Ceithre bliana príosúin d’fhear as marú fir as Ros Muc i gConamara

Phléadáil Noel Lenihan, as Bóthar an Chairdinéil Cushing sa Mhuirbheach sa Ghaillimh, neamhchiontach as dúnmharú Christopher McGrath, ach phléadáil sé ciontach ina dhúnorgain

Ceithre bliana príosúin d’fhear as marú fir as Ros Muc i gConamara

Sa chúirt sa Ghaillimh inniu gearradh ceithre bliana príosúin ar fhear 67 bliain as marú Christopher McGrath, arbh as Ros Muc i gConamara ó dhúchas dó.

Cuireadh i leith Noel Lenihan, arb as an Muirbheach sa Ghaillimh dó, gur dhúnmharaigh sé Christopher McGrath ar an 12 Márta 2017. Phléadáil sé neamhchiontach as dúnmharú ach phléadáil sé ciontach as dúnorgain, pléadáil ar ghlac an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí leis.

Dúirt an Breitheamh Michael White gur rabhthas ag glacadh leis gur ghníomh féinchosanta a rinne Lenihan nuair a tháinig Christopher McGrath ar cuairt chuig a theach go moch ar maidin an 12 Márta 2017.

Dúirt an Breitheamh, áfach, gur úsáid Lenihan an iomarca fórsa nuair a sháigh sé Christopher McGrath agus gurbh amhlaidh go ndearna sé iarracht ina chuid fianaise chun na cúirte a chur in iúl nár úsáid sé oiread fórsa agus a rinne.

Bhí aithne mhór ar Christopher McGrath i measc lucht lúthchleasaíochta agus go leor duaiseanna buaite aige ag an leibhéal sóisir agus sinsir.

Fág freagra ar 'Ceithre bliana príosúin d’fhear as marú fir as Ros Muc i gConamara'