Ceisteanna le freagairt ag Ó Muilleoir faoi ‘tvuít Kingsmill’, a deir an UUP

Dúirt Máirtín Ó Muilleoir gur chreid sé nach raibh aon bhaint ar chor ar bith ag tvuít chonspóideach leis an bpolaitíocht agus gur bunaithe ar an dtuiscint sin a rinne sé atvuíteáil uirthi

Ceisteanna le freagairt ag Ó Muilleoir faoi ‘tvuít Kingsmill’, a deir an UUP

Tá ráite ag an UUP gur cheart don iar-aire airgeadais agus Gaeilgeoir aitheanta Máirtín Ó Muilleoir freagracht a ghlacadh as atvuítáil a dhéanamh ar fhíseán faoi shléacht Kingsmill i 1976.

Fógraíodh tráthnóna go raibh tréimhse fionraíochta trí mhí á gearradh ag Sinn Féin ar an bhfeisire parlaiminte Barry McElduff, an té a scaip an físeán de féin agus builín aráin de dhéantús Kingsmill leagtha ar a cheann aige, cothrom an lae céanna 42 bliain ó shin ó tharla an sléacht in Ard Mhacha inar maraíodh deichniúr oibrithe as monarcha teicstíle agus iad ar a slí abhaile ón obair.

Dúirt gaolta na ndaoine a maraíodh go raibh an físeán “maslach” agus “míthrócaireach” agus dúirt cathaoirleach Shinn Féin Declan Kearney go raibh sé “domhaite agus dochosanta”.

Ghabh McElduff leathscéal as an bhfíseán a scaipeadh agus bhain sé anuas é. Rinne Máirtín Ó Muilleoir amhlaidh as an bhfíseán a atvúiteáil agus chuir sé a atvuít ar ceal.

Dúirt Ó Muilleoir gur chreid sé nach raibh aon bhaint ar chor ar bith ag an tvuít leis an bpolaitíocht agus gur bunaithe ar an dtuiscint sin a rinne sé atvuíteáil uirthi. 

“A luaithe agus a léiríodh dom gur mhaslaigh agus gur ghortaigh an tvuít daoine agus go raibh an rud ceart déanta ag Barry agus an tvuít glanta aige, rinne mé atvúiteáil ar a leithscéal agus ar ndóigh gabhaim leithscéal ó chroí faoin ngortú agus an phian a tharraing m’atvuít.”

Dúirt Príomh-Aoire an UUP sa Tionól Steve Aiken tráthnóna áfach gur leithscéal “suarach” a thug Ó Muilleoir.

Dúirt Aiken go raibh sé náireach nár ghearr Sinn Féin ar Barry McElduff ach tréimhse trí mhí fionraíochta agus gur léirigh a dteip aghaidh a thabhairt ar an mbaint a bhí ag Ó Muilleoir leis an scéal nach raibh “trua ar bith” acu d’íospartaigh Kingsmill ná a ngaolta.

“Ní haon amadán é Máirtín Ó Muilleoir. Is maith a thuigeann sé úsáid na meán sóisialta agus a dtionchar. Tá sé ar dhuine de na daoine is sinsearaí ag Sinn Féin i Stormont agus is deacair glacadh lena mhíniú ar a bhaint leis an scéal seo,” a dúirt Príomh-Aoire an UUP sa Tionól, Steve Aiken tráthnóna.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt ag Ó Muilleoir faoi ‘tvuít Kingsmill’, a deir an UUP'