Cén dochar a bheith ag taibhreamh faoi ‘Parasite’ na Gaeilge?

An gcloisfimid Gaeilge agus gol ar stáitse oíche Oscar?

Cén dochar a bheith ag taibhreamh faoi ‘Parasite’ na Gaeilge?

Tá cad é bús faoin bhfadscannán ón gCóiré Theas, Parasite, ó dhein sé slad oíche na nOscar. Chroch sé leis ceithre dhuais: an stiúrthóir is fearr, an saothar idirnáisiúnta is fearr, an scríbhinn nua is fearr agus an ceann mór, an duais don scannán is fearr. 

Ba é an chéad uair ag scannán i dteanga seachas an Béarla an duais dheireanach acu sin a thabhairt leis. 

’Sí tuairim na coitiantachta gur clochmhíle scannánaíochta atá ann a thabharfaidh uchtach dóibh siúd atá ag plé le tionscal na scannánaíochta i dtíortha eile agus i dteangacha seachas an Béarla.

Ar an lámh eile b’fhéidir nach bhfuil anseo ach cor beag agus go bhfillfidh muintir an Acadaimh ar a ngnáthnósanna an bhliain seo chugainn. Nach raibh cad é cainte faoi Crouching Tiger, Hidden Dragon i mbliain an dá mhíle agus na húdair ag tuar go raibh ré nua ar na bioráin. I ndeireadh an dála níor athraigh puinn.

Cinnte tá obair mhór déanta ag Netflix agus ardáin eile maidir le géarú goile na mBéarlóirí do scannáin agus sraitheanna teilifíse i dteangacha seachas an Béarla; The Bridge, The Killing, Narcos agus mórán eile nach iad. Lena chois sin maíonn mórán gur dhein lucht vótála Oscar éagóir ar an scannán Meicsiceach Roma, anuraidh. Chroch sé leis an duais don scannán i dteanga iasachta ach d’éirigh le Green Book an fear maith a fháil air sa phríomhrannóg.

Ach b’fhéidir go bhfuil na Béarlóirí éirithe taithíoch ar fhotheidil.

Nára iontach an rud é dá n-éireodh le saothar i nGaeilge deilbhín beag óir a thabhairt leis? Anuraidh is é ag trácht ar an scéim Cine4, luaigh Ardstiúrthóir TG4, Alan Esselmont, an mhian chéanna. Tá pinginí drámaíochta TG4 á n-infheistiú sa scéim seo agus tá an chomhghuaillíocht seo le Bord Scannán na hÉireann agus an BAI le dhá fhadscannán a thabhairt dúinn in aghaidh na bliana.

Tá sé cinn i mbun forbartha nó curtha thar abhainn go dtí seo agus moladh faighte cheana ag Finky agus Arracht nuair a taispeánadh ag féilte iad.

Ní féidir éalú ó cheist an airgid, áfach. Cé nach aon dóithín é an €1.2m de bhuiséad a bhronntar ar shaothair Cine4 bhí tarrac ar $12m ag Parasite agus is $15m a bhí ag Roma. Ní féidir le hairgead cumas a shárú, ach is féidir leis cumas a fhostú. 

D’fhéadfaí a mhaíomh chomh maith go raibh an bóthar réitithe don dá shaothar acu sin óir go raibh cáil idirnáisiúnta bainte amach ag na stiúrthóirí roimhe sin. ’Sé stiúrthóir Roma, Alfonso Cuarón, an té a sholáthraigh dúinn Y Tu Mamá También (2001) agus Gravity (2013). Ghnóthaigh an saothar deireanach acu sin seacht nduais Oscar, ina measc dhá cheann do Cuarón féin. Bhí stiúrthóir Parasite Bong Joon Ho ar an stiúir do Snowpiercer (2013) agus Okja (2017). Ós ag caint ar réalta sin bhí Antonio Banderas agus Penelope Cruz bainteach le hiontráil na Spáinne i mbliana, Dolor y gloria. Lena chois sin bhí Pedor Almodóvar, duine de mháistrí na scannán, ar an stiúir, fear a bhuaigh duais Oscar in 2003 to Talk to Her (2002). Dála an scéil is $11m an buiséad a bhí ag an saothar siúd.

Tá an bhreis inár n-aghaidh mar sin, ach ní fál go haer é.

Ní bheimid san iomaíocht gach bliain ná baol air ach má thagann an scríbhneoir, an stiúrthóir agus na haisteoirí cearta trasna ar a chéile lá breá éigin cá bhfios ná go mbeadh Gaeilge agus gol ar stáitse againn oíche Oscar.

Fág freagra ar 'Cén dochar a bheith ag taibhreamh faoi ‘Parasite’ na Gaeilge?'