Ceithre lá, 25 cluiche agus 30 foireann– clár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta fógartha

Beidh 30 foireann ag glacadh páirt i gcomórtas na bliana seo a reáchtálfar idir an 31 Bealtaine agus an 3 Meitheamh i gCorca Dhuibhne

Ceithre lá, 25 cluiche agus 30 foireann– clár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta fógartha

Cian Ó Murchú (An Ghaeltacht) agus Shane Ó Duinnín (Cill na Martra). Pictiúr: Seán Ó Mainnín/Tuairisc.ie

Tá na socruithe do Chomórtas Peile na Gaeltachta 2019 déanta agus clár na gcluichí d’fhéile peile na bliana seo fógartha.

Tá Comórtas Peile na Gaeltachta 2019 á reáchtáil ag Cumann Caide na Gaeltachta agus imreofar an comórtas i dtréimhse ceithre lá idir an 31 Bealtaine agus an 3 Meitheamh.

Glacfaidh 30 foireann as 25 cumann ó cheann ceann na tíre páirt i gcomórtas na bliana seo i gCiarraí. Trí chumann cathrach atá san iomaíocht i mbliana agus beidh foireann ban, Gaeil na Gaillimhe, ag glacadh páirt sa chomórtas den chéad uair riamh, chomh maith le foirne ó Laochra Loch Lao as Béal Feirste agus na Gaeil Óga as Baile Átha Cliath.

Beidh cúig chomórtas i gceist san iomlán, idir chomórtais shinsir agus shóisir na bhfear agus na mban, agus chomórtas idirmheánach na mban.

Is idir trí pháirc a imreofar na cluichí uile, Páirc Ghallarais, Páirc nua Ghallarais agus Páirc Sheáin Baróid i Lios Póil.

Cath Chorca Dhuibhne a bheidh ann sa chéad chluiche den chomórtas nuair a thabharfaidh foirne sóisir na Gaeltachta agus Lios Póil aghaidh ar a chéile oíche Dé hAoine.

Is iad Bhulf Tón na Mí seaimpíní sinsir na bliana seo caite agus cuirfidh siad tús le comórtas 2019 Dé Sathairn nuair a chasfaidh siad ar churaidh na Gaillimhe, Oileáin Árann. Beidh an cluiche sin ar cheann de cheithre cinn déag a imreofar Dé Sathairn.

Dé Domhnaigh, imreofar na cluichí ceannais sóisir agus idirmheánach na mban, chomh maith le cluichí leathcheannais sinsir agus sóisir na bhfear.

Cuirfear clabhsúr ar an gcomórtas le cluichí ceannais na bhfear agus cluiche ceannais sinsir na mban Dé Luain. Imreofar cluiche na mban ag 11.30am, beidh cluiche sóisir na bhfear ag 2.00pm agus cluiche ceannais sinsir na bhfear ag 4.00pm.

Fág freagra ar 'Ceithre lá, 25 cluiche agus 30 foireann– clár na gcluichí do Chomórtas Peile na Gaeltachta fógartha'

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Nár dheas comórtas peile do na cumainn peile a fheidhmíonn trí Ghaeilge……