‘Ceisteanna tromchúiseacha’ don Rialtas maidir le cearta teanga i ndiaidh breithiúnas sa Chúirt Achomhairc

Dúirt Peadar Mac Fhlannchadha gur ‘ábhar faoisimh’ dó go bhfuil a chás in aghaidh an Stáit tagtha chun críche ach go bhfuil ábhar machnaimh ann maidir leis an gcaoi a gcuirfear treoracha an AE i bhfeidhm amach anseo

‘Ceisteanna tromchúiseacha’ don Rialtas maidir le cearta teanga i ndiaidh breithiúnas sa Chúirt Achomhairc

Deir an fear Gaeltachta a bhuaigh cás in aghaidh an Stáit maidir le húsáid na Gaeilge ar phacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe go n-ardaíonn an cás “ceisteanna tromchúiseacha” don Stát maidir le cearta teanga do phobal na Gaeilge agus maidir le cur i bhfeidhm threoracha an Aontais Eorpaigh.

Dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc inné d’achomharc a rinne an Stát i gcoinne chinneadh na hArd-Chúirte mí an Mheithimh seo caite gur cheart go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar na lipéid ar tháirgí leighis d’ainmhithe.

Dearbhaíodh gur theip ar an Stát feidhm mar is ceart a thabhairt sa dlí do threoir de chuid na hEorpa go gcaithfeadh Gaeilge agus Béarla a bheith ar na lipéid agus pacáistiú.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Ardrúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thug an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis sa tír seo.

Dúirt Mac Fhlannchadha gur “ábhar faoisimh” dó go bhfuil an cás tagtha chun críche ach go bhfuil ábhar machnaimh ann don Stát maidir leis an gcaoi a gcuirfear treoracha an Aontais Eorpaigh i bhfeidhm amach anseo.

“Agus an próiseas cúirte críochnaithe anois, agus é dearbaithe gur theip ar an Stát Treoir de chuid an AE a d’éiligh pacáistiú dátheangach ar tháirgí leighis d’ainmhithe a thrasuí i gceart isteach i nDlí na hÉireann, ardaítear ceisteanna tromchúiseacha don Stát maidir leis an gcaoi a ndéileálann siad le Rialacháin Eorpacha,” a dúirt Mac Fhlannchadha.

“Baineann ceisteanna tromchúiseacha freisin le cinneadh an stáit Treoir de chuid an AE a thabharfadh cearta teanga do phobal na Gaeilge a chur ó mhaith. Cé a rinne an cinneadh seo agus an raibh údarás polaitiúil acu chun é a dhéanamh?

“Tá réimse ceisteanna anseo go gcaithfear filleadh orthu i bhfóraim eile.”

Cuireann cinneadh na Cúirte Achomhairc i mBaile Átha Cliath inné clabhsúr ar chás arbh é an chéad chás as Gaeilge a tháinig os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh i Lucsamburg.

Dúradh sa bhreithiúnas go raibh Mac Fhlannchadha “i dteideal” an Ghaeilge a bheith ar fáil dó ar na lipéid “mar chainteoir Gaeilge agus mar thomhaltóir táirgí tréidliachta”.

Ar bhonn práinne a éisteadh an cás mar ón 28 Eanáir 2022 ar aghaidh, beidh saoirse ag ballstáit an Aontais Eorpaigh maidir le lipéadú agus beidh cead ag an Stát Béarla nó Gaeilge a roghnú do na lipéid.

Ar an mbonn sin, leasaíodh sa Chúirt Achomhairc an chuid sin de chinneadh na hArd-Chúirte go gcaithfí rialacháin a thabhairt isteach a d’éileodh go mbeadh na lipéid i nGaeilge agus i mBéarla.

Cé go bhfágann sin nach mbeidh aon éifeacht phraiticiúil ag an gcinneadh ar chás na lipéad, meastar go bhfuil prionsabal tábhachtach leagtha síos ag an gCúirt Achomhairc.

Is é sin go bhfuil an ceart ag an saoránach tabhairt ar Rialtas na hÉireann treoir de chuid an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm i gceart sa stát seo má theipeann ar an Rialtas sin a dhéanamh agus má chuireann an teip sin isteach ar an saoránach.

D’ordaigh an Chúirt Achomhairc go mbeadh costais iomlán dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha le híoc ag an stát.

Mhaígh an Stát – an tAire Talmhaíochta agus an tArd-Aighne – nár bhain ceist na Gaeilge ar na lipéid le hábhar mar go raibh an treoir ag dul in éag agus mar nach raibh aon éifeacht ag an treoir.

Mhaígh lucht dlí Pheadair Mhic Fhlannchadha go raibh an treoir chéanna ‘soiléir, beacht agus neamhchoinníollach’.

I ndiaidh an chinnidh, ghabh Mac Fhlannachadha buíochas leis an bhfoireann dlí a bhí aige don chás.

“Ar bhonn pearsanta, is ábhar faoisimh é go bhfuil ceann scríbe bainte amach againn sa deireadh thiar. Is mian liom buíochas ó chroí a ghlacadh le m’fhoireann dlí, an tAbhcóide Sinsearach, Séamus Ó Tuathail, an tAbhcóide Sóisearach, Dáithí Mac Cárthaigh agus na haturnaetha Seán Ó Cearbhaill agus Sarah O’Dowd ó Ghaillimh.”

Fág freagra ar '‘Ceisteanna tromchúiseacha’ don Rialtas maidir le cearta teanga i ndiaidh breithiúnas sa Chúirt Achomhairc'

  • Brigid

    Prionsabal tábhachtach chun an teanga ársa seo a choimead beo.