Cén fáth go bhfuil muid inár dtost faoin éagóir cúirte i gcoinne na Catalóine?

Cad a d’imigh ar chnámh droma an Rialtais seo, ar chnámh droma an Stáit seo?

Cén fáth go bhfuil muid inár dtost faoin éagóir cúirte i gcoinne na Catalóine?

Níl aon chomparáid idir é an agus ionradh fuilteach na Tuirce i gcoinne na gCoirdíneach i dtuaisceart na Siria, ach is náireach an rud é mar sin féin cinneadh na cúirte sa Spáinn an tseachtain seo caite faoi cheannairí na Catalóine.

Gearradh téarmaí fada príosúin ar pholaiteoirí agus ar fheachtasóirí as an gCatalóin nach ndearna tada dáiríre ach iarracht reifreann síochánta a reáchtáil ar son neamhspleáchas na tíre sin.

Tá rialtas agus breithiúna na Spáinne – an bhfuil aon difear eatarthu? –  ag maíomh gurb é riail an dlí atá á cosaint acu agus go bhfuil na ceannairí seo as an gCatalóin á gcur i bpríosún ní mar gheall ar iad a bheith ag lorg neamhspleáchais ach toisc gur bhris siad an dlí.

Ach sin croí an scéil. Níor bhain na polaiteoirí seo leas as foréigean ach fós bhí sé in aghaidh dhlí na Spáinne iarracht a dhéanamh guth a thabhairt do mhuintir na Catalóine agus deis a thabhairt dóibh a dtuairim féin faoin scéal a nochtadh.

Ní bhaineann an t-iompar seo le daonlathas ach cuireann sé faisisteachas i gcuimhne dúinn.

Agus cuimhnigh gur gearradh na téarmaí príosúin ar na ceannairí cothrom an lae ar mharaigh Franco, iar-uachtarán na Catalóine Llyus Companys, sna tríochaidí.

Níor chreid Franco ach an oiread go raibh ceart ar bith ag muintir na Catalóine – nó ag muintir Euscadaí, nó ag muintir na Gailléige – a gceart chun neamhspleáchais a dearbhú, nó fiú a gcuid teangacha dúchais a labhairt is a úsáid go poiblí.

Agus cá seasann an tAontas Eorpach i dtaobh an scéil seo? Ina thost atá siad, seasta ar an taobhlíne, is cosúil.

Bíonn an tAontas glórmhar go maith maidir le riail an dlí sa bPolainn agus san Ungáir, agus go deimhin bíonn an Coimisiún ag bagairt go mbainfear cearta díobh mura mbíonn a n-iompar ag teacht le ‘luachanna’ an Aontais.

Ach ní raibh gíog ar bith as an Aontas maidir leis an gCatalóin. Nach fimíneacht cheart é a bheith ag caint ar luachana an daonlathais i gcás amháin ach gan tada a rá fúthu sa chás eile?

Sea, is náireach an scéal é, ach is measa fós seasamh rialtas na hÉireann. D’iarr Sinn Féin ar an Rialtas na Spáinnigh a cháineadh mar gheall ar an éagóir seo. An freagra? Ní bheadh sé cuí – ’sea, cuí – aon rud a rá faoi!

Anois b’fhéidir go ndearnadh ráiteas i ngan fhios dom, ach níor chuala mé aon cháineadh ach an oiread ó Fhianna Fáil nó ó Pháirtí an Lucht Oibre.

Ní raibh an drogall céanna ar Nicola Sturgeon, céad aire na hAlban, a cháin an cinneadh cúirte go géar is a d’iarr ar an bpobal idirnáisiúnta brú a chur ar an Spáinn na polaiteoirí a scaoileadh saor.

Cá bhfuil cnámh droma an Rialtais seo nó, go deimhin, cnámh droma an Stáit seo?

Dhá bhliain ó shin mhínigh Albert Royo-Mariné, ceann de na ceannairí as an gCatalóin, gur thug an Chatalóin tacaíocht do ghluaiseacht na saoirse in Éirinn chomh fada siar le 1880.

Ach is cosúil nach bhfuil an oiread sin measa ag an Rialtas nó ag bunaíocht reatha an Stáit ar chath na saoirse abhus. Tuige a mbeadh meas acu ar an tsaoirse i dtír ar bith eile nuair nach maith leo go dtabharfaí ár dtroid féin chun cuimhne?

Is cosúil go bhfuil tionchar mór ag gné eile den scéal seo ar an Rialtas, is é sin, an chomhghuaillíocht láidir idir an Spáinn, an Ghearmáin agus an Fhrainc san Aontas Eorpach. Prionsabail agus luachanna? Caitear i leataobh iad go léir nuair a oireann sé do lucht na cumhachta san Eoraip.

Bímse cáinteach faoin Aontas Eorpach ar bhonn rialta, ar ndóigh, ach an amhlaidh nach féidir leo siúd a chreideann gur chun ár leasa é fanacht san Aontas aon cháineadh ar chor ar bith a dhéanamh orthu, fiú nuair atá feall chomh frith-dhaonlathach i gceist agus atá i gceist i scéal cheannairí na Catalóine?

Tá an Rialtas seo againne, agus an tAontas Eorpach ar fad, ciontach san éagóir neamhdhaonlathach seo. Ár dtost is cúis le sinne a bheith ciontach.

Agus tusa, a léitheoir, nach bhfuil dualgas ortsa labhairt amach faoi seo freisin nó an tábhachtaí duit rochtain ar mhargadh ná an daonlathas?

Cáintear an Pholainn as brú polaitiúil a chur ar na breithiúna ansin. Cáintear an Ungáir as smacht an rialtais ar na meáin chumarsáide ansin. Nach brú polaitiúil atá rialtas na Spáinne ag cur ar na breithiúna?

Agus cén cineál saoirse cainte nó saoirse smaointeoireachta atá ag muintir na Catalóine más féidir leis an stát polaiteoirí a chur i bpríosún as gníomhú in aghaidh pholasaí an rialtais?

An fíor, mar sin, nach cuí é aon rud a rá faoin scéal seo, mar a mhaíonn ár Rialtas? Nó an bhfuil dualgas ar an té atá macánta labhairt amach?

Fág freagra ar 'Cén fáth go bhfuil muid inár dtost faoin éagóir cúirte i gcoinne na Catalóine?'