Nuair a bhí an Saoithín Aeráide ocht mbliana d’aois thaistil sé féin, a dheartháir óg, a mháthair agus cara mná lena mháthair go deisceart na Fraince ar thraein.
Lá agus oíche a thóg an turas: sé uaire an chloig ó Amsterdam Centraal go dtí an Gare du Nord i bPáras agus traein thar oíche ansin ó Paris-Gare-de-Lyon go stáisiún Valence sa Drôme. An bhliain 1983 a bhí ann agus ní raibh ach dhá líne thraenach ardluais ar chlár na cruinne: Shinkansen na Seapáine agus an TGV Sud-Est idir Páras agus Lyon – a bhí ag feidhmiú le dhá bhliain anuas an t-am úd agus a d’fheilfeadh go seoigh don Saoithín Aeráide agus a chompánaigh taistil murach costas ard na dticéad.
Is iomaí rud atá athraithe ó shin. Tá bearnaí le líonadh fós, ach síneann gréasán de línte ardluais fud fad na hEorpa: ó York Shasana soir ó dheas chomh fada le Napoli na hIodáile agus ó Malaga na Spáinne soir ó thuaidh chomh fada le Umeå i dtuaisceart na Sualainne. Is féidir le duine taisteal ó cheartlár Madrid go ceartlár Pháras nó ó cheartlár Londan go ceartlár Milano i lá amháin agus oiread bagáiste a thabhairt leis agus is mian leis, ar phraghas atá inchurtha le praghsanna na n-aerlínte ísealchostais ach ar bhealach atá i bhfad níos compordaí. Gan trácht ar an difear ó thaobh an aschur CO2 de.
Faraor géar, de réir mar a tháinig na traenacha ardluais agus na haerlínte ísealchostais chun cinn, tháinig deireadh, nach mór, le gréasán na dtraenacha oíche a cheangail mórchathracha mhór-roinn na hEorpa tráth. Sé bliana ó shin, chuir rialtas na Fraince deireadh ar fad le maoiniú na dtraenacha oíche a bhí fágtha sa tír sin.
Ach le blianta beaga anuas, a bhuíochas le dreamanna ar nós ÖBB Nightjet na hOstaire agus feachtasaíocht dhúthrachtach ghníomhaithe aeráide, tá fás ag teacht in athuair ar líon na dtraenacha oíche. Den chéad uair le blianta fada tá traenacha oíche ag rith idir Amsterdam agus Vín arís, idir Páras agus Nice, idir Stockholm agus Beirlín, agus tá comhlacht traenach úrnua darb ainm European Sleeper bunaithe a dhíreoidh ar thraenacha oíche amháin: ón samhradh seo ar aghaidh, ceanglóidh traenacha oíche an chomhlachta sin an Bhruiséil, Amsterdam, Hannover, Beirlín, Dresden agus Prág le chéile.
Cén fáth a bhfuil tú á rá seo ar fad linne a Shaoithín Aeráide, a deir tú. Tá muid inár gcónaí ar oileán i bhfad ó thraenacha ardluais agus traenacha oíche.
Bhuel, tá agus níl. Is féidir Londain a bhaint amach ar thraein agus ar bhád ó Bhaile Átha Cliath laistigh de lá amháin (ach beidh ort éirí go luath) agus is féidir Páras a bhaint amach trí Cherbourg laistigh de lá go leith.
Ach cén fáth a dteastódh uait lá agus oíche a chaitheamh ar bhád agus ansin lá agus oíche eile ar thraein más féidir leat eitleán a thógáil a thabharfadh go Nice nó go Barcelona thú laistigh de dhá uair an chloig go leith? Ar an bpraghas céanna nó fiú amháin ar phraghas níos ísle?
An dochar a dhéanfaidh a leithéid sin d’eitilt don timpeallacht as an áireamh, seo hé an fáth: cuimhní.
Cuimhníonn an Saoithín Aeráide ar chuile aistear fada traenach dá ndearna sé: an cábán beag teolaí ar an traein oíche úd go Valence, an radharc ar shneachta na bPiréiní idir Barcelona agus Perpignan, an radharc ar Mhuir Éireann ó chósta dorcha thuaisceart na Breataine Bige. Is mar a chéile a bhíonn an radharc trí fhuinneog eitleáin ar bith (tá scamaill go hálainn ach tar éis tamaill éiríonn siad fadálach) agus cuid mhór den am, ní in aice na fuinneoige a bhíonn tú pé scéal é agus ní bhíonn le feiceáil ach My Big Fat Greek Wedding 2 ar an scáileán beag i gcúl an tsuíocháin os do chomhair.
Agus saoire an tsamhraidh seo á pleanáil ag an Saoithín Aeráide, breathnóidh sé ar an aistear mar cheann scríbe ann féin.
Fág freagra ar 'Cén fáth a dtógfá bád agus traein go dtí an Mhór-Roinn má bhíonn oiread eitiltí saora ar fáil?'