Ceithre mhí ó inniu a thabharfaidh pobal na Stát Aontaithe a mbreithiúnas ar Donald Trump…

Go dtí roinnt míonna ó shin, is beag duine a chuirfeadh airgead air go bhfaighfí an ceann is fearr ar Uachtarán Mheiriceá ar an 3 Samhain

Ceithre mhí ó inniu a thabharfaidh pobal na Stát Aontaithe a mbreithiúnas ar Donald Trump…

Is beag a cheap James Carville nuair a chum sé trí nath feachtasaíochta don iarrthóir Bill Clinton i 1992 go mbeadh ceann acu ‘the economy stupid’ fós tráthúil i bpolaitíocht na Stát Aontaithe beagnach deich mbliana fichead dár gcionn.

Agus is fíor i gcónaí i dtoghcháin Mheiriceá gur iondúil go mbíonn rath ar an Uachtarán a bhíonn sa tóir ar an dara téarma tráth a mbíonn ag éirí go maith leis an eacnamaíocht.

Ar ndóigh ní gnáthbhliain toghchánaíochta í seo.

Tá an bheirt iarrthóirí ar eolas againn le fada cé nach bhfuil Joe Biden ainmnithe go hoifigiúil ag na Daonlathaigh go fóill.

Ó toghadh é, tá an bhunaíocht Dhaonlathach diongbháilte de go gcaithfear Donald Trump a chur as oifig agus go dtarlóidh sin faoi Shamhain.

Go dtí roinnt míonna ó shin, is beag duine a chuirfeadh airgead air sin. Bhí ag éirí go maith leis an ngeilleagar, bhí an ráta dífhostaíochta íseal agus bhí tacaíocht an Uachtaráin seasmhach go maith i measc an phobail.

Ansin tháinig Covid-19.

Níor theastaigh ó Trump glacadh leis go raibh fadhb ar bith ag baint leis an víreas. Dhiúltaigh sé don saineolas ar fad agus do na saineolaithe a mhol an tír a dhúnadh go mbeadh an víreas faoi smacht.

Ansin chuir sé i leith na n-údarás sna Stáit éagsúla go raibh siad faillíoch agus gur leosan a chinntiú go gcuirfí beartais i bhfeidhm leis an bpobal a chosaint.

Chaithfí an tír a chur ar ais ag obair a luaithe agus ab fhéidir.

Cén fáth?

Leathshúil a bheith aige i gcónaí ar an toghchán agus an tuairim aige go gcinnteodh bail réasúnta a bheith ar chúrsaí eacnamaíochta go mbeadh dea-scéala aige féin ar an 3 Samhain.

A mhalairt atá ag tarlú. Tá an víreas ag scaipeadh go tréan agus i gcuid de na Stáit is tábhachtaí do Trump faoi Shamhain, amhail Arizona, Texas agus Florida. Teastaíonn uaidh tabhairt faoi na slógaí ollmhóra, a chuidigh chomh mór leis go dtí seo ina shaol polaitiúil, a reáchtáil arís. Chonaic sé coicís ó shin in Oklahoma nach bhfuil an pobal ar fad chomh díchéillí leis féin agus d’fhan siad sa mbaile.

Tá lucht taighde agus ollscoil Johns Hopkins ag tuar go bhféadfadh líon na marbh sna Stáit Aontaithe a bheith i ngar don 200,000 i mí Dheireadh Fómhair.

Deir Príomhoifigeach Leighis na Stát Aontaithe, an Dr Anthony Fauci, go bhfuil imní air go bhféadfadh suas le 100,000 cás sa lá a bheith á ndeimhniú go luath mura mbíonn daoine níos cúramaí.

Seo an deireadh seachtaine is mó ceiliúrtha sna Stáit Aontaithe sa mbliain ar fad.

Is deacair a shamhlú, bunaithe ar a bhfuil feicthe againn go dtí seo, go ndéanfar mórán le Covid-19 a chur ar gcúl sna laethanta seo romhainn. Tá gobharnóirí ag diúltú na tinte ealaíne an 4 Iúil a chur ar ceal agus iad ag maíomh go bhfuil dóthain céille ag an bpobal le fanacht sa mbaile má bhíonn imní orthu. Is beag den chiall sin atá feicthe againn go dtí seo.

Mura n-athraíonn Trump port faoin víreas is dó féin is measa a bheidh. Bhí roinnt tráchtairí den tuairim go mbeadh scéal an víris caite go maith faoin bhfómhar agus go mbeadh ar chumas an Uachtaráin díriú in athuair ar an eacnamaíocht.

Ní bhreathnaíonn sé go mbeidh sin amhlaidh agus dá réir beidh ceist an víris ina hábhar sa bhfeachtas. Cruthóidh sin iliomad deacrachtaí do Trump cé go dtuigtear dúinn cheana féin go bhfuil a argóint réitithe aige chun é féin a chosaint – ba leis na stáit féin an obair a dhéanamh agus an pobal a chosaint.

Agus tabhair faoi deara nach bhfuil a chéile comhraic luaite mórán ar chor ar bith agam. Tá Joe Biden ciúin go dtí seo – tá go leor i Meiriceá buíoch nach bhfuil sé ag fáil aon deis aon bhotún a dhéanamh – agus má leanann sé mar atá ní bheidh le déanamh aige ach aird a tharraingt ar bhotúin Trump le vótaí a mhealladh ina threo féin.

Ceithre mhí ó inniu a thabharfaidh pobal na Stát Aontaithe a mbreithiúnas ar chéad téarma Trump.

Má bhíonn sé d’ádh air go mbeidh an chosúlacht ar chúrsaí an t-am sin go bhfuil téarnamh i ndán don eacnamaíocht, ní féidir é a chur as an áireamh go n-éireoidh leis arís. Céard seo a deir siad?

Ó sea – the economy stupid!

Fág freagra ar 'Ceithre mhí ó inniu a thabharfaidh pobal na Stát Aontaithe a mbreithiúnas ar Donald Trump…'