Cén céatadán de na leabhair sa leabharlann áitiúil a bhaineann le dúchas na tíre seo?

An mbaineann céatadán mór de na leabhair sa leabharlann áitiúil leis an domhan Angla-Mheiriceánach? Cen céatadán díobh a bhaineann le dúchas na tíre seo?

library-922998_1280

Leabhar nach bhfaighidh tú sa leabharlann áitiúil, déarfainn, is ea The Non-Library le Trevor Owen Jones (Punctum Books). Níl Trevor ró-thógtha le leabharlanna, an dtuigeann tú. Cad ina thaobh? Cad a bheadh ag éinne i gcoinne leabharlainne?

Tá frith-leabharlann (nó neamh-leabharlann) á moladh ag Jones. Má thuigim i gceart é, foraois atá sa neamh-leabharlann agus san fhoraois sin níl tú ag brath ar an treoraí úd ar a dtugtar an Leabharlannaí chun tú a thabhairt amach aisti nó tú a thionlacan níos sia fós inti.

Luann Jones an smaointeoir Derrida a dúirt nach bhfuil a leithéid de rud ann agus cumhacht pholaitiúil gan ceannas a bheith agat ar an gcartlann, nó ar an gcuimhne. Déan anailís uair éigin ar do leabharlann áitiúil. An mbaineann céatadán mór de na leabhair inti leis an domhan Angla-Mheiriceánach? Cen céatadán díobh a bhaineann le dúchas na tíre seo? I mbliain seo an chomórtha, beidh níos mó leabhar ná riamh faoi 1916 ar na seilfeanna, nó taispeántais fiú amháin; murach an comóradh a bheith ann, áfach, conas a bheadh an scéal?

An bhfuil leabharlannaithe na tíre seo ar aon aigne faoi chúrsaí leabhar, faoi mar atá dochtúirí teaghlaigh ar aon aigne a bheag nó a mhór faoi chúrsaí leighis, nó sagairt ar aon aigne faoi Dhia? Nó an bhfuil aigne dá gcuid féin acu go léir?

Bhíodh cliché pictiúrtha ann – b’fhéidir nach bhfuil sé chomh coitianta sin a thuilleadh – cliché a bhain le híomhá an leabharlannaí; baineannach, de ghnáth, spéaclaí uirthi, blús olla, nó cairdeagan. Coimeádach. Leabhair mheasúla ar na seilfeanna aici – stuif nach scanródh na capaill, mar a déarfá. Stuif sábháilte. Glan. G. K. Chesterton. Agatha Christie. Ní bheadh Aleister Crowley ann – Dia ár sábháil. Gan mórán fear ina saol – Cliff Richard, Éamon de Valera, Padre Pio. B’fhéidir gur bhuail Trevor Owen Jones lena leithéid sin de leabharlannaí clichéúil uair éigin, n’fheadar, ach tá rud éigin ag dó na geirbe aige.

Braithim go bhféachann an t-údar ar an leabharlann mar institiúid eile de chuid an stáit, col ceathrar leis an músaem, abair. Tá cuid den cheart aige ansin, ar ndóigh.

Nó b’fhéidir go raibh air uaireanta fada staidéir a chaitheamh sa leabharlann agus é ag ullmhú le haghaidh tráchtais nó a leithéid. Agus ansin, an faoiseamh nuair a lig sé dó féin dearmad a dhéanamh ar a raibh foghlamtha aige. Agus chloisfeá go minic faoin bhfeiniméan sin, a gceann á bpulcadh le heolas ag daltaí agus ansin an t-eolas ar fad á ligean le sruth. Leá mhún Mhóire.

Cad ab fhiú an léitheoireacht sin sa chéad áit má scaoiltear leis an eolas ar fad, nó an chuid is mó de? Caithfidh nárbh fhiú mórán é. Freagraí ar chúl stampa poist le bhur dtoil.

Ó am go chéile, caitheann leabharlanna an sean-stoc amach nó díolann siad ar phraghas an-saor é.  Cad a spreagann an leabharlannaí chun glantachán earraigh mar sin a dhéanamh? An iarrtar ar chliaint na leabharlainne a dtuairim a nochtadh faoi na leabhair nach bhfuil ag teastáil a thuilleadh?

Ó mo thaobh féin de, cuirimse spéis go minic i leabhair nach ceart go mbeadh spéis ar bith agam iontu, cuir i gcás Flaidireacht i gCiarraí Theas – dá mbeadh a leithéid de leabhar ann. Níl spéis ar bith agam san ábhar; ní hionann san is a rá nach dtabharfainn sracfhéachaint air. Le teann fiosrachta. B’fhéidir go mbeadh cúpla seoid ann, cúpla diamant Ciarraíoch, seoidín cainte nó seoidín eolais, abair. Níor mhaith liom dá mbeadh leabhar ar bith (leabhar seo Jones san áireamh) á chaitheamh amach toisc nach léifeadh éinne é.

Ghabh dhá Uimh. 7 tharam, mar is béas leo, sular bhaineas stad an bhus amach agus bheartaíos ar thacsaí a ghlacadh:

‘€36.6 milliún a chosain Leabharlann Dhún Laoghaire,’ arsa an tiománaí liom, ‘agus siopaí is gnólachtaí beaga an bhaile á ndúnadh ar dalladh!’ Bhí goimh air.

Ní leabhar éasca le léamh é The Non-Library. Is ait ar fad an béarlagair atá ann.  Nílim cinnte an bhfuil an trealamh intinne agam chun a leath de a thuiscint – nó b’fhéidir nach bhfuil an oiliúint chuí faighte agam, is é sin nár chaitheas dóthain ama sa Leabharlann.  Seans go n-éireodh níos fearr leatsa. Tá sé ar fáil anseo.

Mar achoimre, deir an t-údar:

‘The Non-Library is radically opposed to the growth of the Library. Opposed not as in antagonistic, but a resistance opposite the existence of the model called the Library’.

Beatha dhuine a thoil.

 

Fág freagra ar 'Cén céatadán de na leabhair sa leabharlann áitiúil a bhaineann le dúchas na tíre seo?'