Idir an cuibhriú agus blianta comórtha shaoirse an stáit seo, tá póirseáil go leor déanta agam le dhá bhliain i gcáipéisí stáit.
An cheist is mó a bhfuil freagra á thóraíocht agam uirthi ná an ceann seo. Cén chaoi ar bunaíodh státchóras a bhí chomh dímheasúil agus chomh claonta in aghaidh na mban nuair a bhí formhór na n-ailtirí tar éis deich mbliana ar a laghad a chaitheamh ag obair agus ag troid lámh ar láimh le mná a ndiongbhála?
Rinne siad sin in imeachtaí cultúir, polaitíochta agus cogaíochta. Aithníodh an comhionannas sa bhforógra agus sa gcéad bhunreacht, ach de réir a chéile tosaíodh ar an leithcheal agus an éagóir.
Cén fáth?
Ní thuigim.
An amhlaidh go raibh glóir agus creach na cumhachta róbheag lena roinnt? An cur i gcéill a bhí sa gcomhionannas go mbeadh an namhaid cloíte? An raibh fuath ban go smior i gceannairí fir na ré sin agus má bhí cén fáth?
An sa tsíocanailís seachas ar pár a gheobhainn an freagra?
Tá staraithe ann, fir agus mná, a mhaíonn gur tharla an t-athrú sin toisc go raibh mná a bhí gníomhach agus glórach i gCumann na mBan nimhneach in éadan an Chonartha Angla-Éireannaigh, agus gur ghin sin faitíos agus fuath i gCumann na nGael nach ligfeadh dóibh údarás ná cumhacht ar bith a ligean le mná.
Agus é ag caint faoi na mná sin, dúirt Gael mór amháin nár ghean leis an doirteadh fola, go raibh ‘dath dubh phúdar an ghunna ar bhainne cíche a máithreacha’ agus pé áit a mbeidís gur clampar seachas síocháin a bheadh i ndán dó.
Dá mb’fhíor, nach stopfadh an leatrom tar éis 1932?
Sa gcartadh dom tharla mé ar imeachtaí an Oireachtais agus an tAire Dlí Kevin O’Higgins ag iarraidh Bille an Choiste Dháréag [Giúiré) a thabhairt isteach i 1924, bliain tar éis dó An Garda Síochána a bhunú.
Bí ag caint ar shaol eile.
Cé go raibh cead ag mná a bheith ar ghiúiré ó 1919 ba mhian leis an Uigínneach iad a chosc feasta. Ar mhaithe leo féin agus le reáchtáil na gcúirteanna. Ní bheidís ach ag cur moill ar chúrsaí le leithscéalta nó ag cailleadh an chloiginn sa gcúirt. Ní deas ná cuibhiúil na scéalta a chloisfidís i gcúirt – scéalta nár mhaith leat a phlé le ‘daoine baineanna’ do theaghlaigh féin – ionsaithe mígheanasacha, sodamacht is éigniú.
Meabhraíodh dó go mbíonn mná agus cailíní óga sa gcúirt mar fhinnéithe agus mar chúisithe agus gurbh fhearr giúiréithe measctha ach ní fhéadfadh sé glacadh leis go mbeadh ‘gnáthbhean’ ar ghiúiré in ann ag na scéalta sin gan taom histéire í a bhualadh.
Ní hé amháin sin ach chinn sé nach mbeadh aon bhean ina gearrscríobhaí cúirte i gcúirt choiriúil ná i gcúirt chuarda, ar mhaithe leo fhéin. Mheabhraigh fear amháin dó gur thuisceanaí bean phósta ar ghiúiré ná fear óg ach níor bhog an tAire.
Níor bhog sé ach oiread nuair a luadh go mbeadh sé deacair ag cailíní óga a bheadh cúisithe as slí bheatha a dhéanamh mar oibrithe gnéis éisteacht chóir a fháil ó dháréag fear. Céard faoin mbean chróga a thabharfadh cás foréigin in aghaidh a fir?
Ach ní hé an scaoll amháin a bhí le seachaint.
D’fhéadfadh fear, a deir an tUigínneach, a bheith lá nó cúpla lá as baile agus ní chuirfeadh sé isteach ná amach ar aon duine eile. D’fhéadfadh sé a lón a ithe amuigh agus ní bheadh aon duine eile dá líon tí d’uireasa a mbéile féin.
