Ceisteanna móra faoi fhiúntas an chomórtais Pro 14

Cén mhaith do na Cúigí a bheith ag cur foirne chun páirce mura bhfuil fáil acu ar fhreasúra atá fiú gar don chaighdeán céanna leo féin?

Ceisteanna móra faoi fhiúntas an chomórtais Pro 14

Gareth Milasinovich agus Luke Marshall. Pictiúr: INPHO/Matteo Ciambelli

Is cinnte go bhfuil cúigí na tíre seo in áit an-mhaith agus iad ag réiteach do Bhabhta 8 den Pro 14. Tá Cúige Laighean agus Cúige Mumhan ar bharr an dá ghrúpa, na hUltaigh sa dara háit i nGrúpa A agus tá foireann na Gaillimhe sa tríú háit i nGrúpa B agus gan ach pointe idir iad agus an dara háit.

Tá an cluiche a bhí le bheith ar siúl inniu idir Cúige Chonnacht agus na hOspreys agus an cluiche idir Cúige Laighean agus na Scarlets amárach curtha ar athlá, de bharr fadhbanna Covid i gcampaí na bhfoirne ón mBreatain Bheag.

D’fhéadfá a rá, áfach, go bhfuil greim teann ag foirne na hÉireann ar an gcomórtas seo.

Ach ardaíonn sin ceisteanna móra maidir le fiúntas an chomórtais faoi láthair. Cén mhaith do leithéidí Chúigí Laighean, na Mumhan agus Uladh a bheith ag cur a gcuid imreoirí dara agus tríú rogha chun páirce mura bhfuil fáil acu ar fhreasúra atá fiú gar don chaighdeán céanna leo féin?

Mar atá feicthe againn ó thús an tséasúir seo, tá chuile phointe a bhí ar fáil slánaithe ag Cúige Laighean i seacht gcluiche. Is beag nach ionann an cás ag Cúige Mumhan agus ag Cúige Uladh. Ní haon iontas ar bith é go bhfuil go leor den tuairim anois nach bhfuil an comórtas feiliúnach dá fheidhm faoi láthair.

Má leanann rudaí mar seo ní hamháin go gcaillfidh an lucht leanta suim sa gcomórtas ach ní bheidh aon mhaith ann ach oiread mar ullmhúcháin do chomórtas sinsearach chlubanna na hEorpa ná do chluichí idirnáisiúnta ach oiread.

Dá luaithe a thagann foirne ar ardchaighdeán ón Afraic Theas isteach sa gcomórtas is ea is fearr é.

Go deimhin má leanann na hUltaigh leis an gcur chuige a chonaic muid uathu ó thús an tséasúir tá seans maith acu pointe bónais a shlánú.

Ní dóigh go mbeidh aon stró ar na Muimhnigh agus iadsan i gcoinne Zebre ar Pháirc Thuamhan. Cúig phointe boga eile don Arm Dearg.

Mar a dúirt mé ag tús an ailt seo, tá géarghá le hathbhreithniú a dhéanamh ar struchtúir an Pro 14.

Leanfaidh Corn na Náisiún ar aghaidh an deireadh seachtaine seo. Cuirfidh Éire fáilte roimh fhoireann idirnáisiúnta rugbaí na Seoirsia amárach. Ní dóigh go mbeidh siad sách láidir do na Gaeil agus ní iontas dá bhrí sin go bhfuil Andy Farrell ag tabhairt deis do roinnt imreoirí óga atá ar bheagán taithí.

Fág freagra ar 'Ceisteanna móra faoi fhiúntas an chomórtais Pro 14'

  • Cluain Sceach

    Ní fiú faic é.