Ceithre lá dhéag gan aon chás nua Covid-19 i gCiarraí ná Dún na nGall

Deir Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte, go bhfuil an baol ann i gcónaí go bhféadfadh an galar scaipeadh i ngach réigiún sa tír

Ceithre lá dhéag gan aon chás nua Covid-19 i gCiarraí ná Dún na nGall

Níor tháinig aon ardú ar líon na gcásanna deimhnithe Covid-19 i gCiarraí in imeacht coicíse, an tréimhse choraintín a mholtar ionas nach scaipfidh duine an galar.

De réir na staitisticí is deireanaí ón Roinn Sláinte, bhí 308 cás deimhnithe i gCiarraí ag meán oíche Dé Domhnaigh, an 17 Bealtaine, agus b’amhlaidh an scéal coicís níos déanaí, Dé Domhnaigh seo caite, an 31 Bealtaine.

Ní raibh aon chás deimhnithe den choróinvíreas i measc na n-othar a bhí ag fáil cúraim in Ospidéal Ollscoile Chiarraí inné ach bhíothas in amhras go mb’fhéidir go raibh Covid-19 tolgtha ag beirt a bhí ag fáil cóir leighis san ospidéal.

I nDún na nGall, 477 cás deimhnithe a bhí sa chontae ar an 17 Bealtaine. De réir na staitisticí is deireanaí, a foilsíodh aréir, 477 cás deimhnithe a bhí sa chontae coicís ina dhiaidh sin.

Tá seisear a bhfuil an coróinvíreas orthu ag fáil cóir leighis in Ospidéal Leitir Ceanainn faoi láthair de réir an eolais is déanaí ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus meastar go bhfuil suas le 17 othar eile san ospidéal faoi láthair a bhfuil an chuma air gurb é an galar atá tolgtha acu, cé nach bhfuil an méid sin deimhnithe go fóill.

Ní raibh duine ar bith den 23 othar sin in aonad dianchúraim.

Tá ráite ag saineolaí ar ghalair thógálacha go bhféadfaí na srianta dianghlasála a scaoileadh i gceantair áirithe níos luaithe ná ceantair eile.

Dúirt an tOllamh Sam McConkey as Coláiste Ríoga na Máinleá in Éirinn go mbeadh sé slán go maith ag duine taisteal ó Shligeach go dtí Dún na nGall ach go mbeadh imní air duine a bheith ag taisteal ó Bhaile Átha Cliath go Dún na nGall.

“Mar sin, an smaoineamh sin go bhféadfaí féachaint ar ár dtír de réir na réigiún éagsúla, bealach amháin a bheadh ann teacht slán as seo de réir a chéile,” arsa an tOllamh Sam McConkey.

Deir an Roinn Sláinte gur dea-scéal é nach bhfuil ardú tagtha ar líon na gcásanna i gcontaetha áirithe ach go bhfuil fianaise bhreise ag teastáil sula ndéanfaí aon chinneadh na srianta dianghlasála a scaoileadh tuilleadh.

Dúirt an Dr. Tony Holohan, Príomhoifigeach Leighis na Roinne Sláinte: 

“Cuireadh thart ar 500 cás nua den Covid-19 in iúl dúinn le seachtain, bhí 54% de na daoine sin idir 24-55 bliain d’aois agus bhí na cásanna sin scaipthe ar fud 21 contae in Éirinn.

“Cé go bhfuil ag éirí go maith linn, tá an baol ann i gcónaí go bhféadfadh an galar scaipeadh i ngach réigiún sa tír.” 

Ó thaobh na gcontaetha Gaeltachta eile, is i gCorcaigh a tháinig an t-ardú is mó ar líon na gcásanna deimhnithe sa tréimhse seo. 145 cás nua a fógraíodh idir an 17 Bealtaine agus 31 Bealtaine i gCorcaigh.

Cé nach raibh ach trí chás nua sa chontae Dé Domhnaigh seo caite, an 31 Bealtaine, aimsíodh 37 cás nua i gCorcaigh idir meán oíche Dé hAoine agus meán oíche Dé Sathairn, os cionn leath den 61 cás breise sa stát an lá sin.

Tháinig ardú os cionn 10% ar líon na gcásanna iomlána i nGaillimh idir an 17 agus an 31 Bealtaine. Bhí 438 cás deimhnithe sa chontae ag tús na tréimhse sin agus 482 a bhí ann ag a dheireadh, ardú 44 cás.

Bhí ardú níos lú i Maigh Eo, sa Mhí agus i bPort Láirge.

Ardú beagán os cionn 2% a bhí i gceist ar líon na gcásanna deimhnithe i Maigh Eo – 556 go dtí 570 – agus sa Mhí – 782 go dtí 800 – sa choicís idir an 17 agus an 31 Bealtaine.

Ardú 4% a bhí i gceist i bPort Láirge agus líon na gcásanna sa chontae ardaithe ó 147 go dtí 153 san achar sin.

Fág freagra ar 'Ceithre lá dhéag gan aon chás nua Covid-19 i gCiarraí ná Dún na nGall'