Níor dhearmad fear Laoise mná na tuaithe ach an oiread.
Baintreach bhocht as Béal an Mhuirthead a mbeadh glaoch giúiré uirthi, chaithfeadh sí an carr a chur ar an gcapall, a ghabháil go Caisleán an Bharraigh agus a bheith ag crochadh thart ansin féachaint a nglaofaí uirthi – i bhfad níos déine uirthise ná ar fhear.
Má bhí clann orthu beirt nach mbeadh an cúram céanna ar bhaintreach fir? Níor tháinig mé ar aon taifead gur cuireadh an cheist sin.
Bhí fear amháin a mheas go gcuirfeadh na sciortaí gearra a bhí tagtha sa bhfaisean fir an ghiúiré as a meabhair ach mná a bheith ar an ngiúiré ina dteannta.
Agus an comhionannas á mholadh ag roinnt fear, is beag glacadh a bhí leis. Dá mba mar a chéile iad nach mbeadh mná ag iompar pacaí ar na duganna nó ag treabhadh le céachta sa ngarraí?
Níor shéan an tAire go raibh mná ann a thug seirbhís chumasach sa saol poiblí agus a bhí b’fhéidir chomh maith le fir ach eisceacht a bhí iontu seachas an ‘normal’.
Ag rith a líon tí agus ag saolú leanaí an cúram nádúrtha agus ‘normal’ a bhí ar bhean cheart.
Bhí a fhios ag an bhfear seo, athair clainne i dtús na dtríochaidí a chaith seal le hoiliúint na sagartóireachta, go mbeadh doicheall ar mhná a bheith ar ghiúiré, ach ní raibh aon ghlacadh aige leis go mbeadh an doicheall céanna ar chuid de na fir.
Ar deireadh leasaigh sé a bhille le mífhonn ionas go bhféadfadh mná iarratas a dhéanamh le bheith ar ghiúiré agus ní haon iontas gur beag ar fad a rinne sin.
Le gean don deirfiúrachas, chuartaigh mé céard a bhí le rá ag bean Chumann na nGael, an Teachta Margaret Collins O’Driscoll, deirfiúr leis an gCoileánach. Ina hóige féin, a deir bean Chorcaí, cáilíocht don phósadh ag bean a bheith in ann léine a dhéanamh dá fear. Snáth is snáthaid i bhfad níos tábhachtaí a dheirfiúracha ná beatha cúisí a bheith i do lámha.
I 1975 chinn an Ard-Chúirt faoi dheireadh go raibh Acht na Choiste Dháréag 1927 [na nGiúirithe] leatromach ar bhonn inscne agus maoine.
An comhionannas a gealladh in Acht 3 den Bhunreacht i 1922, bhíothas á chreimeadh is á shéanadh san Oireachtas uaidh sin go Bunreacht 1937 agus a shliocht sin ar mhná agus ar phobal na tíre seo.
Ceileadh freagracht agus dualgas poiblí orthu agus dá bharr rinneadh leanbaíocht orthu agus beag is fiú díobh.
Ach an bhfuil a fhios ag aon duine beirthe ná beo cén fáth?
Pat Butler
Teagasc Sóisialta na hEaglaise Caitlicí Rómhánaí san am a chraobhscaoil an tinteánachas leanbaí sin do mhná mar norm dhea-ord an tsochaí.
B’in ba chúis leis.
An sean-phatrarcacht buacach i gcónaí. Conas a fhéadfadh fear bheith amuigh sa tsaol muna mbeadh ‘í féin’ fanta sa mbaile chun cúram na bpáistí, na mbéilti, na léintí (gorma, agus eile), a chomhlíonadh?
Agus nárbh í geanmnaíocht na mnaoichéile – i dtaca lena scileanna tís- an dá sméar mullaigh ba mhó thábhacht mar thréithe inti don bhfear a bheadh ag roghnú compánach le teacht abhaile chuici gach lá – céile a mbeadh na slipéir á téamh aici dó cois tinteáin, béile blasta ins an sorn roimhe agus páistí nite, dea-bhéasacha réitithe aici chun fáilte a chur roimhe ag an doras, na lasáin agus an píopa (lán) ag fanacht air ar uilleann na cathaoireach teolaí ab ansa leis ós chomhair na tine breá móna Gaelaí?
