Celtic i ndroch-chaoi i Sraith na gCuradh ach tá spreagadh sa stair dóibh

Agus gan ach dhá phointe aimsithe acu go dtí seo sa chomórtas, beidh rás Celtic rite má chailleann siad in aghaidh Barcelona anocht. Tá sé léirithe acu féin agus ag foirne eile le cúpla bliain anuas áfach gur féidir na cosa a thabhairt leo óna gcruachás

Celtic i ndroch-chaoi i Sraith na gCuradh ach tá spreagadh sa stair dóibh

Agus iad ar bhun Ghrúpa C i Sraith na gCuradh faoi láthair, is beag seans atá ag Celtic áit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile den chomórtas. Ar dtús báire, caithfidh siad an ceann is fearr a fháil ar Barcelona i Celtic Park anocht, foireann a bhuaigh 7-0 orthu i mí Mheán Fómhair.

Fiú má éiríonn le fir Brendan Rodgers é sin a dhéanamh, má bhuann Manchester City in aghaidh Borussia Monchengladbach sa chluiche eile i nGrúpa C anocht, is acusan a bheidh áit sa chéad bhabhta eile den chomórtas.

Mar a tharlaíonn sé, tá údar dóchais ag City do Celtic. Cé nach raibh ach dhá phointe faighte ag na Sasanaigh i ndiaidh cheithre chluiche i gcomórtas 2014/2015, an méid céanna atá ag Celtic faoi láthair, rinne siad teacht aniar chun áit a bhaint amach sa dara bhabhta nuair a d’éirigh leo an ceann is fearr a fháil ar Bayern Munich agus Roma sa dá chluiche dheireanacha sa ghrúpa.

Agus greadadh faighte acu ó Barcelona cúpla mí ó shin, is mór an dúshlán atá roimh na Ceiltigh ach níl sé ach trí bliana ó shin ó bhuaigh fir Ghlaschú 2-1 ar Barcelona i Celtic Park sa chomórtas seo. Ní raibh ach 16% de sheilbh na liathróide ag Celtic an oíche sin, an méid is lú riamh a bhí ag foireann a bhuaigh cluiche i Sraith na gCuradh.

B’in an dara bua riamh a bhí ag Celtic in aghaidh Barcelona. Beagnach deich mbliana roimhe sin a fuair siad an ceann is fearr ar na Catalónaigh 1-0 i mBabhta a 16 i gCorn UEFA.

Cluiche achrannach a bhí ann agus taispeánadh cárta dearg do thriúr. Cé nár tharla mórán sa chéad leath, bhí raic sa tollán ag leath ama, agus díbríodh cúl báire Celtic, Rab Douglas agus fear Barcelona, Thiago Motta, ón imirt ina diaidh.

Ansin, agus gan ach trí nóiméad caite ag tús an dara leath, cuireadh an tAirgintíneach beag, Javier Saviola, den pháirc tar éis dó cic a tharraingt ar Alan Thompson, rud a d’fhág nach raibh ach naonúr ar an bpáirc ag Barcelona.

Seans gur cheart do Saviola buille níos troime a thabhairt do Thompson mar cúpla nóiméad ina dhiaidh sin, ba é an Sasanach a d’aimsigh cúl na cinniúna.

1-0 an scór a bhí ann sa deireadh agus nuair a d’éirigh leis na Ceiltigh comhscór, 0-0, a fháil sa dara cluiche sa Camp Nou coicís ina dhiaidh sin, bhí áit amach acu sa bhabhta ceathrú ceannais i de Chorn UEFA.

Is ag snámh in aghaidh easa atá Celtic agus iad iarraidh éalú as an ngrúpa seo ach níl orthu ach breathnú siar ar na blianta a caitheadh chun spreagadh éigin a fháil.

Fág freagra ar 'Celtic i ndroch-chaoi i Sraith na gCuradh ach tá spreagadh sa stair dóibh'