Cén fáth a n-éireodh na paraimíleataigh as má tá ciste le fáil acu?

Liosta le háireamh iad ‘na hionadaithe pobail’ gur iarpharaimíleataigh iad i gceantair bhochta

Cén fáth a n-éireodh na paraimíleataigh as má tá ciste le fáil acu?

Baineadh geit as an-chuid daoine nuair a tháinig sé chun solais go bhfuil na mílte ball in eagraíochtaí paraimíleatacha i gcónaí. Is minic caint ar an mbaol ó easaontóirí poblachtánacha, gearradh breis is scór bliain príosúnachta ar dhuine acu le gairid as dúnmharú Adrian Ismay, oifigeach príosúin, in 2016 agus tá an tIRA Nua gníomhach i nDoire go háirithe, áit ar mharaigh siad an t-iriseoir, Lyra McKee anuraidh. Tá an grúpa poblachtach, an tINLA, sáite i gcoiriúlacht, drugaí go speisialta.

Tharraing dílseoirí, faicsean den UDA in oirthear Aontroma, aird le déanaí nuair a bhagair siad go marófaí iriseoirí agus rinne easaontóirí poblachtacha iarrachtaí imeaglaithe den chineál céanna níos luaithe sa bhliain. Is minic aird ar an UDA i gContae Aontroma de bharr aindlí, ach ba í an nuacht faoi bhallraíocht ollmhór an UDA agus an UVF a chuir iontas ar dhaoine. Tuairiscítear go bhfuil an tIRA ar an bhfód i gcónaí agus cé go bhfuil roinnt gunnaí acu go bhfuil siad gafa go huile agus go hiomlán le togra polaitiúil Shinn Féin.

An mhí seo caite d’eisigh an IRC a thríú tuarascáil. ’Sé an IRC an Coimisiún a bhunaigh an dá rialtas in 2015 chun cuntas a choinneáil ar pharaimíleataigh agus conas a bhí ag éirigh le scéimeanna chun deireadh a chur le paraimíleatachas.

D’fhéadfadh ‘Níl siad imithe, tá a fhios agat’ a bheith tógtha ar iasacht acu mar theideal a dtuarascála.

Dhá bhliain is fiche i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta dúirt an IRC gur chontúirt iad na paraimíleataigh, go soiléir faoi láthair, cor atá do-chosanta agus a sháraíonn toil an phobail’. Is go rómhaith atá a fhios sin ag daoine sna comharsanachtaí ina bhfuil rath ar pharaimíleataigh, iad ag imirt cos ar bolg ar a bpobail féin den chuid is mó, “smacht comhéigneach” dar leis an IRC.

Áirítear go bhfuil 7,500 ball san UVF agus 5,000 san UDA, iad araon i mbun earcaíochta i gcónaí. Meastar go mbailíonn na heagraíochtaí suas le ceathrú milliún punt (£250,000) in aghaidh na míosa mar tháillí ó na baill; £5 sa tseachtain. Ina theannta sin, tá teacht isteach acu ó mhangaireacht drugaí, cambhrú cosanta, úsaireacht agus coireanna eile.

Mhaígh tuarascáil an IRC gur údar dóchais é Stormont a bheith ag feidhmiú arís. Bhí súil acu go dtabharfadh an Feidhmeannas faoin bhfeachtas as an nua, le breis fuinnimh chun deireadh a chur le paraimíleatachas. Is léir gur mhór ag an gCoimisiún tiomantas an Fheidhmeannais do mhaoiniú do na ceantair ina bhfuil na paraimíleataigh láidir. Faomhadh caiteachas £50 milliún do na cúig bliana go 2021 don straitéis um scor na bparaimíleatach, leath ó Westminster agus an leath eile ó Stormont.

Molann an Coimisiún dreas eile maoinithe. Teastaíonn uathu a dhul i ngleic leis an míbhuntáiste agus easpa deiseanna oideachais a dtagann na paraimíleataigh i dtír orthu. Céim ar chéim leis an maoiniú tá an tSeirbhís Póilíneachta agus Áisíneacht Náisiúnta Frithchoiriúlachta na Ríochta Aontaithe in ainm is a bheith gníomhach in aghaidh na ngrúpaí mídhleathacha.

Ós ag fás agus ag neartú atá na paraimíleataigh ní léir gur leor airgead ná cur chuige na bpóilíní don ngnó. Níl aon dabht ach go bhfuil gá le feachtais in aghaidh an bhochtanais agus gur i gceantair bhochta atá na paraimíleataigh ina dtíoránaigh, ag ligean orthu gur ar mhaithe lena bpobal é. ’Sí an fhadhb nach mór an infheistíocht a chosaint ó na paraimíleataigh agus tá sé fíordheacair é sin a dhéanamh, ní áirím contúirteach.

Liosta le háireamh iad ‘na hionadaithe pobail’ gur iarpharaimíleataigh iad i gceantair bhochta. Gan dabht déanann cuid acu obair fhiúntach ar mhaithe leis an gcoitiantacht, níl aon cheist faoi sin. Tá roinnt áfach a bhaineann leas as a stádas mar pharaimíleatach nó iarpharaimíleatach chun smacht ar chúrsaí áitiúla a ghlacadh dóibh féin agus dá n-eagraíocht.

Tugann sin deis dóibh a bheith páirteach go díreach nó go hindíreach sna scéimeanna forbartha a bhunaítear le hairgead ón bplean aistrithe. I bhfianaise iompar na bparaimíleatach go dtí seo, fiú mura mbíonn baint oscailte acu le scéim, tá gach seans go mbeidh siad in ann airgead a shracadh as lucht a stiúrtha dá mbuíochas.

Nach luíonn sé le réasún mar sin go gcoinneofar an t-aistriú ag imeacht chomh fada agus is féidir gan claochlú ar bith a dhéanamh? Tá seans gur féidir an t-athrú a cheannach ach is ar éigean a dhéanfar é gan an dlí a chur i bhfeidhm go tréan agus gan teorainn ama a chur leis an fhad a bheifear in ann a bheith ag cur i gcéill go scorfar na paraimíleataigh.

Cruacheist is ea í, cuid lárnach d’oidhreacht na dTrioblóidí. Ta sé thar a bheith riachtanach plean forbartha feidhmiúil a chur i gcrích chun míbhuntáiste a threascairt. Caithfear é a

dhéanamh gan ligean do na paraimíleataigh é a úsáid ar mhaithe leo féin. Agus caithfear na paraimíleataigh a ruaigeadh den stáitse ar bhealach dearfach, a sheachnóidh ceannairc. Ní leor na pingineacha astu féin chuige sin.

Fág freagra ar 'Cén fáth a n-éireodh na paraimíleataigh as má tá ciste le fáil acu?'