Cén chuma a bheadh ar léarscáil na hEorpa dá n-éireodh le lucht an neamhspleáchais?

Independence Day an teideal atá i léarscáil a fhéachann le léiriú a thabhairt ar an Eoraip mar bheadh dá n-éireodh le gach ‘náisiún’ inar léiríodh spéis sa neamhspleáchas é sin a bhaint amach

Cén chuma a bheadh ar léarscáil na hEorpa dá n-éireodh le lucht an neamhspleáchais?

Tá súile mhuintir na hEorpa ar an gCatalóin agus an Spáinn le cúpla seachtain anuas agus ceist neamhspleáchas na Catalóine ina cnámh spairne idir an dá thír, tá léarscáil a dhear Theo Deutinger, Filip Cieloch, agus Lucia de Usera á roinnt go forleathan ar na meáin shóisialta.

Independence Day an teideal atá tugtha ag an triúr dearthóirí ar a saothar agus maíonn siad gur léiriú atá ann ar an Eoraip mar a bheadh dá n-éireodh le gach ‘náisiún’ inar léiríodh spéis sa neamhspleáchas é sin a bhaint amach.

Tá an Chatalóin, chomh maith leis an Argóin, an Ghailís, Tír na mBascach agus ceantair eile i Spáinn na linne seo le feiceáil mar thíortha iontu féin ar an léarscáil agus teorainn acu leis ‘An Spáinn’ — atá le feiceáil mar thír gan chósta i lár Leithinis na hIbéire.

Léirítear freisin na tíortha Ceilteacha, Éire (aontaithe), Albain, an Bhreatain Bheag, Corn na Breataine, Manainn, agus an Bhriotáin mar thíortha flaitheasacha.

Spéisiúil go leor, tá Baile Átha Luain luaite mar ardchathair san Éirinn Aontaithe ar an mapa ar dearadh ar dtús é in 2015. Ba é Baile Átha Luain a moladh sa cháipéis Éire Nua, a scríobh na poblachtánaigh Ruairí Ó Brádaigh agus Dáithí Ó Conaill sna 1970idí, mar ardchathair na hÉireann.

Tugtar aitheantas ar an léarscáil do ghluaiseachtaí neamhspleáchais atá réasúnta mór agus do cheantar a samhlaítear cultúr ar leith leo go hidirnáisiúnta, leithéidí Flóndras agus Vallúin na Beilge.

Ach feictear ann freisin leithéidí Mercia agus Wessex Shasana — réigiúin nach samhlaítear leis an scarúnachas go hiondúil ach a bhfuil gluaiseachtaí beaga bídeacha neamhspleáchais iontu.

D’fhógair Comhdháil Bhunreachtúil Mercia, ceantar trí chontae i lár Shasana, a neamhspleáchas in Birmingham in 2003, agus tá polaiteoir tofa amháin ag an  bpáirtí polaitíochta Wessex Regionalists, a éilíonn rialtas dúchais do Wessex. Tá 16 ball sa North East Party a éilíonn rialtas dúchais do Northumbria.

Tá idir mholadh agus cháineadh déanta ar an léarscáil. Maítear gur mór idir gluaiseachtaí neamhspleáchais, ar nós gluaiseacht na Catalóine agus gluaiseachtaí a éilíonn tuilleadh aitheantais do chultúr agus do theanga réigiúnach taobh istigh de stát mór, ar nós cuid de na ceantair a léirítear sa Bhreatain.

Tá an dearadh agus úsáid na ndathanna ar an mapa molta ag tráchtairí eile ar líne agus roinnt daoine ag moladh go gcuirfí na teorainneacha a léirítear i bhfeidhm.

Tá daoine eile fós ann a bhreathnaíonn ar an léarscáil mar rabhadh ar a dtarlódh san Eoraip dá dtabharfaí cead a gcinn do na Catalónaigh anois.

Fág freagra ar 'Cén chuma a bheadh ar léarscáil na hEorpa dá n-éireodh le lucht an neamhspleáchais?'

