Ceithre cheist roimh thús na Príomhroinne i Sasana…

Agus tús á chur anocht le Príomhroinn Shasana, caitheann Tuairisc.ie súil ar chuid de na cheisteanna is mó faoin séasúr amach romhainn

Ceithre cheist roimh thús na Príomhroinne i Sasana…

An mbeidh Manchester City in ann an tsraith a bhuachan don dara bliain as a chéile?

Tá naoi mbliana ann ó d’éirigh le foireann ar bith Príomhroinn Shasana a bhuachan dhá shéasúr as a chéile, rud nach féidir a rá faoi aon cheann eile den 55 sraith sacair ag UEFA san Eoraip.

Ba iad Manchester United in 2008/09 an dream is deireanaí gur éirigh leo an gaisce sin a dhéanamh agus cé go bhfuil an tsraith buaite ag United, Chelsea, Manchester City agus Leicester City ó shin, tá teipthe orthu uile an beart a dhéanamh arís an séasúr dár gcionn.

Le trí shéasúr anuas, ní hamháin gur theip ar na curaidh an tsraith a chosaint ach chlis orthu go hiomlán. Níor éirigh le beirt de bhainisteoirí na bhfoirne sin, José Mourinho agus Claudio Ranieri, fanacht sa phost a bhí acu agus a P45 faighte acu faoi dheireadh an chéad séasúir eile. Ar a laghad, tugadh séasúr iomlán do Antonio Conté sula bhfuair Chelsea réidh leis i rith an tsamhraidh.

Tá dúshlán mór mar sin roimh Pep Guardiola agus Manchester City agus iad ag súil go mbeidh macasamhail an tséasúir dhochreidte a bhí acu in 2017/18 acu arís. Tá cuma i bhfad níos láidre ar fhoireann Guardiola ná a bhí ar na foirne eile sin ar thit an tóin astu agus iad ag iarraidh an chreach a thabhairt leo don dara bliain as a chéile, ach, mar sin féin, is léir ach sracfhéachaint a thabhairt ar an stair a dheacra agus a bhíonn sé an Phríomhroinn a bhuachan arís.

An mbeidh Liverpool in ann an dá thrá a fhreastal – sa bhaile agus feachtas san Eoraip?

Nuair a chuaigh Liverpool chomh fada le cluiche ceannais Shraith na gCuradh anuraidh, ba léir go raibh na himreoirí imithe i dtaithí ar stíl agus ar chóras imeartha Jurgen Klopp. Tá an Gearmánach anois ag cur tús lena thríú séasúr iomlán i gceannas ar an bhfoireann agus ní bheidh mórán leithscéalta aige má théann rudaí in olcas.

Cinnte, tá tacaíocht faighte aige ón mbord. Bhí laigí ag Liverpool i measc na gcosantóirí agus sa chúl le fada ach chaith siad os cionn €140 milliún ar Virgil Van Djik agus Alisson in 2018, an cosantóir agus an cúl báire ba chostasaí ar domhan nuair a ceannaíodh iad.

Ní hamháin sin, ach tá beagnach €120 milliún caite acu chomh maith ar Naby Keita, Fabinho agus Xherdan Shaqiri an samhradh seo agus Klopp ag iarraidh a scuad a neartú.

Le roinnt blianta anuas, rinne Liverpool go maith sa tsraith nó san Eoraip ach beidh brú orthu i mbliana an dá thrá a fhreastal agus lucht tacaíochta Liverpool ag iarraidh go dtabharfaidh siad ruathar ceart faoin tsraith, rud nach bhfuil déanta acu le roinnt blianta anuas.

Cé is túisce a imeoidh, Mourinho nó Benitez?

Is sean-naimhde iad José Mourinho agus Rafael Benitez ach tá an samhradh uile caite acu ag seinm an phoirt chéanna agus iad ag gearán nach raibh dóthain airgid caite ag a gcuid clubanna ar imreoirí nua.

Chruthaigh Benitez thar cionn ó chuaigh sé i bhfeighil ar Newcastle United ach bíonn sé seasta ag gearán nach bhfuil dóthain airgid á chaitheamh acu. Tá pointe aige. Is é an £16 milliún a chaith Newcastle ar Michael Owen in 2005 an praghas is mó fós atá íoctha acu ar imreoir, cé go bhfuil ardú ollmhór tagtha ar an airgead a shaothraíonn an cumann sin ó shin. Mura dtiocfar ar réiteach ar an scéal, éireoidh an Spáinneach as nó brisfear as a phost é.

I gcás Mourinho, tháinig sé isteach mar bhainisteoir cúpla bliain ó shin agus tá cuid mhaith ama caite ó shia aige ag gearán faoi réiteoirí, faoi easpa caiteachais agus faoina chuid imreoirí féin. Tá beagnach €390 milliún caite ag Manchester United ó tháinig Mourinho isteach agus seans go bhfuil daoine ar an mbord bréan dá chuid clamhsán.

Agus é i gceannas ar Chelsea agus Real Madrid, tugadh bata agus bóthar do Mourinho i lár a thríú séasúr agus mura n-éiríonn leis an bhearna idir United agus Manchester City a laghdú, seans nach mairfidh sé an séasúr ar fad an uair seo ach an oiread.

An bhfuil na foirne nua ullmhaithe do dhúshlán na Príomhroinne?

An séasúr seo caite, d’éirigh leis na trí fhoireann a bhain ardú céime amach ón dara roinn, Newcastle United, Brighton & Hove Albion agus Huddersfield, fanacht sa Phríomhroinn. Beidh Fulham, Wolves agus Cardiff City ag iarraidh an gaisce céanna a dhéanamh an séasúr seo agus tá obair mhaith déanta ag cuid acu cheana féin.

Tá airgead mór caite ag Fulham i rith an tsamhraidh. I measc na bhfear nua atá tugtha isteach acu, tá Jean-Michel Seri, fear a raibh Barcelona, Chelsea agus Liverpool sa tóir air le cúpla bliain anuas, agus André Schurrle, a bhí ar fhoireann na Gearmáine a bhuaigh Corn an Domhain 2014.

Tá imreoirí mór le rá tugtha isteach ag Wolves chomh maith, Rui Patrício agus Joao Moutinho ina measc, beirt a bhfuil na scórtha cluichí imeartha acu don Phortaingéil.

Beidh Cardiff City ag brath cuid mhaith ar na fir chéanna a bhain an t-ardú céime amach dóibh an séasúr seo caite. D’éirigh le Brighton é sin a dhéanamh anuraidh ach toisc airgead mór a bheith caite ag na cumainn eile a bheidh sa leath íochtar den tábla, bheadh éacht níos mó fós a bheadh ann dá n-éireodh le Neil Warnock Cardiff a choinneáil sa Phríomhroinn.

Fág freagra ar 'Ceithre cheist roimh thús na Príomhroinne i Sasana…'

  • Breandán Góch

    Is breá liom Sacar agus tá mé ag tnúth go mór leis go mbuaigh an Premier League