Cén clár oibre is cóir a bheith ag Sinn Féin agus iad i mbun rialtais?

Le dul i bhfeidhm ar na bpobal beidh sé riachtanach don pháirtí mórfhadhb na tithíochta a réiteach go cinnte, agus éifeachtúlacht an rialtais a chruthú leis sin

Cén clár oibre is cóir a bheith ag Sinn Féin agus iad i mbun rialtais?

Tá Sinn Féin ag dul i dtreise i bpobalbhreith i ndiaidh pobalbhreithe agus seans maith ann go n-éireoidh leo tacaíocht 40% den phobal a fháil aimsir thoghcháin. Ach cén cineál rialtais, dáiríre, a chuirfidís ar fáil dúinn, nó céard iad na tosaíochtaí is cóir a bheith ag rialtas seo an athraithe?

Le bliain anuas tá Sinn Féin sa gcéad áit sna pobalbhreitheanna, agus iad trí nó ceithre phointe os cionn 30% go rialta. Ach le dhá mhí anois tá a gcuid tacaíochta sna hardtríochaidí. I gConnachta-Ulaidh, dar le Red C, tá os cionn 42% den tacaíocht acu.

Tá gach comhartha ann go mbeidh a gcuid tacaíochta ag dul i méad arís murar féidir leis an rialtas teacht ar sheift éigin a réiteoidh cuid de na mórfhadhbanna atá romhainn faoi láthair: tithíocht, costas maireachtála is cúrsaí sláinte. Is níl aon chomhartha ann gur féidir leis an rialtas é sin a dhéanamh.

Agus de réir mar atá Sinn Féin ag borradh tá na mórpháirtithe eile fágtha i bponc – Fine Gael ag 21% timpeall an figiúr céanna a bhí acu san olltoghchán, agus Fianna Fáil go tubaisteach thart ar 15%.

Bíonn na Glasaigh in ísle brí go rialta freisin, is níl aon teacht chuige féin le feiceáil i bPáirtí an Lucht Oibre, in ainneoin (nó mar gheall ar) gur rialaigh ceannaire nua an pháirtí sin, Ivana Bacik, aon chomhrialtas le Sinn Féin as an áireamh.

Ach má leanann Sinn Féin ag fás mar atá faoi láthair, beidh siad in ann comhrialtas a dhéanamh leis na Daonlathaithe Sóisialta is na neamhspleáigh ar an eite chlé. Drochscéal é sin do Fhianna Fáil, agus an chosúlacht air nach bhfuil ach seans amháin acusan le fanacht ábharthach don pholaitíocht sa tír seo agus sin sleamhnú isteach i rialtas le Sinn Féin.

Tuigeann Mary Lou McDonald, uachtarán Shinn Féin, mar a dúirt sí, nach mbeidh sé ar chumas an pháirtí gach fadhb a réiteach in aon seisiún rialtais amháin. Beidh, a dúirt sí, dhá théarma ar a laghad ag teastáil.

Tá an ceart aici ar ndóigh, agus ba bhotún mór é iarracht a dhéanamh cumas an rialtais a roinnt go róthanaí. Le dul i bhfeidhm ar na bpobal beidh sé riachtanach don pháirtí mórfhadhb amháin a réiteach go cinnte, agus éifeachtúlacht an rialtais a chruthú leis sin.

Gan aon dabht, is í ceist na tithíochta an fhadhb is mó. Beidh sé riachtanach don rialtas nua an-chuid airgid a chur isteach sa rannóg sin, ní mar dheontais do thógálaithe príobháideacha ach mar chuid d’fhiontar sóisialta poiblí.

Má éiríonn le Sinn Féin réiteach a chur i gcrích maidir le tithíocht, beidh siad ar an mbealach don dara téarma.

Ar ndóigh, tá ábhair eile nach mór aghaidh a thabhairt orthu freisin: an costas maireachtála agus cosaint éigin ó thionchar na smachtbhannaí ar an Rúis, cé gurb é an rud ab fhiúntaí maidir leis sin ná deireadh a chur le smachtbhannaí ach ní bheidh mórán tionchair acu ina dtaobh sin.

Beidh orthu freisin clár fiúntach a chur le chéile le déileáil leis an troid i gcoinne ab athraithe aeráide, agus bealach chun cinn a aimsiú nach leagann an t-ualach is mó ar na daoine is boichte ach a chuireann an t-ualach sin ar lucht an airgid.