  • Gabriel Rosenstock

    Tá cuma i bhfad níos spéisiúla ar an mapa sin dar liomsa ná an chuma a bheadh air dá mbeimis ar fad faoi bhratach Stáit Aontaithe na hEorpa, arm amháin againn, Aire Airgeadais amháin agus mar sin de. Ná bíodh eagla orainn roimh shaoirse agus neamhspleáchas.

  • Éadóchasach

    Éirigh as an tseafóid sin, a Ghabriel. Sa gcás go dteastódh saoirse agus neamhspleáchas ó dhaoine in áit áirithe, bheadh sé i bhfad níos éasca dóibh iad a bhaint amach dá mbeadh Stáit Aontaithe na hEorpa (.i. Oll-Stát Cónaidhme Eorpach) againn, seachas náisiúin-státitíní beaga a bhfuil a rás rite acu le blianta anuas. Ná fuil sé ar eolas agat go bhfuil bratach, traidisiúin agus féiniúlacht dá chuid féin ag gach ceann desna stáit atá páirteach i SAM, agus gurb ann dosna rudaí sin in éineacht le bratach, le traidisiúin agus le féiniúlacht SAM?

    É sin ráite – pé cuma a bheadh ar an Stát a bhfuil cónaí orthu ann -, ní mór de mhuintir na háite a bheith ar aon tuairim maidir leis an sainmhíniú a thugaid do “shaoirse” agus do “neamhspleáchas” sula ndeinid iarracht iad a bhaint amach. Feictear domsa ná fuil muintir na Catalóine ar aon fhocal faoina dteastaíonn uathu go dtí seo. Agus – i gcead don mapa atá le feiscint san alt so – ní shílimse gurb é an tAontas a theastaíonn ósna daoine a thugtar ‘Aontachtóirí’ orthu ná Éire Aontaithe…

    Nach í sin an fhadhb a bhaineann le “saoirse”/”daoirse”, le “spleáchas”/”neamhspleáchas” agus le focail dá leithéid: Is ar dhearcadh an duine féin a mbraitheann a sainmhíniú.

  • Gabriel Rosenstock

    Ar a laghad ar bith – agus tá sé seo dírithe ar an té a thugann ‘Éadóchasach’ air féin – táim sásta m’ainm a chur le mo chuid tuairimí. Má tá tuilleadh uait mar gheall ar an mbrí is féidir a bhaint as ‘saoirse’, léigh é seo:
    https://winteroak.org.uk/2017/10/06/the-acorn-37/#1
    Abair leosan éirí ‘as an tseafóid’ más maith leat!
    Maidir leis na stáitíní beaga atá laistigh de Stáit Aontaithe Mheiriceá, chonaiceamar an slad a dhein na Meiriceánaigh ar theanga agus ar chultúr Háváí, an 50ú stát de chuid SAM.

  • Éadóchasach

    An bhfuil aon ní nach mbeifeá sásta d’ainm a chur leis, a Ghabriel? Sin í an cheist mhór.

    Feicim go mbaineann an t-alt so le foréigean na bpóilíní agus le foréigean dheachtóireacht Franco, rudaí nár luas féin iad agus rudaí nach cosnaím féin iad. Má tá tuilleadh uaitse mar gheall ar a méid a bhí le rá agam (.i. ní bhíonn gach aoinne ar aon fhocal maidir le brí an fhocail “saoirse”), áfach, léigh é seo: https://www.afp.com/en/news/23/worried-catalans-against-independence-wonder-what-next . Nó féach ar so: https://www.bbc.com/news/av/world-41356849/why-some-catalans-want-independence-and-some-don-t . Nó smaoinigh ar stair na tíre seo. Nó smaoinigh ar stair an chine dhaonna.

    Agus mé ag trácht ar na rudaí do luas iad agus ar na rudaí nár luas iad: An ndúras go raibh SAM gan locht? Taibhsítear dom nach ndúras, ach b’fhéidir go bhfuil tuiscint níos grinne agatsa ná mar atá ag mo leithéidse. Níl ainm cheart agamsa fiú, i ndeireadh na dála…

  • Alex de Búrca

    Tá an léarscáil seo ag magadh faoi “lucht an neamhspleáchais” mar a chuireann an t-údar orainn. Tá sé réasúnta do thíortha cosúil leis an Chatalóin a neamhspleáchas a bhaint amach ach tá an léarscáil ag cur dubh ar an ngeal le “mercia” agus a leithéid a chur san áireamh. Áibhéil chun argóint mhaith a scriosadh, an oibríonn siad le rialtas na Spáinne?

