamh eile.

Fág freagra ar 'Cén fáth go labhraíonn muid an Ghaeilge a labhraíonn muid agus an cuma?'

  • Mol an Óige

    Is geall le míorúilt é go bhfuil roinnt déagóirí Gaeltachta fós ag caint i nGaeilge lena gcáirde agus a bhfuil de dhrochmheas á léiriú ar a gcanúint “IarThradsiúnta” sic; canúint a d’fhoghlaimm siad óna dtuismitheoirí, ó na meáin Ghaeilge agus óna gcomhaoisigh ach atá á labhairt mar sin fhéin.
    B’fhearr le go leor saineolaithe teanga an Ghaeilge a bheith marbh ná a bheith simplithe .

  • Seán Ó Floinn

    Chaith mé súil ar an leabhar seo ach ní fhéadfainn mórán céille a bhaint as de bharr bhéarlagair na hacadúlachta, faoi mar a luann tú féin. Ní gá go mbeadh sé amhlaidh – tá saothair acadúla ann ar ábhair chasta agus iad breá soléite.

  • Seán Mac Bhriain

    Chuideodh sé dá múinfí cén chaoi leis an bhfocal scríofa a léamh. Chonaic muid ar fad bealaí difriúla le “féin” a scríobh ach níor míníodh an chúis leis an “f”. Tóg sampla: cén chaoi a ndeirtear “déarfadh” sna canúintí éagsúla? An gcaithfear 5 litriú éagsúla a bheith ann don fhocal amháin, nó an leor a mhíniú do dhuine cén chaoi leis an “tjiaahng-ha shkcreeuofah” a léamh?

  • Seán Mac Bhriain

    Meas tú nach bhfuil gasúir á meas faoina gcumas má deir muid go gcuirtear mearbhall orthu nuair a léann siad “sa ghort” ar scoil agus go ndeireann siad “sa ngarraí” ar an teallach. Bainimse le glúin nár chuir sé sin mairg orainn.
    Lá amháin táthar ag maíomh go bhfuil buntáistí “cognaíocha” ag baint le dátheangachas agus lá eile bítear ag caoineadh na cúngchanúna.
    (Tuigim nach é sin atá san alt seo, ach is maith atá a fhios agam go bhfuil Saineolaithe Saghdta na Spallaí sa bhféar fada.)