Ceisteanna le freagairt agus fadhbanna le réiteach ag Davy FitzGerald 

Níl aon dabht ach go bhfuil cumas in Davy Fitzgerald mar bhainisteoir agus chuid maith buaite faoina stiúir i ngach contae ina raibh sé i gceannas

Ceisteanna le freagairt agus fadhbanna le réiteach ag Davy FitzGerald 

Na laethanta seo tá ár n-aird fós ar thimpeallán na mbainisteoirí agus ráflaí agus scéalta (cuid den fhírinne ag baint le cuid acu) á scaipeadh faoin bpeil agus faoin iomáint. 

Bhain ceann de na ráflaí sin le hiarbhainisteoirí Thiobraid Árann, Liam Sheedy agus a leathbhádóir Éamonn Ó Sé, agus iad á lua mar bhainisteoirí nua Uíbh Fhailí. Ní fheadar cad as a dtáinig an scéal sin ach ar feadh lá nó dhó bhí sé láidir go leor ar na meáin shóisialta. Seans gur teoiric chomhcheilge a bhí ann mar níl aon ghanntanas díobh sin ar na meáin shóisialta chéanna. Bheinn ag súil nach fada go mbeidh fírinne (nó a mhalairt) an scéil sin againn.

Fear amháin a bhíonn ar thimpeallán na mbainisteoirí sin go minic ná bainisteoir nua (agus isrbhainisteoir) na nDéise, Davy FitzGerald. Mar a scríobh mé cúpla seachtain ó shin luaitear a ainm go minic nuair a bhíonn aon fholúntas bainisteora ann. Dar ndóigh bhí na ráflaí ann go raibh sé ar an ngearrliosta don phost i bPort Láirge agus an babhta seo b’fhíor na ráflaí agus é ainmnithe don phost den dara huair seachtain ó shin. Níl aon dabht ach go bhfuil cumas ann mar bhainisteoir agus chuid maith buaite faoina stiúir i ngach contae ina raibh sé i gceannas. Thiocfadh leat a rá go bhfuil sé tugtha don iománaíocht, don rannpháirtíocht agus don bhua. 

Is minic sinn ag féachaint air ar an taobhlíne agus é céad fán gcéad sáite san imirt agus, dar ndóigh é istigh ar pháirc na himeartha ar uairibh chomh maith. Cé a dhéanfadh dearmad ar an scliúchas a tharla sa chluiche leathcheannais sraithe idir Loch Garman (faoi stiúir FitzGerald) agus Tiobraid Árann in 2017 agus é gob ar ghob le Jason Forde go luath sa chluiche. 

Bhí cúpla ‘focal’ agam féin leis le linn cluiche sraithe idir Luimneach agus an Clár in 2012, eachtra arbh é a críoch fear lár páirce Luimnigh James Ryan ag tabhairt gualainn do FitzGerald a leag go talamh é. Go deimhin is iomaí sin eachtra a raibh Fitzie ina lár, rud a thaispeánann cé chomh dáiríre is a thógann sé spórt seo na hiomána. Tugann na heachtraí éagsúla fianaise dá fhoireann go bhfuil sé go hiomlán ina gcúinne. Beidh sé amhlaidh leis na Déise, bí cinnte de sin. 

Agus níl aon dabht ach go bhfuil mianach i bhfoireann seo na nDéise cé nach bhfuil an beart mór déanta fós acu, nó ag aon fhoireann eile ón gcontae sin ó 1959. Agus dar ndóigh bhí cúpla foireann iontach ag an gcontae ach gur thiteadar ar fad ag an gclaí deiridh. Cé a dhéanfadh dearmad ar an bhfoireann ar a raibh imreoirí móra mar Ken McGrath, Tony Browne, Eoin Kelly, Dan Shanahan, Brick Walsh agus Paul Flynn? Tá réalta acu anois freisin ach fós tá ceisteanna le freagairt agus fadhbanna le réiteach ag FitzGerald agus lucht a chúlseomra 

Níor chuir sé aon am amú roimh tabhairt faoina chuid dualgaisí agus é i láthair i bPáirc Uí Fhearchair don chluiche idir Tulach an Iarainn agus Dún na Mainistreach /Baile na Cúirte an Domhnach seo caite. Ach ar an Luan beag seo tugadh le fios nach mbeidh fáil aige ar bheirt des na deartháireacha Bennett, Shane agus Kieran, mar go bhfuil an bheirt ag dul go dtí an Astráil ar feadh tréimhse. Beidh air cur leis an bpainéal a bhí ansin i mbliana. Is maith a thuigeann Davy é sin. Beidh an spotsolas air agus ar na Déise in 2023.

Beidh TG4 i nDurlas Éile amárach ag taispeáint dhá cluiche ós na grúpaí i dTiobraid Árann. Beidh S.C. Breacháin i gcoinne Loughmore-Castleiney [Luachma-Caisleán Laighnigh] agus Druim agus Inse i gcoinne Sháirséalaigh Dhurlas Éile.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt agus fadhbanna le réiteach ag Davy FitzGerald '

  • JP

    Galamaisíocht agus buaileam-sciath ar fad is ea Fitzgerald…Seó bóthair. Agus t’réis a chuid brainnsí go léir, an bhfuil sé chomh hiontach sin? Ní dhein sé job ró-mhaith de chailíní na camógaíochta i gCorcaigh, más ea! Na scileanna bunúsacha NÁR múineadh do roinnt de na cailíní a chaill an cluiche craoibhe dóibh i gcoinne na gCat, agus b’é Fitzgerald a bhí mar oilúnaí acu. Cén oiliúint a chuir sé orthu; conas an sliotar a árdach ón dtalamh? Gur cheart, nuair a bhíonn siad sa bhearna bhaoil, an sliotar a chur os comhair an bháire amach seachas í ‘ghlanadh scun scan i dtreo an taobhlíne? Is dá dheascaibh sin a ghnóthaigh na Cait scór na cinniúna. An amhlaidh nár féadfadh fear nó bean a dhiongbhála siúd a aimsiú in aon bhall i gContae mór leathan Chorcaí? A leithéid siúd a thabhairt anuas ó Chontae an Chláir ar airgead mór?
    Seafóid dhearg!
    Tá sé teoranta go maith mar anailísí teilifíse chomh maith, an port céanna i gcónaí aige. Aon fhear nach féidir leis é féin a chur in iúl go stuama AGUS go paisiúnta ag an am gcéanna… caith uaim é. Ní bheidh puinn measa ag na himreoirí air i ndeireadh thiar agus ‘caillfidh’ sé an seomra feistis gan mhoill. Ná bítear ag súil le haon ghaisce ó na Déise i mbliana!