Ceisteanna móra le freagairt ag ceannaire Shinn Féin faoi pholasaí tuaithe a páirtí

D’fhéadfadh duine ar bith as páirtí polaitíochta ar bith an méid a dúirt Mary Lou McDonald faoi chúrsaí na tuaithe le linn a cuairte ar Chonamara a rá

Ceisteanna móra le freagairt ag ceannaire Shinn Féin faoi pholasaí tuaithe a páirtí

Pictiúr: Leah Farrell/RollingNews.ie

Níor mhór do dhuine eicínt oideachas a chur ar cheannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald faoi na fadhbanna atá ag pobal na tuaithe sa tír seo. Thug sí cuairt ar Chonamara le gairid. Rinne an Connacht Tribune agallamh léi. D’fhéadfadh duine ar bith as páirtí polaitíochta ar bith na rudaí a dúirt sí a rá.

Ba léir nach raibh aon staidéar domhain déanta aici ar chás na tuaithe. Cén bhrí ach tá daoine meabhracha i Sinn Féin a d’fhéadfadh cuidiú léi, Mairéad Farrell, mar shampla, nó Matt Carthy nó Piaras Ó Dochartaigh.

Marach mór amháin atá ar Shinn Féin nach dtugann siad aird ar an dochar atá polasaí nualiobrálach Aontas na hEorpa a dhéanamh sa tír seo go mór mór faoin tuath.

Bhí sé maith go leor ag Mary Lou a bheith ag caint ar thuilleadh infheistíochta a dhéanamh i gConamara ach níor mheabhraigh sí ar chor ar bith go mbeadh an deontas céanna stáit ar fáil ag tionsclóir in aice le haerfort Bhaile Átha Cliath agus a bheadh ag an té a bhunódh tionscal i Leitir Mealláin.

Dlíthe Aontas na hEorpa is cúis leis sin.

Ar son cothromaíochta idir comhlachtaí atá an riail ann a déarfadh maorlathas na Bruiséile ach cén chaoi a bhféadfadh tionsclóir Leitir Mealláin dul in iomaíocht le tionclóir Bhaile Átha Cliath dá mbeadh na hearraí le honnmhairiú chuig an gcuid eile den Eoraip?

Ba é an réiteach a bhí ar chás den sórt sin sa tSualainn uair amháin deontas iompair a thabhairt don tionsclóir a bheadh i bhfad ón aerfort.

Níl a fhios agam ar mhínigh duine ar bith do Mhary Lou nach bhfuil cead againn bóthar maith amháin féin a bheith againn i gConamara de bharr rialacha timpeallachta Aontas na hEorpa.

Níl a fhios agam ach an oiread ar inis aon duine di gurb é an sainmhíniú atá ar an tuath na ceantair ar fad atá taobh amuigh de na cathracha.

Sin é an sainmhíniú a bhí sa tuarascáil sin a raibh Pat Spillane ina chathaoirleach air. Is breá leis na Tráchtairí Móra a thabhairt le tuiscint gur pobal beag é pobal na tuaithe.

Maidir le cúrsaí feilméarachta sílim gur beag scil atá ag Mary Lou sa tionscal sin. Chaithfeadh sé mar sin féin go dtuigfeadh sí gur tionscal tábhachtach é. Sea freisin ach beidh feilméaraí faoi bhrú mór as seo amach má fhaigheann Eamon Ryan agus a chuallacht cead a gcinn.

An mac tíre alpach seachas bó na leathadhairce ab fhearr le Eamon a fheiceáil ag princeam ar bhánchnoic Éireann ó. Seachain nach gcuirfeadh sé clúidíní ar na ba freisin.

Maidir le hiascaireacht tá an tionscal sin gar do bheith criogtha ar fad in Éirinn. Tá roinnt na gcuótaí éisc taobh istigh den tír míchothrom amach as amach freisin.

Do thrálaeir mhóra na gCealla Beaga a thugtar tús áite. Meas tú an mbeadh Piaras Ó Dochartaigh ar son é sin a chur ina cheart dá mbeadh Sinn Féin i gcumhacht?

Má tá tionscal na hiascaireachta ina steig meig faoi láthair ní tada é go n-imeoidh an Bhreatain as Aontas na hEorpa. Coiscfear báid na hÉireann as uiscí na Breataine agus scuabfaidh tíortha eile as Aontas na hEorpa leo an méid den iasc a bheas fágtha.

An dtuigeann Mary Lou gurb é an polasaí oifigiúil atá sa tír seo le tamall muintir na tuaithe a thiomáint isteach sna cathracha? An bhfuil sí ar son an pholasaí sin? Mura bhfuil cén malairt treo a mholfadh sise?

An mbeadh sí ar son dílárú cumhachta a chur i bhfeidhm sa tír? Ní dílárú státseirbhíseach atá uainn ach dílárú cumhachta agus airgid.

Ceisteanna iad seo ar fad a chaithfear a chur uirthi mar tá chuile chosúlacht ann gurb í a bheas ina Taoiseach ar an tír tar éis an chéad olltoghcháin eile.

Fág freagra ar 'Ceisteanna móra le freagairt ag ceannaire Shinn Féin faoi pholasaí tuaithe a páirtí'

  • Eoin O Murchu

    Ar seóladh an t-alt seo go dtí Mary Lou? B’fhiú a freagra air a lorg is a fhoilsiú.

  • Seán Mag Leannáin

    “An mac tíre alpach seachas bó na leathadhairce ab fhearr le Eamon a fheiceáil ag princeam ar bhánchnoic Éireann ó.” Eamon an chnoic.

  • Poraic o'hEipicín

    d faoi meon sinn féin ar an Ghinmhillte.???.