Agus bua drámatúil ag a fhoireann i bPáras an deireadh seachtaine seo caite, beidh príomhchóitseálaí na hÉireann, Joe Schmidt, ag súil le cluiche níos éasca in aghaidh na hIodáile i Staid Aviva an Satharn beag seo.
Agus cluiche thar a bheith crua imeartha acu in aghaidh na Fraince, tá sos tugtha aige do roinnt imreoirí i measc na dtosaithe. Tháinig Jack McGrath isteach mar ionadaí sa Stade de France agus tosóidh sé in aghaidh na nIodálach in áit Cian Healy.
Sa dara líne, tiocfaidh Devin Toner isteach in áit James Ryan, a bhfuil gortú ag cur as dó an tseachtain seo. Meastar go mbeidh Ryan togha don chuid eile den chomórtas, rud nach bhfuil fíor faraor i gcás Josh van der Flier. Bhain drochghortú glúine de van der Flier an deireadh seachtaine seo caite agus ní bheidh sé ag dul chun páirce arís an séasúr seo. Is é Dan Leavy, a bhí ar fheabhas nuair a tháinig sé isteach in aghaidh na Fraince, a thiocfaidh isteach in áit.
Is é an t-athrú deireanach atá déanta ag Schmidt ná CJ Stander a fhágáil ar an mbinse agus an t-imreoir óg as Cúige Laighean, Jack Conan, a thabhairt isteach ina áit. Is é seo an chéad chluiche ag Conan sa chomórtas seo.
Bíodh go raibh an-chuid deacrachtaí ag Éirinn deiseanna ar úid a chruthú in aghaidh na Fraince níl aon athrú déanta ag Schmidt i meas na gcúlaithe don chluiche seo. Tá roinnt athruithe déanta aige i measc na n-ionadaithe, áfach, agus áit ar an mbinse bainte amach ag Jordan Larmour. Tá an lánchúlaí ag imirt ar fheabhas do Chúige Laighean i mbliana agus an-chuid daoine ag súil go mór lena fheiceáil i ngeansaí na hÉireann.
Foireann na hÉireann
15. Rob Kearney
14. Keith Earls
13. Robbie Henshaw
12. Bundee Aki
11. Jacob Stockdale
10. Johnny Sexton
9. Conor Murray
1. Jack McGrath
2. Rory Best
3. Tadhg Furlong
4. Iain Henderson
5. Devin Toner
6. Peter O’Mahony
7. Dan Leavy
8. Jack Conan
Fir Ionaid:
16. Sean Cronin
17. Cian Healy
18. Andrew Porter
19. Quinn Roux
20. CJ Stander
21. Kieran Marmion
22. Joey Carbery
23. Jordan Larmour
Fág freagra ar 'Ceithre athrú i measc na dtosaithe déanta ag Schmidt do chuairt na nIodálach'