Nárbh é an Teaghlach Caitliceach sin bunchloch dhea-ord an tsochaí? Agus bhí Founding Fathers Chumann na nGael an-tugtha don dea-ord, nach raibh?
Bean amuigh ar ghiúire! Samhlaigh a leithéid!! Ag magadh fúm a thán tú!!!
Seosaimhín Ní Bheaglaoich
Tugann Pat Butler cûntas beacht ar an saol mar a bhí do mhná in Éirinn aineoin an comhionannas a gealladh sa Bhunreacht i 1922. Ach an cheist atá ag Màire Nï Fhinneadha ná Cén fáth san?
Creidim fhéin nách bhfuil aon fhreagra air sin ach Bulaíocht.
Pat Butler
Bulaíocht, a Sheosaimhin, gan dabht. Bulaíocht ní amháin a ‘ceadaíodh’ ach a bhí mar bhunchloch theagasc na bpríomh eaglaisí Chríostaí uilig a ‘dhleathaigh’ is rinne ‘nádúrtha’ an tuairim gurb í an bhean banríon an teaghlaigh dhea-órdaithe Chríostaí agus gur sa teaghlach amháin ba cheart di seirfis a thabhairt.
Agus nárbh é teagasc na hEaglise freisin é go raibh sé ‘de dhualgas’ ar an bhfear poiblí Caitliceach teagasc sóisialta na hEaglaise Caitlicí a leanúint sa tsaol poiblí chomh maith céanna?
Ní raibh Holy Joe’s an tSaoir Stáit chun a mhalairt a dhéanamh.
Séamas de Barra
Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Máire Ní Fhinneadha, ‘Cén chaoi ar bunaíodh státchóras a bhí chomh dímheasúil ar mhná?, tuairisc.ie, Feabhra 17, 2022, agus ar fhreagraí ar an alt sin.
Fiafraíonn Máire Ní Fhinneadha ‘Cén chaoi ar bunaíodh státchóras a bhí chomh dímheasúil agus chomh claonta in aghaidh na mban nuair a bhí formhór na n–ailtirí tar éis deich mbliana ar a laghad a chaitheamh ag obair agus ag troid lámh ar láimh le mná a ndiongbhála?’
Cén t–imreas a bhí idir na fir is na mná, is a rá gur ag troid le chéile a bhí siad? Ceist eile nach miste a chur: an dímheasúla ar mhná a bhí Saorstát Éireann, agus Poblacht na hÉireann ina dhiaidh sin, ná a bhí Stáit eile? In 1922 a fógraíodh i mBunreacht Shaorstát Éireann go mbeadh vóta ag gach uile bhean fhásta sa Stát nua. B’éigean do mhná fásta na Breataine fanacht go dtí 1928 leis an gcead vótála sin. Nuair a bhí Simone de Beauvoir ag scríobh Le Deuxième Sexe sa Fhrainc, ní raibh aon vóta ag Simone. 1949 bliain foilsithe an leabhair sin [Catríona Crowe, ‘How Irish women won the right to vote in 1918,’ The Irish Times, Dé Luain, Nollaig 10, 2018]. Ní raibh aon vóta ar an leibhéal Feidearálach san Eilbhéis ag an mbean fhásta go dtí 1971, agus ní raibh vóta ag an mbean fhásta i gCantún Appenzell Inner Rhodes san Eilbhéis go dtí 1990. Eachtraíonn Stanley G. Payne dúinn i dtaobh Liobrálaithe na Spáinne sa 19ú céad, gur i gcoinne cead vótála a bheith ag an uile dhuine fásta a bhí siad siúd; agus Poblachtaigh an Dara Poblacht sa Spáinn, is i gcoinne cead vótála a bheith ag an mbean a bhí siad. Is amhlaidh a mheas na Poblachtaigh sin, dá mbeadh cead vótála ag an mbean, go ndéanfadh sí comhairle na hEaglaise Caitlicí, agus gan vótáil do na Poblachtaigh ar Clé, do na Cumannaithe, do na Sóisialaithe, do na hAinrialaithe, ná do na Máisiúin.
