Ceithre fhoireann agus aon sprioc amháin acu…

Is iontach an ócáid é don imreoir club an geansaí a tharraingt air féin sa seomra feistis agus dul amach ansin chun imirt i gceanncheathrú CLG i gcluiche ceannais nó leathcheannais na hÉireann

Keith Rossiter agus Paul Roche. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer
Keith Rossiter agus Paul Roche. Pictiúr: INPHO/Donall Farmer

An deireadh seachtaine seo caite thug TG4 agus an comhlacht Nemeton, ón Rinn i bPort Láirge, (a thaispeánann cuid mhór de na cluichí Gaelacha club dúinn,) an-seirbhís uathu arís agus trí chraobh club i ndiaidh a chéile a chraoladh acu ar lá nach gcuirfeá madra amach ann. 

Agus cad iad mar chluichí a bhí againn. Raonaithe na Croise agus iad ag fáil an lámh in uachtar ar an mBoth in am breise chun craobh peile Uladh a thabhairt leo den ochtú huair ó 2004. Tráchtairí Chluain Meala ag fáil cúl iontach thiar i ndeireadh an chluiche ar fad chun craobh Peile Mumhan a thabhairt leo, an chéad uair riamh go ndearna foireann as Tiobraid Árann a leithéid de ghaisce.

Agus san iomáint, chonaiceamar Abhallort-an Bealach ó Loch Garman ag tabhairt duais mhór Chúige Laighean abhaile leo den chéad uair. Dar ndóigh, bhí ceithre chraobh caillte acu ó 2010.

Chonac iad ag imirt níos luaithe sa chomórtas agus cheapas nach rabhadar chomh maith is a bhíodar cúpla bliain ó shin. Ach cinnte, ar an Domhnach, bhíodar i bhfad níos fearr ná Cuala Áth Cliath. D’imríodar cluiche deas tomhaiste le comhimirt chumasach agus léirigh siad an-spiorad ó thús deireadh. Tréithe a gcaithfear an-chreidiúint agus an-mholadh a thabhairt dóibh as a n-ucht.

Tá an t-uafás ama caite ag muintir Jacob, Rossiter, Roche Mythen agus Redmond ag imirt iomáint idirchontae agus gan mórán acu dá bharr le linn ré órga Chill Chainnigh agus is dócha, nuair a chailleadar an ceathrú craobh club i ndiaidh a chéile i 2013, go raibh gach cuma ar an scéal go mbeidís ag fágáil domhan na hiomána gan faic buaite acu taobh amuigh den chontae. Dar ndóigh, choinnigh siad orthu agus le cabhair traenálaí nua, Frank Flannery ó Chorcaigh, tá caibidil nua á scríobh anois. 

Fágann an bua stairiúil seo i gcluiche leathcheannais na hÉireann den chéad uair iad. Ach beidh Piarsaigh Luimnigh leo agus iad tagtha chomh fada leis an bpointe seo den tríú huair ó 2011.

D’Abhallort, is dócha, go bhfuil an dainséar ann, go mbeadh an tuairim acu, áit éigin i gcúl a gcinn, go bhfuil a ndóthain déanta cheana acu. A mhalairt de scéal atá ann do na Piarsaigh mar ní bheidh siad sásta filleadh abhaile agus gan faic acu arís de bharr cluiche leathcheannais – an tríú ceann acusan. Bheinn ag ceapadh go mbeidh an-bhorradh faoin gclub má bhuann siad an an cluiche sin. 

Ar na ceithre chlub atá san iomaíocht, níl ach ceann amháin díobh a thug abhaile Corn Tommy Moore cheana. Go luath sna nóchaidí, thug Sáirséalaigh na Gaillimhe an corn abhaile leo dhá bhliain i ndiaidh a chéile.

Ach is cuma faoin méid sin anois agus na cluichí leathcheannais le n-imirt an chéad deireadh seachtaine d’Fheabhra. Is as Gleannta Aontroma an ceathrú foireann atá cáilithe do na babhtaí leathcheannais, Cumann Ruairí Óg a bhfuil deich gcinn de Chraobhacha Uladh buaite acu.

Dar ndóigh, níl aon cheann de na foirne ag caint ná ag smaoineamh ar Lá ‘le Pádraig fós.

Is iontach an ócáid é don imreoir club an geansaí a tharraingt air féin sa seomra feistis agus dul amach ansin chun imirt i gceanncheathrú CLG i gcluiche ceannais nó leathcheannais na hÉireann. Is iad an onóir agus an gradam a ghabhann lena leithéid de dheasghnátha atá i ndán do bhuaiteoirí na gcluichí leathcheannais.

Is í mí Feabhra mar sin sprioc na n-imreoirí agus iad ar fad ag súil le taispeántas a thabhairt uathu a chinnteoidh go mbeidh ainm a gclubsan le feiscint ar chlár Lá ‘le Pádraig i bPáirc an Chrócaigh.

Is dócha go dtógfaidh siad go léir sos i mí na Nollag agus gur luath san athbhliain a thosnóidh an roth ag casadh arís agus luascadh á bhaint as na camáin. Is ar tráthnóna an 6 Feabhra a bheidh siad ag cuimhneamh.

Fág freagra ar 'Ceithre fhoireann agus aon sprioc amháin acu…'