Ceisteanna le freagairt ag an Taoiseach agus an Tánaiste faoi thitim Troy – Mary Lou McDonald

D’fhógair Robert Troy aréir go raibh sé ag éirí as a phost mar aire stáit sa Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta i bhfianaise na conspóide faoina chuid réadmhaoine

Ceisteanna le freagairt ag an Taoiseach agus an Tánaiste faoi thitim Troy – Mary Lou McDonald

Deir ceannaire Shinn Féin, Mary Lou McDonald, go bhfuil amhras mór faoi bhreithiúnas an Taoisigh agus an Tánaiste i ndiaidh éirí as an Aire Stáit Robert Troy.

D’fhógair Robert Troy aréir go raibh sé ag éirí as a phost mar aire stáit sa Roinn Fiontraíochta, Trádála agus Fostaíochta i bhfianaise na conspóide faoina chuid réadmhaoine.

Tá Troy faoi bhrú mór le nach mór coicís mar gheall nach ndearna sé leas a dhearbhú mar ba chóir i gcás a chuid réadmhaoine.

Dúirt an freasúra gur chóir go ndéanfadh an Coiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú sa Dáil an cás a iniúchadh.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur léir go gcaithfeadh Troy éirí as agus gur fhág an scéal go raibh “ceisteanna an-tromchúiseacha” ann faoi bhreithiúnas an Taoisigh Micheál Martin agus an Tánaiste Leo Varadkar.

“Ó thús deireadh thug an Taoiseach agus an Tánaiste lántacaíocht do Robert Troy agus mhaígh siad gur ‘aire den chéad scoth a bhí ann'”, arsa Mary Lou McDonald.

Mhaígh ceannaire Shinn Féin nach gcuirfeadh éirí as Troy deireadh leis na ceisteanna faoi bhreithiúnas an Taoisigh agus an Tánaiste.

Dúirt Robert Troy go raibh deich lá “an-deacair” curtha isteach aige. Dúirt sé nach raibh aon ní le ceilt aige agus gurb é an rud ba mheasa a rinne sé ná gur theip air “dícheall cuí” a dhéanamh.

“Bheadh aon bhotún amháin inmhaite ach is é líon na mbotún a rinne mé féin go díreach nó go hindíreach a thug orm an cinneadh seo a dhéanamh,” arsa Robert Troy.

Dúirt sé gur “botúin dhaonna” a bhí i gceist agus nach d’aon turas a rinne sé iad.

Ghabh sé buíochas leis an Taoiseach, an Tánaiste agus comhghleacaithe eile as a gcuid tacaíochta

Dúirt an tAire Leanaí Roderic O’Gorman ar maidin go raibh “an cinneadh ceart” déanta ag Troy i bhfianaise na conspóide faoina dhearbhuithe oifigiúla.

Dúirt O’Gorman go raibh an chonspóid ag cur as d’obair an Rialtais ar Bhuiséad na míosa seo chugainn.

Dúirt Robert Troy go raibh sé breá sásta i gcónaí ceisteanna a fhreagairt ón gCoimisiúin um Chaighdeáin in Oifigí Poiblí agus ón mBord um Thionóntachtaí Cónaithe. Thabharfadh sé ráiteas iomlán faoin scéal don Dáil freisin, dá mba ghá, a dúirt sé.

Dúirt an Teachta Dála don Longfort-An Iarmhí nach ndéanfadh sé aon leithscéal faoi bheith ina thiarna talún.

Dúirt sé gur thuig sé a íogaire is a bhí ceist na tithíochta faoi láthair ach nárbh é “damnú na dtiarnaí talún réiteach na faidhbe”.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le freagairt ag an Taoiseach agus an Tánaiste faoi thitim Troy – Mary Lou McDonald'