Oidis chócaireachta agus treoirlínte fearas tí as an áireamh, iarracht de chuid an scríbhneora cuid dá dhearcadh ar an saol a léiriú don léitheoir a bhíonn i bpíosa scríbhneoireachta ar bith, dar leis an ngúrú scríbhneoireachta as Meiriceá Dorothea Brande, údar an leabhair iomráití Becoming a Writer a foilsíodh sa bhliain 1934 agus nach ndeachaigh as cló riamh.
Ní mór don té a bhíonn i mbun pinn a bheith lánchinnte é féin faoin dearcadh saoil a bhíonn le brath ar a chuid scríbhneoireachta, a scríobhann Brande, agus aontaím léi. Ag ‘caint san aer’ a bhíonn an scríbhneoir nach mbíonn a chosa i dtaca aige ar bhunchloch láidir prionsabal agus tuairimí. Is agamsa atá a fhios: is minic cheana gur mothaigh mé amhail is gur ar chlabhtaí boga bána a bhí mé i mo sheasamh agus tuairim éigin nach raibh mé féin céad faoin gcéad cinnte faoi á nochtadh agam i bpíosa iriseoireachta nó le brath ar phíosa ficsin dár scríobh mé.
Molann Dorothea Brande don scríbhneoir buncheisteanna an tsaoil a fhreagairt dó féin ionas go mbeidh tuairim chruinn aige faoin dearcadh saoil a léireoidh sé in chuid scríbhneoireachta, go feasach nó i ngan fhios dó féin. Ag tógáil ar an gceistiúchán a réitigh Brande in Becoming a Writer, seo thíos cúig cheist a mholfainn do scríbhneoirí Gaeilge a chur orthu féin. Is féidir cur leis an liosta, ar ndóigh.
1. An gcreideann tú i nDia nó i bhfórsa(í) osnádúrtha?
Faighim féin an cheist seo an-deacair le freagairt. Ach ós rud é go mbíonn cúrsaí creidimh fite fuaite le cultúr pé pobal, níl rogha ag scríbhneoir – fiú scríbhneoir nach mbeadh creideamh aige – ach a mhachnamh a dhéanamh fúithi. Sa deireadh, shocraigh mé gur freagra bailí é ‘tá mé cinnte nach bhfuil mé cinnte’.
2. An bhfuil dúil agat i mná nó i bhfir nó sa dá inscne?
Cuid chomh bunúsach de phearsantacht an duine a chlaonadh gnéis go mbíonn tionchar as cuimse aige ar a dhearcadh ar an saol. Mura mbíonn tú cinnte faoi do chlaonadh gnéis féin nó má dhéanann tú iarracht é a cheilt, beidh an éiginnteacht sin le brath ar do chuid scríbhneoireachta. Ar an ábhar sin, an ‘sé’ nó ‘sí’ thú nó an duine neamh-dhénártha thú?
3. An gcreideann tú sa rud ar a dtugtar grá? Agus céard faoin rud ar a dtugtar cairdeas
Bíonn difear ollmhór idir dearcadh saoil an té a chreideann sa ghrá agus sa chairdeas agus dearcadh saoil an té a mheasann gur ‘ag cur ar a shon féin’ a bhíonn chuile dhuine. Beidh tionchar ag pé dearcadh a bhíonn agat féin ar an gceist seo ar do chuid scríbhneoireachta agus bheadh sé chomh maith agat a bheith ar an eolas faoi.
4. Céard í an fhadhb is mó ar domhan i láthair na huaire?
An ghéarchéim aeráide a déarfainn féin. Seans gur ‘leatrom ar mhná’, ‘teacht chun cinn na heite deise’ nó ‘bánú na tuaithe’ a déarfadh scríbhneoirí eile. Bíonn ceisteanna áirithe ag dó na geirbe ag scríbhneoir thar cheisteanna eile. Ba cheart dó fios a bheith aige féin, ar a laghad, cé hiad na ceisteanna a ndéarfaidh lucht léirmheastóireachta ina dtaobh gurb iad ‘na clocha is mó ar a phaidrín’.
5. Cén fáth a scríobhann tú (nó nach scríobhann tú) i nGaeilge?
Má tá Gaeilge agat agus má bhíonn suim agat sa scríobh, ní ceadmhach éalú ó cheist na teanga. Is cuma liom sa sioc cén teanga ina scríobhann tú agus cén fáth, chomh fada is a bhíonn tú cinnte faoin bhfreagra tú féin: rogha phearsanta atá ann gan dabht ach pé rogha a dhéanfaidh tú iarrfar ort í a mhíniú agus a chosaint go dté tú i gcré agus seans ina dhiaidh sin. Bheadh sé chomh maith agat d’fhreagra a bheith réitithe agat roimh ré.
Eoin Ó Riain
Is cuimhin liom tráth bhí Heinrich Boell faoi agallamh ar an BBC (nó stáisiún éigin i Sasana). Cuireadh an ceist air “Cén fáth nach scríobhann tú i mBéarla?” – bhí Béarla an mhaith aige. D’fhreagair sé: “If I wrote in English I would be more English than the Prime Minister!”
Tá cuid den fhirinne ansin sílim!
N’fheadair cén fhreagra a bheadh ar na scríobhnóirí Éireannacha a scríonn i mBéarla!