Ceisteanna móra le freagairt ag Sinn Féin agus Mary Lou McDonald faoin Eoraip

Má tá Sinn Féin sásta géilleadh don dearcadh Eorpach atá ag na páirtithe móra, cén polasaí eile a bheadh siad sásta a chur ar leataobh?

Ceisteanna móra le freagairt ag Sinn Féin agus Mary Lou McDonald faoin Eoraip

Má baineadh preab asam nuair a d’fhógair Michelle O’Neill go raibh sí le freastal ar chorónú Shéarlais Shasana, bhí díomá orm nuair a léigh mé an óráid a thug Mary Lou McDonald sa Bhruiséil faoin bhFiontar Eorpach.

San óráid sin, dúirt ceannaire Shinn Féin go mba chóir go mbeadh Éire chun tosaigh sa bhFiontar Eorpach, cé nár thug sí aon mhíniú ar céard is brí leis an bhFiontar sin.

Le blianta fada bhí Sinn Féin go díograiseach ag cur in aghaidh an Aontais Eorpaigh (agus in aghaidh an Fhiontair Eorpaigh), ag feachtasaíocht i gcoinne gach aon athrú is conradh a mhéadaigh cumhacht na hEorpa ar an tír seo.

Go deimhin, thiar in 2005 dúirt Gerry Adams, Uachtarán Shinn Féin: “Le polaitíocht an Aontais Eorpaigh a thuiscint caithfear a thuiscint gur rud lárnach é mian an AE a bheith ina ollstát … Malairt ghlan é seo ar dhearcadh daonlathach is frith-impiriúlach Phoblachtánachas na hÉireann, agus daoine daonlathacha is forásacha ar fud na hEorpa.

“Go fírinneach ní stáit cheannasacha nó neamhspleácha iad stáit an AE … Ní féidir daonlathas iomlán nó neamhspleáchas náisiúnta a bheith againn an fhaid is atá formhór na ndlíthe a chuireann ceangal orainn á ndéanamh ag cinntí ó dhaoine nach dtoghann muid.”

Diúltú soiléir don Fhiontar Eorpach ab ea an chaint seo agus Adams ag rá gur sárú ar an daonlathas náisiúnta a bhí ann.

Is léir, mar sin, nach é an port céanna a bhí á sheinnt ag Mary Lou McDonald is a chan Adams. Athrú bunúsach, ach go bhfios dom ní raibh aon phlé ag aon ardfheis le tacaíocht a fháil don seasamh nua, cé gur ghlac an páirtí roinnt blianta ó shin le rannpháirtíocht san AE, ach cead a cháinte acu, mar pholasaí an pháirtí.

Mar sin féin, níor tugadh aon mhíniú ar cad ba bhrí leis sin ach oiread, is níor chualathas mórán ag easaontú leis.

Ach anois tá ceannaire Shinn Féin ag tabhairt le fios go bhfuil an páirtí, mar aon le páirtithe eile na bunaíochta, céad faoin gcéad taobh thiar den Eoraip agus den Fhiontar Eorpach.

An chéad cheist a ritheann liom ná céard is brí leis an bhFiontar Eorpach? Gan dabht ar bith tá móramh mór sa stát seo ar son bhallraíocht na hÉireann san Aontas. Ach ní dóigh liom gur léirigh aon mhóramh riamh go raibh siad i bhfabhar ollstát a chruthú nach mbeadh ag Éirinn ann ach cumhachtaí cúige, mar atá ag na stáit atá mar chuid de Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Feictear domsa go bhfuil daoine i bhfabhar comhoibriú trádála is eacnamaíochta, ach go bhfuil siad i i bhfabhar stát neamhspleách dá gcuid féin a bheith againn.

Anois, is ábhar ceart díospóireachta é an féidir an dá rud sin a bheith againn agus an Conradh Liosbóin i bhfeidhm, mar shampla, ach is cinnte go bhfuil an mian ollstát a dhéanamh den Aontas ag teacht salach ar an mian go mbeadh tír neamhspleách againn i gcónaí.

Mar sin, nach bhfuil dualgas ar Mhary Lou McDonald míniú a thabhairt faoi céard tá i gceist aici maidir leis na bhFiontar Eorpach seo? Sea, labhair sí arís san óráid ar son diúltú don mhíleatachas Eorpach, is don leithcheal eacnamaíochta, do phríobháidiú na heacnamaíochta is eile, ach céard a bhí i gceist aici mar sin nuair a mhaígh sí gur cheart don tír seo a bheith chun tosaigh sa bhFiontar?

Agus níos tábhachtaí, cén seasamh a mholfadh sí dá rachadh an tAontas ar aghaidh le hArm Eorpach a bhunú. Nó cén seasamh a mholfadh sí i dtaobh Alt 119 de Bhun-Chonradh an Aontais Eorpaigh, an t-alt a deir go gcaithfidh gach ballstáit polasaí eacnamaíochta a bheith aige a thugann tús áite don mhargadh príobháideach?

Go deimhin, léiríonn pobalbhreitheanna go rialta go dteastaíonn ón móramh go gcoinneodh muid ár polasaí neodrachta. Agus má creideann Sinn Féin dáiríre gur cheart ról gníomhach a bheith ag an stát i gcúrsaí eacnamaíochta is sóisialta, nach mbeadh sé sin ag teacht salach ar Alt 119?

Ní nach ionadh bhí na meáin mhóra ag déanamh gaisce faoin scéal. Is beag nach raibh osna faoisimh le clos ó RTÉ is ón Irish Times nár ghá a bheith buartha dá mbeadh Sinn Féin i mbun rialtais.

Ach má tá Sinn Féin sásta géilleadh don dearcadh Eorpach atá ag na páirtithe móra, cén polasaí eile a bheadh siad sásta a chur ar leataobh?

Ar deireadh thiar ní féidir athrú a thabhairt isteach mura bhfuil sé i gceist agat athrú ar bith a dhéanamh.

Fág freagra ar 'Ceisteanna móra le freagairt ag Sinn Féin agus Mary Lou McDonald faoin Eoraip'

  • Indrek Ois

    Mura fios d’Eoin Ó Murchú céard is Fiontar Eorpach ann, b’fhéidir gurbh fhiú dó dul siar ar a chuid ceachtanna staire agus óráid a thug Robert Schuman, duine de bhunaitheoirí an AE, an 9 Bealtaine blianta ó shin a léamh arís …? Cá bhfios, d’fhéadfadh sé aontú leis, fiú!

  • Dáithí Mac Cárthaigh

    Chun dlí den AE a dhéanamh ní foláir do Chomhairle an AE (ar a bhfuil ionadaí ó gach ballstát) glacadh leis thar ceann rialtas na mballstát agus ní foláir do Pharlaimint na hEorpa glacadh leis thar ceann phobal na hEorpa. Tá níos mó suíochán sa Pharlaimint in aghaidh an tsaoránaigh agus na tíre beaga. Ní hann don easpa daonlathais a mbítear ag maíomh as.