Maidir le bheith ar ghiúiré de, 3 huaire a cuireadh toghairm orm féin féachaint an gceapfaí i mo ghiúróir mé. Chuaigh mé go dtí an Chúirt an chéad dá uair. Níor roghnaíodh i mo ghiúróir mé ceachtar den dá uair sin. Bhí daoine go leor ar cuireadh an toghairm sin orthu, ar diúltaíodh iad a cheapadh ina ngiúróirí. Bhí cúpla bean ar an mbuíon sin a d’iarr ar an mBreitheamh iad a scaoileadh saor ón tseirbhís. Géilleadh ar an bpointe do na mná. An 3ú huair a cuireadh toghairm seirbhíse giúiré ormsa, d’iarr mé cead gan dul ar an ngiúiré, mar gheall ar mé a bheith i mo dhiaibéiteach, agus tugadh an cead sin dom; is amhlaidh a mholtar don diaibéiteach gan béile ar bith a chur siar, ar eagla go dtiocfadh támhnéal air de cheal gan leibhéal an tsiúcra san fhuil aige a bheith ard go leor. Le linn ceapadh giúiré sa Chúirt, duine ar bith ar an bhfoireann dlí sa Chúirt, gan aon chúis a thabhairt, féadfaidh sé cur i gcoinne duine a cheapadh ina ghiúróir, agus is é an gnás géilleadh don iarratas sin láithreach.
Ó 1922, ach iad a bheith ar Chlár na dToghthóirí, bhí vóta ag gach uile bhean fhásta sa Saorstát, agus sa Phoblacht ina dhiaidh sin. Tá na mná chomh ‘ciontach’ leis na fir, mar sin, le gan mná a chur chun cinn sa saol poiblí. Tá mná go leor a roghnaíonn gan leanúint ar aghaidh ag obair lasmuigh den bhaile má bhíonn clann acu. Faigheann siad seo ródheacair an dá thrá a fhreastal. Mhúin na dianghlasálacha dúinn go léir go bhfuil obair go leor is féidir don fhear, agus don bhean, a dhéanamh ón mbaile sa lá atá inniu ann. Is é mo thaithíse air gur cáintí iad na mná ar na mná, ná na fir. Airteagal 41.2.1º, agus 41.2.2º, i dtaobh ionad na mná sa teaghlach i mBunreacht 1937, measadh ar fud na hEorpa san am gur míreanna dul–chun–cinniúla ba ea iad sin. Tá aithne agamsa ar mhná a thug a saol fásta ag iarraidh an t–ionad sin a chosaint.
Chomh fada le Rialtas an tSaorstáit a bheith ag géilleadh don Eaglais Chaitliceach de, ní fíor é sin ar shlite go leor. Sa bhliain 1923, chuir an Pápa, mar thoscaire chun an tSaorstáit, an Moinsíneoir Salvatore Luzio. Bhí an Moinsíneoir Luzio ina shaineolaí ar an Dlí Canónta, agus é á mhúineadh ar Chliarscoil Phádraig i Maigh Nuad ó 1897 go dtí 1910. Ní raibh aon fháilte ag Rialtas an tSaorstáit roimhe, ag William T. Cosgrave go háirithe, ná ag an gCliarlathas Caitliceach, de réir dealraimh. Ag iarraidh an tsíocháin a dhéanamh idir an dá thaobh a bhí an Moinsíneoir Luzio. Chuir an Saorstát Deasún Mac Gearailt, athair Ghearóid Mhic Gearailt, chun na Róimhe, chun an Moinsíneoir Luzio a ghearán leis an bPápa, agus glaodh abhaile chun na Róimhe go gairid ina dhiaidh sin an Moinsíneoir. Báúil leis na Poblachtaigh a bhí sé seo [Diarmaid Ferriter, Between Two Hells –– The Irish Civil War (2021) lch 86]. Ard–Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath le linn an Chogaidh Chathartha, an Dr Edward Byrne, ba leis an Saorstát a thacaigh sé. Ar a shon sin is uile, chuir sé in iúl do Rialtas an tSaorstáit nach raibh bású na bpríosúnach Poblachtach ag an Saorstát le cosaint ó thaobh na moráltachta de, ach níor tógadh puinn ceann dó [Ferriter (2021) lch 94]. Na deicheanna de bhlianta tar éis bhunú an Stáit, an Dr John Charles McQuaid, Ard–Easpag Caitliceach Bhaile Átha Cliath, thug sé a thuairim gur dhílse iad Fine Gael don Eaglais Chaitliceach ná Fianna Fáil [Ferriter (2021) lch 215]. Ach cé a chuir Bunreacht 1937 ar vóta?