Mar an gcéanna, tá infheistíocht le déanamh faoin tuath, san iarthar go háirithe. Clár fíordhaonlathach a chuirfeadh deireadh leis an éagothroime a cleachtadh riamh ar an iarthar ó bhunú an stáit.

Ag caint faoin stát, is féidir lánmhuinín a bheith againn go gcoinneoidh Sinn Féin tábhacht athaontú na hÉireann ina n-intinn, agus go mbrúfaidh siad sin ar aghaidh lena chinntiú nach mbeidh aon dul as ag na Sasanaigh ach reifreann faoin teorainn a reáchtáil.

Sin clár mór oibre agus gach aon ghné den chlár sin riachtanach.

Ach tá riachtanas eile ann. I ndiaidh na mblianta fada d’fhaillí is neamhaird, tá sé riachtanach go gcuirfí treisiú na Gaeilge ar ais mar chuid de phríomh-aidhmeanna an stáit.

Chuige sin, tá forbairt na Gaeltachta agus cosaint na Gaeilge sa nGaeltacht, ag barr na scuaine tosaíochtaí. Cinnte, tá Sinn Féin níos báúla le hathbheochain na Gaeilge ná aon pháirtí eile, ach mura bhfuil lucht na Gaeilge muid féin eagraithe le brú a chur orthu beart a dhéanamh de réir a mbriathar, beidh fórsaí eagraithe eile ann – sa státsheirbhís, sna meáin, sna hollscoileanna agus i gcomhluadair na meánaicme – le brú a chur orthu cúpla focal a dhéanamh de chlár na Gaeilge.

Ag deireadh thiar, ní fhéadfadh go mbraithfeadh an clár seo ar Shinn Féin amháin. Tá gá le heagraíochtaí pobail a bheith gníomhach lena chinntiú nach ndéanfar feall orainn.

Fág freagra ar 'Cén clár oibre is cóir a bheith ag Sinn Féin agus iad i mbun rialtais?'

  • Pádraig O'hEipicín

    Sin Féin í gceannais. Í bhfad uainn an t-olc. Go bhfoire Dia orainn.

  • An Buachaill Mór

    Caithfear aghaidh a thabhairt ar cheist na holl-inimirce chomh maith. Is léir go bhfuil sé sin ag cur an-bhrú ar sholáthar tithíochta sa tír seo.

  • Dónall Mac Billings

    A Eoin, a chara uasail,

    Léirigh tú go cruinn is go stuama na tosaíochtaí ba chóir a bheith i gclár rialtais dhream ar bith a bheas i mbun an chapaill caipitiligh sa rás seo na cumhachta.

    Cé nach n-aontaím leat i gcónaí, faoin Rúis mar shampla, molaim go hard thú as do anailís chruinn faoi na tosaíochtaí seo mar a leanas :-

    an ghéirchéim thithíochta, costas maireachtála, cúrsaí sláinte, easpa aontaithe i measc mhuintir na Gaeltachta, dearcadh an Stáit i dtaobh na Gaeilge, reifreann i dtaobh Aontú na Tíre seo srl.

    Ach ar an droch-uair ní féidir córas caipitilíoch riar ar chúrsaí soisialta agus ag an am chéanna géilleagair a mhaireann ar bhrabús agus láimhseáil boilsithe a chur chun tosaigh.

    Ar aghaidh chun bua ach sin a dhéanamh gan ‘Sinn Féin Caipitilíoch’ a bheith i gceannas !!!

    Dónall Mór Mac Billings
    Príosúnach Poblachtach

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laoise

    11/07/2022

  • Antóin

    Níl sé de mhisneach ag aon pháirtí an cheist sin a ardú gan a bheith ag caint ar aghaidh a thabhairt uirthi.

  • Concubhar

    Ba bhreá le Sinn Féin dhá théarma – sin deich mbliana ar a laghad – chun gach rud a éilíonn siad go ndéanfadh rialtas reatha thar oíche a chur i gcrich. Nach aisteach san! Agus tá Eoin sásta an am a thabhairt dóibh nach dtabharfadh sé do FF/FG. Ar ndóigh ní fios fós cad a tharlóidh tráth olltoghcháin! B’fhéidir nach dtoghfar in aon chor iad!