Cén fáth go dtéitear thar fóir ar fad le scéalta faoi Roy Keane agus Serena Williams?

Ceird na hiriseoireachta spóirt a bheith athraithe ó bhonn is cionsiocair leis an dúil i scéalta áirithe

Cén fáth go dtéitear thar fóir ar fad le scéalta faoi Roy Keane agus Serena Williams?

Racht feirge Serena Williams in Flushing Meadows, áit ar thug sí ‘gadaí’ ar an maor, scéalta fadálacha Roy Keane agus é ag liobairt Harry Arter agus Jonathan Walters agus, Dia idir sinn agus an anachain, cáineadh déanta ar Mickey Harte ag duine dá chuid imreoirí.

B’in a chuir ag cuimhneamh le gairid mé go gcaithfidh go bhfuil lúthchleasaithe an lae inniu i bhfad níos cantalaí agus níos coilgní ná a bhí siad siúd a chuaigh rompu.

Ach an bhfuil? Scrúdaíodh muid cás na leadóige ar dtús báire.

Fadó, fadó mar a déarfadh an scéalaí, ba é an corn an t-aon luach saothair a bhí le fáil as na morchomórtais oscailte, ní áirím cinn nárbh iad. Feisteas agus bróga chomh geal leis an eala a bhíodh á gcaitheamh ag imreoirí a bhíodh néata pioctha, dream nach bhfaigheadh locht ar rialú maoir fiú dá mbeadh an té sin chomh dall le Mr. Magoo na teilifíse. (Más faoi bhun an leathchéid tú, labhair le pinsinéir faoi siúd!).

Ansin tháinig an ghairmiúlacht, tosaíodh ag glacadh le brístí daite do na fir (scaoilte agus go glúin scaití), léinteáin de dhathanna an tuair cheatha nó go dtáinig an t-am nach raibh cás ná náire ar na mná a gcuid tóineanna lása a ’speáint don domhan mór.

Ní raibh siad ar fad chomh múinte agus a bhíodh ‘na báin’ ach an oiread – corr-aisfhreagra, monabhar múchta faoina n-anáil agus cur na súile tríd an té a bhí ar an gcathaoir ard.

Ba mhinic go mba é John McEnroe a bhíodh i lár an aonaigh, ach ní ina aonar a bhíodh sé – i gComórtas Oscailte na hAstráile tráth mhol Andy Roddick d’aon pháiste a bheadh ag féachaint ar an gcluiche ar an teilifís a bheith dílis dá gcuid scolaíochta nó nach mbeadh de rogha mar shlí bheatha acu ach a bheith ina maoir leadóige.

Imreoir darbh ainm Jeff Tarango a thug an bhuaic leis. In Wimbledon i 1995 d’fhógair seisean ar an lucht féachana a gclabanna a choinneáil dúnta, d’ith na cluasa den mhaor a ghearr pointe pionóis air dá bharr sin agus de phreab, bhailigh a chuid balcaisí le chéile agus bhuail bóthar – an chéad uair riamh ar tharla a leithéid i mórchomórtas.

Agus iriseoirí á cheistiú i ndiaidh na hócáide, tháinig a bhean chéile isteach ina measc agus dúirt go raibh sise tar éis dhá chlabhta a bhí tuillte go maith aige a thabhairt don mhaor.

Ní gá a rá nach bhfuair Tarango – ná an bhean, déarfainn – aon chuireadh ar ais an bhliain dár gcionn.

Cluiche aonair den chuid is mó é an leadóg, ar ndóigh. Dá bharr bíonn an choimhlint agus an réiteoireacht thar a bheith pearsanta. Sa lá atá inniu ann bíonn flúirse ceamaraí agus micreafón timpeall na cúirte agus nuair a tharlaíonn raic is é scéal chuile dhuine é.

I gcoitinne ní dóigh go bhfuil imreoirí leadóige na linne seo a dhath níos míbhéasaí ná a bhí a sinsir. Sin a cheapaim.

’Sí mo bharúil freisin gur ionann cás d’imreoirí sacair, peile agus iomána, ach tá cúis eile ar fad faoin méadú atá tagtha ar an bpoiblíocht a fhaigheann achrainn, easaontais agus eachtraí a tharlaíonn taobh amuigh den pháirc agus a bhaineann leo.

Ceird na hiriseoireachta spóirt a bheith athraithe ó bhonn is cionsiocair leis. Sin an chúis go bhfuiltear gafa thar fóir ar fad mar gheall ar an íde béil a thug Roy Keane d’Arter agus do Walters agus an méid poiblíochta a fuair an tuairim a nocht Seán Kavanagh go mb’fhéidir faoin tráth seo go raibh iomarca cumhachta ag a iarbhainisteoir.

Nuair a thug mise faoin gceird sin fadó bhain an cúram le heolas a charnadh do na héisteoirí nó na léitheoirí – réamheolas a bhain leis na coimhlintí móra a bhí ar na bacáin agus ansin, lena linn nó lá arna mhárach, cuntas a thabhairt ar an aicsean agus ar thuairimí imreoirí agus bainisteoirí ina dhiaidh.

