Ceithre bliana a mhair an caidreamh ab’fhaide agat? Muise, tá tú ag déanamh go maith!

Bhí ár gcolúnaí in ísle brí toisc nach raibh caidreamh grá fíorfhadtréimhseach aige riamh, ach bhí focail faoisimh dó ag a chara, an scríbhneoir agus an síceolaí

Ceithre bliana a mhair an caidreamh ab’fhaide agat? Muise, tá tú ag déanamh go maith!

Bhí 25 bliain a bpósta á gceiliúradh ag mo (leath)dheartháir mór agus a bhean chéile, cóisir mhór amuigh faoin aer le neart ceoil, prosecco agus donnóga seacláide gan ghlútan.

Agus óráidí.

Tharla go raibh mo (leath)dheirfiúr mhór, mo dheartháir óg agus mé féin inár seasamh in aice le chéile nuair a bhí óráid fhíorphearsanta á tabhairt ag mo dheartháir mór.

Bhí fear céile mo dheirfíre ina sheasamh in aice le mo dheirfiúr agus bhí bean mo dhearthár óig ina seasamh in aice leis siúd.

Bhí mise i mo sheasamh liom féin.

Ní fios cá mhéid bliain atá caite le chéile ag mo dheirfiúr mhór agus a fear céile. Dhá scór? Tá aithne agam ar a fear ó bhí mé i mo ghasúr agus ní cuimhin liom aon fhear eile a bheith ina saol roimhe sin (má bhí, níor cuireadh in aithne dom é.)

Níl ach dhá bhliain caite le chéile ag mo dheartháir óg agus an bhean a bhfuil sé léi anois, ach roimhe sin bhí caidreamh 17 mbliana aige le máthair a mhic.

Ceithre bliana a mhair an caidreamh ab’fhaide dá raibh agam féin.

Ní gá a rá gur mhothaigh mé i m’éan corr ag an gcóisir sin, an grá fadtéarmach heitrighnéasach á cheiliúradh, amhrán féinchumtha in omós do phósadh a dtuistí á chanadh ag beirt iníonacha mo dhearthár mhóir.

Ó, is ea, ní hamháin gur mise an t-aon duine sa chlann nach bhfuil páirtnéir aige, mise an t-aon duine sa chlann nach bhfuil clann air, leis.

Cúpla lá ina dhiaidh sin bhí mé fós in ísle brí agus nuair a bhí mé féin agus mo chara, an scríbhneoir agus an síceolaí, ag siúl sa choill lig mé le mo racht.

‘Ceithre bliana a mhair do chaidreamh ab’fhaide?’ a d’fhiafraigh mo chara, arb í an teiripe chaidrimh a phríomhréimse oibre. ‘Muise, ach tá tú ag déanamh go maith.’

Mhínigh mo chara go bhfuil fianaise láidir ann, ó staidéir a rinneadh ar threibheanna bundúchasacha ar fud na cruinne, go bhfuil an duine ceaptha a bheith ina mhonagamach sraithe seachas ina mhonagamach saoil, agus go bhfuil sé i nádúr an duine gan ach dhá, trí, nó ceithre bliana ar a mhéid a chaitheamh le páirtnéir amháin.

Cinntíonn dopaimín agus hormóin eile go bhfanann lánúin dílis dá chéile ar feadh díreach a dhóthain ama chun leanbh nó beirt a chur ar an saol; teipeann ar sholáthar dhrugaí an ghrá ansin agus bíonn sé in am bogadh ar aghaidh chuig an gcéad pháirtnéir gnéis eile, pé cúis a bhí ag an Nádúr leis sin – pórmheascadh, cá bhfios.

Ar chúis éigin rinne na reiligiúin aondiacha scéal mór den mhonagamacht saoil – agus cinnte, tá rómánsachas ag baint leis – do shaol ar fad a chaitheamh i dteannta duine amháin agus éirí sean le chéile. Ní gan chúis go raibh iarracht den éad orm ag an gcóisir sin.

Gan dabht tá lánúineacha ann (agus ní gá gur daoine cráifeacha iad) a n-éiríonn leo fanacht dílis dá chéile ar feadh na scórtha bliain, ach – a deir mo chara – bheadh dul amú ar pé duine a cheapfadh go mbeadh an dúil fhisiciúil chéanna aige ina leannán tar éis dhá, trí nó ar a mhéid ceithre bliana agus a bhí sa chéad bhliain go leith.

Faoiseamh de chineál a bhí i bhfocail mo chara. Chuir sé ar mo shúile dom nár chóir dom mé féin a chéasadh toisc nach bhfuil idéal nach mise a chum nó a cheap á chomhlíonadh agam; níl ann ach go bhfuil mo shaol á chaitheamh agam de réir mar a bheartaigh an Nádúr fadó. Ach tá fadhb bheag amháin fós le réiteach: páirtnéir a aimsiú chun an chéad dhá, trí nó ceithre bliana eile a chaitheamh leis.

Fág freagra ar 'Ceithre bliana a mhair an caidreamh ab’fhaide agat? Muise, tá tú ag déanamh go maith!'