Cén chaoi ar éirigh le scríbhneoirí cois cladaigh aon leabhar a scríobh ar chor ar bith?

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: bhí colún iomlán éagsúil ón gceann seo á chur i dtoll a chéile ina aigne ag ár gcolúnaí nuair a mheall an fharraige amach ó chúl a dheisce é

Cén chaoi ar éirigh le scríbhneoirí cois cladaigh aon leabhar a scríobh ar chor ar bith?

Bhí mé ag déanamh iontais, maidin inniu, cén chaoi ar éirigh le Tove Jansson (1914 – 2001), an t-údar Sualainnise iomráiteach ón bhFionlainn, scór leabhar do pháistí, cúig úrscéal agus sé chnuasach gearrscéalta do dhaoine fásta, agus roinnt saothar beathaisnéiseach a scríobh.

Is é an chaoi gur chaith Jansson nach mór chuile shamhradh dá saol in oileánra Pellinge, amach ó chósta theas na Fionlainne, áit nach bhfuil éagosúil, más aon fhianaise an cur síos ina cuid saothar féin, leis an spota ar chósta theas leithinis Salvador, sa Bhrasaíl, a bhfuil mise díreach tar éis bogadh ann.

Sceirí, carraigeacha, tránna gainimh, feamainn, portáin bheaga ag scinneadh leo isteach ina gcuid poll, báid mhóra paisinéirí agus longa lastais ag dul thar bhráid ag íor na spéire – agus, ar ndóigh, an fharraige féin: dath difriúil uirthi gach nóiméad den lá.

Cén chaoi ar éirigh le Jansson obair ar bith a dhéanamh agus a leithéid de radharc os a comhair? An é gur i gcathair Heilsincí, mar a gcaitheadh sí an geimhreadh, a chuireadh sí peann le pár? Ach arís, más fíor an cur síos ina cuid leabhar féin, bhí radharc breá aici óna hárasán ar chalafort na cathrach – agus lena chois sin, tá fianaise ina cuid leabhar (atá thar a bheith beathaisnéiseach, na saothair fhicsin san áireamh) go mbíodh sí i mbun scríbhneoireachta sa samhradh, in oileánra Pellinge, freisin.

D’fhéadfaí an cheist chéanna a chur ar ndóigh faoi Thomás Ó Criomhthain, faoi Mháirtín Ó Direáin, faoi Mháirtín Ó Cadhain, faoi Joe Steve Ó Neachtain, faoi Shéamus Ó Grianna agus Seosamh Mac Grianna agus go deimhin faoi na scríbhneoirí Gaeltachta ar fad a d’fhás aníos agus a bhíodh i mbun oibre cois cladaigh (sular bhog siad go Baile Átha Cliath, mar a rinne cuid de na húdair thuasluaite.) Cá bhfuair siad an t-am lena gcuid leabhar a scríobh?

Tá an cheist sin ar bharr m’aigne toisc go dtugaim faoi deara go bhfuil an radharc amach ó m’árasán nua ag teacht idir mé agus mo chuid oibre. Maidin inniu agus cupán caife á ól agam ar an mbalcóin, colún iomlán éagsúil ón gceann seo á chur i dtoll a chéile agam i m’aigne, ní raibh neart agam orm féin: bhí an cladach do mo mhealladh.

Amach liom i mo chuid bristí snámha agus isteach sa tsáile. Bhí sé ina lag trá agus rinne mé iarracht sceir atá thart ar chéad méadar amach ón mórthír a bhaint amach, rud nach raibh éasca toisc go raibh sruth cuilitheála ann agus bhí mo chosa ag sciorradh ar na carraigeacha éagothroma. Tá mé ag ceapadh gur sheas mé ar chuán mara. Tháinig tonn mhór aniar aduaidh orm agus an chéad rud eile bhí mé i mo luí béal faoi, shleamhnaigh mo chuid spéaclaí ó mo cheann agus ba bheag nár scríobhadh colún ar bith ar maidin, an ceann seo ná an ceann a bhí ar intinn agam i dtús báire.

Thóg Tove Jansson agus an bhean ar chaith sí an chuid is mó dá saol ina teannta, an t-amharcealaíontóir Tuulikki Pietilä, thóg siad teach beag bídeach ar sceir bheag i bhfad amach ón gcósta. Teach cearnógach a bhí ann agus bhí fuinneog amháin i ngach balla, radharc ar an bhfarraige acu ar an gceithre thaobh. Cén chaoi faoin spéir ar éirigh leo obair ar bith a dhéanamh ann?

I m’árasán nua, tá mo dheasc oibre iompaithe i dtreo an bhalla agam ionas nach mbeidh radharc agam ar rud ar bith ach ar phatrún sícideileach na dtíleanna beaga a raibh dúil ag áitritheoir éigin a tháinig romham iontu – ach cloisim búireach na dtonnta tríd na fuinneoga oscailte agus faighim boladh na feamainne ar an aer.

Is é an trua nach bhfuil Tove Jansson i measc na mbeo, nó d’fhéadfainn litir a chur chuici agus a comhairle a lorg; bean a bhí inti, is léir óna cuid saothar, a dháileadh nodanna, ní hamháin faoin scríbhneoireacht ach faoin saol i gcoitinne, ar a cuid léitheoirí go flaithiúil.

Fág freagra ar 'Cén chaoi ar éirigh le scríbhneoirí cois cladaigh aon leabhar a scríobh ar chor ar bith?'