Ceisteanna le cur faoi ‘struchtúr’ Údarás na Gaeltachta i dTithe an Oireachtais

Deir Cathaoirleach Coiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh gur gá a chinntiú go bhfuil ‘struchtúr’ an Údaráis i ann don ‘tasc atá roimhe’ agus nach bhfuil deacrachtaí ‘inseachanta’ ag cur isteach ar iarrachtaí na ceantair Ghaeltachta a fhorbairt

Ceisteanna le cur faoi ‘struchtúr’ Údarás na Gaeltachta i dTithe an Oireachtais

Beidh Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta tráthnóna inniu le plé á dhéanamh ar ‘cúraimí agus struchtúr’ na heagraíochta.

Dúirt Cathaoirleach an Chomhchoiste, Aengus Ó Snodaigh TD, go raibh pobal na Gaeltachta “ag brath go mór” ar an Údarás leis an “geilleagar áitiúil” a fhorbairt agus “daoine óga a choinneáil” sa Ghaeltacht.

“Tá cúraimí ar leith ar Údarás na Gaeltachta agus níl amhras ar bith ann ach go bhfuil pobal na Gaeltachta ag brath go mór ar an Údarás chun cabhrú leis an ngeilleagar áitiúil a fhorbairt, na daoine óga a choimeád sna ceantair éagsúla agus an tacaíocht eacnamaíoch agus teangeolaíoch is gá a fháil,” a dúirt urlabhraí Gaeilge agus Gaeltachta Shinn Féin.

Dúirt Ó Snodaigh gur gá a chinntiú go bhfuil “struchtúr an Údaráis inniúil ar an tasc atá roimhe” agus nach bhfuil deacrachtaí “inseachanta” ag cur isteach ar iarrachtaí na ceantair Ghaeltachta a fhorbairt “mar cheantair fhorásacha mhealltacha”.

Beidh Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh, á cheistiú maidir leis an bhille teanga agus na bealaí a bhféadfaí cearta teanga agus cearta eacnamaíochta phobal na Gaeltachta a láidriú sa reachtaíocht nua.

Tuigtear do Tuairisc.ie chomh maith go mbeidh plé á dhéanamh ag cruinniú an lae inniu ar dhá rún atá molta faoi Fhoras na Gaeilge agus a chur chuige maidir le maoiniú eagraíochtaí Gaeilge faoin Scéim Pobal Gaeilge.

An Seanadóir Niall Ó Donnghaile, a chuir an dá rún chun cinn, bunaithe ar an méid a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, ag cruinniú an Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an tseachtain seo caite.

D’iarr de Spáinn ar bhaill an choiste go ndéanfaí “rún a rith” le tacú leis an obair mhaith atá ar siúl ag na grúpaí SPG agus go ndéanfaí éileamh ar an Aire Gaeltachta Catherine Martin agus ar an Aire Stáit Jack Chambers “seasamh isteach” agus a chur in iúl d’Fhoras na Gaeilge go gcaithfidís maoiniú breise a chur ar fáil don eagraíocht in 2021.

Beidh Foras na Gaeilge ag teacht os comhair Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an tseachtain seo chugainn agus déanfar plé ar mhaoiniú na n-eagraíochtaí SPG i measc ábhar eile.

cosaint déanta ag Foras na Gaeilge ar a gcur chuige maidir le maoiniú na n-eagraíochtaí Gaeilge atá ag feidhmiú faoin Scéim Pobal Gaeilge i ndiaidh d’ Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge an Foras a cháineadh as “ciorruithe suaracha” a chur i bhfeidhm.

Dúirt Foras na Gaeilge go dtuigeann siad gur chuir na ciorruithe a rinneadh ar eagraíochtaí Gaeilge “brú mór” orthu ach gurb amhlaidh gur chinntigh cur chuige an Fhorais go raibh “níos mó” grúpaí ag cur na Gaeilge chun cinn faoin scéim ná mar a bhí roimhe sin.

Idir an dá linn, tuigtear go mbeidh leasuithe an rialtais ar an bhille teanga le tabhairt chuig céim an choiste ar an 25 Samhain.

Cé go raibh amhras ann faoi cén coiste ar a mbeadh cúraimí an bhille, tá sé deimhnithe ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go mbeadh leasuithe ar an bhille á bplé ag Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Ceisteanna le cur faoi ‘struchtúr’ Údarás na Gaeltachta i dTithe an Oireachtais'