Bhíodh leabhairín teileafón an iriseora spóirt lán le huimhreacha peileadóirí, iománaithe, traenálaithe, leo sin a bhí fós i lár an aonaigh agus iad siúd a bhí éirithe as, agus a mbunáite breá sásta cúpla ceist a fhreagairt, mura raibh an imirt ar leic na tairsí.

Agus na cluichí thart bhíodh fáilte roimh thuairisceoirí isteach sna seomraí feistis – fiú tar éis Chluichí Ceannais na hÉireann – fad agus a bhí tamaillín tugtha do na buaiteoirí lena n-anáil a tharraingt agus do na caillteoirí cúpla deoir a shileadh.

Nuair a tháinig an t-athrú sa gcás seo, níorbh airgead ba chúis leis ach gairmiúlacht de chineál eile – an meon agus an traenáil a chleachtann siad siúd a bhíonn ag saothrú a gcoda de bharr spórt a bheith mar shoiscéal ag an dream a bhí ina bhun mar chaitheamh aimsire.

Diaidh ar ndiaidh laghdaigh an teacht a bhí ag iriseoirí ar imreoirí agus ar bhainisteoirí. Tháinig an nós i réim gur ag ‘oíche na meán’ a thiocfadh an t-aon seans a bheadh ar fáil le labhairt lena leithéid. Le deich mbliana anuas, faraor, tá sé tagtha sa saol nach bhfuil iontu sin féin ach mugadh magadh – gan romhat ach imreoir amháin agus cúpla ionadaí.

Tá na bealaí ar féidir le hiriseoirí an lae inniu a theacht ar a gcuid ábhair chomh smachtaithe agus a d’fhéadfadh sé a bheith. Cúpla uair sa tseachtain tiocfaidh eolas chugat á rá go mbeidh lainseáil á dhéanamh ag Cumann Lúthchleas Gael, an FAI nó ag an IRFU ar fheachtas éicint, nó go mbeidh comhlacht a bhfuil comhcheangal acu leo, ag déanamh óstála ar ócáid ag a mbeidh cúpla imreoir i láthair.

Bíonn a gcuid eagair féin ar ócáidí dá leithéid, teacht ar imreoir amháin acu siúd a bheas á chraobhscaoileadh an tráthnóna sin, duine eile do nuachtáin an lae amárach agus duine eile fós b’fhéidir do mheáin an Domhnaigh.

Is fadó imithe le gaoth freisin an deis a bhí ann do chos a leagan sa seomra feistis. Inniu tabharfar an bainisteoir agus imreoir amach chugat agus is le chuile dhuine i láthair úsáid a bhaint as freagraí na gcúpla ceist is túisce a chuirtear, tá na ceisteanna a leanann sin roinnte mar atá luaite thuas agam.

Is beag an milleán faoi seo atá le leagan ar na heagraíochtaí i gceannas. D’fhág an méadú thar cuimse atá tagtha ar na córais chumarsáide nach raibh de rogha ann ach an seanbhealach a chaitheamh i dtraipisí.

Ní hé pléascadh na meán cumarsáide an t-aon athrú atá ar an gceird ach an oiread – tá leagan amach nua ar bhunchloch agus ar mhianach na hiriseoireachta spóirt. Nuair a thugann tuairisceoirí spóirt an lae inniu faoi chuntas a scríobh ar chluiche tá a fhios acu go bhfuil mionsonraí na himeartha ar eolas agus go deimhin, seans feicthe ag tromlach a gcuid custaiméirí. Ní mór dóibh a saothar a leagan amach dá réir.

Agus comhrá á dhéanamh cos an chuntair inniu faoina raibh le cloisteáil ar theilifís RTÉ nó ar pháipéir na seachtaine faoin gcluiche mór, ní hé an méid a bhí le rá nó scríofa ag an iriseoir spóirt a bheidh tarraingthe anuas. Bainfidh sin lena dtáinig amach as béal Joe Brolly, Pat Spillane, Colm O’Rourke, Peter Canavan, Cyril Farrell, Ger Loughnane agus a leithéidí, nó ó pheann Darragh agus Thomáis Uí Shé, Jim McGuinness, Graeme Souness, srl.

Laochra an lae inné a thiomáineann clár oibre iriseoireacht spóirt na linne seo. Níl ag an tuairisceoir bocht ach a bheith ag súil nach fada go gcaillfidh Serena Williams nó Roy Keane an bloc arís.

Fág freagra ar 'Cén fáth go dtéitear thar fóir ar fad le scéalta faoi Roy Keane agus Serena Williams?'

  • Conor Chawke

    Píosa frithbhanda, mórchúiseach é an alt seo. Tá coimpléacs uasleachta follasach ag an údar agus é ag caint faoi imreoirí an mílaois nua agus an méid a bhíonn á chaitheamh acu. Cáineann sé Williams toisc go raibh sí ag liobairt ar an maor ach bhí an údar féin ag liobairt ar Williams agus a chomhimreoirí mar gheall ar na brístí gearr a bhíonn á chaitheamh acu. Is léiriú é an údar ar na fadhbanna le choiméadachas nimhiúil agus le ghnéasachas a bhfuil againn in Éirinn. Nuair a bhfuil daoine mar an údar seo ag scríobh as Gaeilge, ní haon iontas nach bhfuil dúil ag daoine óga ár teanga dúchasach a labhairt.