Ceithre ghradam buaite ag na meáin Ghaeilge ag Féile na Meán Ceilteach

Bhuaigh na meáin Ghaeilge gradaim don chlár irise, don chlár ceoil agus don chlár faisnéise teilifíse is fearr, chomh maith le duais na nEalaíon

Ceithre ghradam buaite ag na meáin Ghaeilge ag Féile na Meán Ceilteach

Bronnadh ceithre ghradam ar chláir agus ar scannáin Ghaeilge ag Féile na Meán Ceilteach aréir.

Bhí an Fhéile le bheith ar siúl i Quimper na Briotáine i mbliana ach cuireadh ar ceal í mar gheall ar phaindéim Covid-19. Fógraíodh na buaiteoirí mar chuid d’ócáid speisialta ar líne.

Bhuaigh cláir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta dhá ghradam aréir. Thug an clár Bladhaire leo an duais don chlár irise is fearr sa rannóg raidió. Is í Áine Ní Bhreisleáin a chuireann an clár ceoil agus cainte i láthair ó Stiúideo Dhoirí Beaga. Is é Damien Ó Dónaill léiritheoir na sraithe a craoladh den chéad uair mí Mheán Fómhair seo caite.

Bhuaigh Sruth na Maoile, comhléiriú idir RTÉ Raidió na Gaeltachta agus BBC Radio nan Gàidhealan, an duais don chlár ceoil is fearr sa rannóg raidió don eagrán speisialta a rinne ceiliúradh ar 25 bliain den chlár. Sa chlár sin, chuir Seán Ó hÉanaigh agus Mairi Anna Nic Ualraig coirm cheoil ó Amharclann Glór in Inis i láthair beo agus scoth na gceoltóirí as Éirinn agus Albain ar stáitse. Ba iad Brian Nammock agus Cian Mac Aodha Bhuí a bhí i mbun cúrsaí fuaime an oíche sin, agus ba í Áine Hensey a léirigh an clár.

Rinne Gearóid Mac Donncha, Ceannaire RTÉ Raidió na Gaeltachta, comhghairdeachas leis na buaiteoirí.

“Bhí sé soiléir ón tús go raibh beocht agus fuinneamh faoi leith ag baint leis an gclár Bladhaire, agus snas ar an obair léiriúcháin. Comhghairdeas ó chroí leis an bhfoireann ar a mbua,” arsa Mac Donncha.

Mhol sé chomh maith Sruth na Maoile.

“Chuir an fhoireann coirm fhíorspeisalta i láthair dúinne a bhí san amharclann, agus do na héisteoirí sa bhaile, agus is cinnte go bhfuil an gradam seo tuillte go maith acu. Go maire siad a nuacht.”

Sa rannóg teilifíse, bronnadh an gradam don tsraith faisnéise is fearr ar an gclár sa tsraith Finné a d’inis scéal Sophia Murphy, a ndearna a hathair mí-úsáid ghnéis uirthi nuair a bhí sí óg. Ba í Orla O’Donnell, RTÉ Nuacht, a chuir an tsraith i láthair agus Tua Films, atá lonnaithe i gConamara, a léirigh.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4 agus Cathaoirleach na Féile 2020:

“Comhghairdeas ó chroí le Tua Films a léirigh an dara sraith de Finné do TG4 anuraidh as an ngradam seo a bhuachan anocht, agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil le Sophia Murphy as a scéal a hinsint. Chuaigh a scéal go mór i bhfeidhm ar gach duine a chonaic an clár.

“Ba mhaith liom comhghairdeas a dhéanamh freisin le RTÉ Raidió na Gaeltachta as an dá ghradam a bronnadh orthu anocht do Sruth na Maoile agus do Bladhaire.”

An scannán Slán leis an gCeol a bhuaigh duais na nEalaíon ag Féile na Meán Ceilteach i mbliana. Insíonn an scannán scéal an cheoltóra iomráitigh Tony MacMahon agus é buailte i ndeireadh a shaoil ag an ngalar Parkinsons. Ba é Cathal Ó Cuaig stiúrthóir agus léiritheoir an scannáin.

Fág freagra ar 'Ceithre ghradam buaite ag na meáin Ghaeilge ag Féile na Meán Ceilteach'