Is Caitliceachas an–Ghallachánach a bhí in Éirinn, go háirithe i measc lucht an tSaorstáit, agus is mar sin a bhí Caitliceachas na ndaoine a bhí go maith as, ó aimsir an Jansenachais sa 17ú céad –– formhór na Jansenach, ba Ghallachánaigh go bunúsach iad; is é sin gurbh é a dtuairim gur cheart don Eaglais Chaitliceach a bheith faoi bhois an Stáit, mar atá Eaglais Shasana i Sasana. Mar a déarfadh Gaeilgeoirí Cho. na Gaillimhe, is Caitliceachas ‘an áirid’ ba ea Caitliceachas na hÉireann, i mblianta tosaigh an Stáit –– murab ea i gcónaí.
Cuireann sé iontas inniu ar dhaoine a fháil amach gur bheag tacaíocht a thug Cliarlathas na hÉireann do Frank Duff, bunaitheoir Léigiún Mhuire, leis an iarracht aigesean ar dheireadh a chur leis an striapachas i mBaile Átha Cliath [Finola Kennedy, Frank Duff, A Life Story (2011)]. Sagart scolártha a raibh mé féin mór leis blianta ó shin, rinne sé amach gur dhiúltaigh Cliarlathas Caitliceach na hÉireann i lár bhlianta 1920, Rerum Novarum Leon XIII a chraobhscaoileadh in Éirinn, toisc é a bheith ró–Shóisialach! Ar an taobh eile den scéal, rinne sagairt áirithe a ndícheall ar son Ghluaiseacht na gCeardchumann in Éirinn, cuir i gcás, an tAth. Láimhbheartach Mac Cionnaith, Íosánach, scoláire agus foclóirí Gaeilge, fear a raibh an–mheas aige ar shaothar Shéamais Uí Chonghaile; an tAth. Atanáis, Caipisíneach, arbh iomaí stailc a iarradh air a réiteach. Deireadh Fómhair na bliana 1974 a thosaigh mé féin ag obair i Halla na Saoirse. Ní raibh mé i bhfad ann gur thug mé faoi deara go raibh gach re duine de na ceardchumannaithe, a bhíodh ag triall ar an áit, ag caitheamh tsuaitheantais ag an Treas Ord ag San Proinsias. Bhí dlúthbhaint ag na Proinsiasaigh le Ceardchumann na bhFear Bus.
Ainneoin gach a dtuigtear do na Liobrálaithe ar Clé sa lá atá inniu ann, níorbh é cogadh na bhfear agus na mban le chéile an chloch ba mhór ar phaidrín ghnáthmhuintir na tíre ar feadh blianta fada.
Beannacht Dé le hanam Thomáis Mhic Shíomóin atá díreach tar éis bháis.
Fearn
I bhfocail ghearra, Victoriánachas ba chúis leis, Victoriánachas a d’imigh in ainseal in Éirinn nuair a bhí fuinneamh, gus, misneach agus súil in airde an phobail in easnamh. Victoriánachas: córas ina raibh a áit féin ag gach duine, agus a fhios sin aige sa córas céimnithe righin seo agus gan aon bhealach éalaithe as.
Agus giúirí fhéin, nach iarsmaí den seannamhaid a bhí iontu? Níl gach tír, fiú sa lá atá inniu ann ar aonfhocal futhu. Bíonn smaointe eile i leith ceartais. Seans go raibh smaointe eile ag an Uiginneach seo fosta. Níl giúirí fairsing sa chóras dlí san Eilbhéis, mar shampla, ach i ndiadh sin, tá vóta ag mná….ó bhí 1971 ann. An leithcheal agus an éagóir ar mná ba bhun leis, is dóigh.