  • Gabriel Rosenstock

    Is dóigh le ‘Éadóchasach’ go bhfuil ré na stáitíní beaga laistiar dínn agus nach féidir dul siar: ár stáitín beag féin, níl i ndán dó, de réir dealraimh, ach go slogfaí níos mó agus níos mó isteach in Ollstát na hEorpa é. Tá an saghas sin tuairimíochta ag teacht salach ar na scríbhneoirí agus na smaointeoirí a thaitníonn liomsa, smaointeoirí a cheistíonn miotas an dul chun cinn, Derrick Jensen, John Zerzan, Kirkpatrick Sale, cuir i gcás. Tá Sale glan i gcoinne aonaid mhóra pholaitiúla agus ceann de na buanna a bhaineann le rialtais bheaga, a deir sé, ná seo: ‘Má dhéanann siad botúin, is botúin bheaga iad.’ Tá cuid de thuairimí Sale le léamh anseo:
    https://www.non-fides.fr/?Five-Facets-of-a-Myth
    Miotas an-choitianta is ea miotas na forbartha agus cuid den mhiotas sin is ea nach féidir dul siar. Ar ndóigh, is féidir dul siar! An té a bheadh ag rith i dtreo na haille, mholfainnse go láidir dó seasamh siar. Éinne a léifeadh Sale, Jensen, Zerzan et al bheadh a fhios aige cad chuige atáim. Níl a fhios agam an raibh an té atá i bhfolach laistiar den ainm ‘Éadóchasach’ beo i dtus na 1970í nuair a foilsíodh ‘Small Is Beautiful: A Study of Economics As If People Mattered.’ Bhí ciall leis an leabhar ag an am agus tá ciall leis i gcónaí: ba chríonna an té a chuirfeadh ina choinne.

  • Éadóchasach

    Ar luas “forbairt” nó “dul chun chinn”, a Ghabriel? Nó an é “athrú” – rud a bhíonn ina chabhair, rud a bhíonn ina chontúirt, ach rud gur ann dó – an rud ar dheineas trácht air?

    Do cheapas go rabhas ag caint fé “athrú” ach b’fhéidir nár thuigeas i gceart a raibh á rá agam… Is léir nár thuigis-se a raibh á rá agam, ar aon nós: Duart nach i gcónaí a bhíonn daoine ar aon fhocal fé chúrsaí, agus dúrais go raibh tuairimí á nochtadh agam a bhí “ag teacht salach ar na scríbhneoirí agus na smaointeoirí a thaitníonn [leatsa]”. Ní liomsa na tuairimí ar thugais dom iad, mar a tharlaíonn sé, ach, abair go dtagann mo chuid tuairimí salach ar do chuidse nó ar thuairimí de chuid na scríbhneoirí agus na smaointeoirí a thaitníonn leatsa, an gciallaíonn sé sin nach i gcónaí a bhíonn daoine ar aon fhocal fé chúrsaí? Dia idir sinn agus an drochrud!

    Maidir leis an méid a dúirt Sale – .i. ‘Má dhéanann [stáit bheaga] botúin, is botúin bheaga iad’ -, ba chóir dó smaoineamh ar na daoine a bhfuil cónaí orthu sna stáit bheaga san: Is minic a thagann dochar mór do dhaoine as botúin bheaga na stát beag. Stát beag is ea Éire, mar shampla, ach ní beag an dochar a tharla, agus a tharlaíonn, do mhuintir na tíre – do mhná na tíre, go háirithe – de dheasca bhotúin na hÉireann.

    Ba chríonna an té a thabharfadh cluas do thuairimí a thagann salach ar a chuid féin, agus do thrioblóidí na ndaoine ar a mbíonn deasca na mbotún beag a dheineann stáit bheaga.

  • Eilis ni anluain

    Barraíocht dathanna – is leor 4 dhath d’aon mhapa.